EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhlachtaí comhairleacha AE

 

ACHOIMRE

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá seacht n-institiúid ag AE atá freagrach as réimsí éagsúla um reachtóireacht agus um cheapadh beartas.

Ina theannta sin tá dhá chomhlacht chomhairleacha aige a dhéanann ionadaíocht do chodanna éagsúla de shochaí AE agus a thugann tuairimí faoi bheartais agus faoi reachtaíocht ach nach bhfuil ina gceangal de réir dlí.

Ról

Tá trí phríomhfhreagracht ag CESE:

  • comhairle a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa do Chomhairle AE agus don Choimisiún Eorpach;
  • forbairt AE a chur chun cinn a bhfuil níos mó tuisceana aige ar thuairimí shaoránaigh AE trí ghuth a thabhairt d’eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí agus do ghrúpaí sainleasa eile i bplé ar bheartais;
  • idirphlé leanúnach a chinntiú idir AE agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus tacú lena ról agus ról na rannpháirtíochta níos leithne sa daonlathas.

Ballraíocht

  • 350 comhalta i CESE. Cinneann an Chomhairle dáileadh na suíochán in aghaidh na tíre AE.
  • Déanann comhaltaí ionadaíocht ar son eagraíochtaí oibrithe agus fostóirí, chomh maith le grúpaí sainleasa ón tsochaí shibhialta, go háirithe i limistéir shocheacnamaíocha, shibhialta, ghairmiúla agus chultúrtha.
  • Is é a rialtais náisiúnta a ainmníonn na comhaltaí agus ceapann an Chomhairle iad ar feadh téarma 5 bliana is féidir a athnuachan.

Gníomh

  • Bíonn naoi seisiún iomlánacha ag CESE in aghaidh na bliana.
  • Téann Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún i gcomhairle le CESE maidir le hábhair éagsúla.
  • Eisíonn sé tuairimí dá chonlán féin chomh maith.

Ról

Tugann Coiste na Réigiún guth foirmiúil do réigiúin agus do chathracha i bpróiseas cinnteoireachta AE, agus léiríonn sé staideanna agus riachtanais na n-údarás réigiúnach agus áitiúil sna tuairimí a chuireann sé faoi bhráid institiúidí AE.

Ballraíocht

  • 350 comhalta i gCoiste na Réigiún. Cinneann an Chomhairle dáileadh na suíochán in aghaidh na tíre AE.
  • Is ionadaithe tofa údarás áitiúil agus réigiúnach iad na comhaltaí.
  • Is é a rialtais náisiúnta a ainmníonn na comhaltaí agus ceapann an Chomhairle iad ar feadh téarma 5 bliana is féidir a athnuachan.

Gníomh

Bíonn sé sheisiún iomlánacha ag CESE in aghaidh na bliana.

Téann an Coimisiún, an Chomhairle nó Parlaimint na hEorpa i gcomhairle le Coiste na Réigiún ar bhonn éigeantach maidir le tograí reachtacha a bhaineann le réimsí beartais amhail:

  • sláinte,
  • oideachas,
  • fostaíocht,
  • beartas sóisialta,
  • iompar,
  • fuinneamh.

D’fhéadfadh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún maidir le ceisteanna lasmuigh de na réimsí sin chomh maith. D’fhéadfadh sé tuairimí dá chonlán féin a eisiúint chomh maith.

A luaithe is a fhaigheann Coiste na Réigiún togra maidir le reachtaíocht eisíonn sé tuairim a chuirtear chuig na hinstitiúidí ábhartha.

Féadfaidh Coiste na Réigiún dhá chineál caingne a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:

Nuashonraithe 20.01.2016

Top