Help Print this page 
Title and reference
Parlaimint na hEorpa

Summaries of EU legislation: direct access to the main summaries page.
Multilingual display
Text

Parlaimint na hEorpa

RÉAMHRÁ

Is í Parlaimint na hEorpa an institiúid a dhéanann ionadaíocht go díreach do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh (AE). Gach cúig bliana, toghtar feisirí de Pharlaimint na hEorpa ag na saoránaigh. Tá líon feisirí ar leith socraithe le haghaidh gach Ballstáit.

Rinneadh cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa a fhorbairt trí bhíthin athbhreithnithe ar chonarthaí Eorpacha. Tá an leibhéal céanna cumhachta ag an Pharlaimint anois is atá ag an Chomhairle sa chuid is mó de réimsí inniúlachta an AE. An Pharlaimint, in éineacht leis an Chomhairle, a chinneann buiséad an Aontais. Cinntíonn an Pharlaimint go ndéantar rialú polaitiúil ar an Choimisiún.

COMHDHÉANAMH

Is casta an t-ábhar é dáileadh na suíochán sa Pharlaimint idir na Ballstáit agus ba mhinic a ndearnadh díospóireacht ar an ábhar seo agus conarthaí á n-athbhreithniú. I dtús báire, caithfidh go gcaomhnaíonn an dáileadh seo comhréireacht shásúil idir na suíocháin dá ndáiltear do na Ballstáit agus líon daonra na mBallstát sin. Ina theannta sin, caithfidh an dáileadh a chur ar chumas na Parlaiminte machnamh a dhéanamh ar cheisteanna tábhachtacha polaitiúla, fiú i gcás na mBallstát a bhfuil líon beag daonra acu. Mar chríoch, ní ceadmhach le líon iomlán na bhfeisirí a bheith níos mó ná uimhir áirithe ar mhodh is nach gcuirtear isteach ar éifeachtúlacht obair na Parlaiminte.

Tar éis do Chonradh Liospóin a theacht i bhfeidhm, níl dáileadh na suíochán idir na Ballstáit ann sna conarthaí a thuilleadh. Ní mór é a chinneadh d’aonghuth anois, cinneadh a nglactar leis ag an Chomhairle Eorpach, ar thogra na Parlaiminte agus lena formheas.

Cuirtear ar bun sa chonradh na bunrialacha a bhaineann le comhdhéanamh na Parlaiminte:

  • tá uaslíon na bhfeisirí socraithe ag 751 dhuine, Uachtarán na Parlaiminte san áireamh;
  • tá íoslíon na suíochán in aghaidh an Bhallstáit socraithe ag 6;
  • tá uaslíon na suíochán in aghaidh an Bhallstáit socraithe ag 96;
  • ba cheart dáileadh na suíochán a bheith bunaithe ar phrionsabal na comhréireachta ar bhonn céimlaghdaitheach. Is ionann é sin agus a rá, dá mhéad daonra Stáit, is amhlaidh is mó feisirí a bheidh aige agus is amhlaidh is mó daoine a bheidh ionadaithe ag feisire an Stáit.

Tar éis don Chróit a theacht leis an Aontas i mí Iúil 2013, bhí ann do 766 fheisire Eorpach ar feadh tamaill. Tar éis na dtoghchán Eorpach i mí na Bealtaine 2014, thit an líon feisirí seo go 751 nuair a chaill gach tír de na 12 thír seo suíochán amháin (an Rómáin, an Ghréig, an Bheilg, an Phortaingéil, Poblacht na Seice, an Ungáir, an Ostair, an Bhulgáir, Éire, an Chróit, an Liotuáin agus an Laitvia) agus nuair a chaill an Ghearmáin trí shuíochán.

CÚRAIMÍ

Neartaigh Conradh Liospóin daonlathacht an AE trí mheán sainphribhléidí Pharlaimint na hEorpa a leathadh. Tugtar an t-ainm nua gnáthnós imeachta reachtach ar nós imeachta na comhchinnteoireachta a deir go bhfuil cothromaíocht ann idir an Pharlaimint agus an Chomhairle. Baintear leas anois as an ghnáthnós imeachta reachtach i mbreis is 40 réimse nua, amhail an talmhaíocht, slándáil an fhuinnimh, an inimirce, an ceartas, gnóthaí inmheánacha, an tsláinte phoiblí agus cistí struchtúrtha (féach nósanna imeachta reachtacha). Chomh maith leis sin, idiragraíonn an Pharlaimint maidir le hachtanna a nglactar leo de réir na nósanna imeachta reachtacha speisialta, trí bhíthin a tuairim a thabhairt (nós imeachta comhairliúcháin) nó trína formheas (nós imeachta formheasa).

Go hidirnáisiúnta, tá sraith iomlán comhaontuithe le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta le formheas ag an Pharlaimint, mar na comhaontuithe comhlachais nó comhaontuithe i réimsí a chuimsíonn an gnáthnós imeachta reachtach (mar shampla comhaontuithe tráchtála) nuair a bhíonn formheas na Parlaiminte ag teastáil. Lena chois sin, caithfear dul i gcomhairle léi maidir le gach cineál eile de chomhaontuithe idirnáisiúnta.

Neartaíodh cumhachtaí buiséadacha na Parlaiminte buíochas le Conradh Liospóin. Tá cothromaíocht ann anois chomh maith, idir an Pharlaimint agus an Chomhairle, maidir le hiomlán an nóis imeachta chun glacadh le buiséad bliantúil an AE, ní amháin do chaiteachas neamhéigeantach a thuilleadh. Sular cuireadh Conradh Liospóin i bhfeidhm, ní raibh an focal scoir ag an Pharlaimint faoi chaiteachas neamhéigeachtach, go háirithe le haghaidh na talmhaíochta nó comhaontuithe idirnáisiúnta (timpeall 45 % de bhuiséad iomlán an Aontais). An t-aon rud a mbíodh sí in ann a dhéanamh ná athruithe a mholadh ina leith. Tá an nós imeachta simplithe anois agus léitear uair amháin é sa Pharlaimint agus sa Chomhairle nó ag coiste idir-réitigh (Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an AE).

Lena chois sin, neartaíodh cumhacht na Parlaiminte maidir le rialú polaitiúil ar an Choimisiún Eorpach. Toghtar Uachtarán an Choimisiúin, tar éis moladh a fháil ón Chomhairle Eorpach agus torthaí na dtoghchán Eorpach á gcur san áireamh. Mar sin, ceadaíonn an Pharlaimint insealbhú an Choimisiúin ina iomlán. Mar chuid den phróiseas seo, déantar Ardionadaí don bheartas eachtrach agus do shlándáil an chomhphobail a ainmniú chomh maith, ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhthráth é nó í. I gcomhréir le hAirteagal 234 den Chonradh ar Fheidhmiú an AE, is féidir leis an Pharlaimint an Coimisiún a aisiompar chomh maith trí mheán tairiscint cáinte a thabhairt ina éadan.

Ar deireadh, tá cúraimí níos mó ag an Pharlaimint maidir le hathbhreithniú chonarthaí bunaidh an AE. Tá ceart tionscnaimh aici agus, mar sin, is féidir léi athbhreithniú conarthaí a mholadh. Is ball den Choinbhinsiún í a scrúdaíonn na tionscadail a cuireadh isteach faoin ghnáthnós imeachta um athbhreithniú na gconarthaí. De réir an nóis imeachta seo, ní mór dul i gcomhairle leis an Pharlaimint chun na conarthaí a mhionathrú.

TÁBLA ACHOMAIR

-

Airteagail

Ábhar

Conradh ar an AE

14

Ról agus comhdhéanamh na Parlaiminte

Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

223 go 234

Feidhmiú Pharlaimint na hEorpa

ACHT GAOLMHAR

2013/312/AE: Cinneadh ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2013 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa [Iris Oifigiúil L 181, 29.06.2013, lch. 57].

Nuashonrú is déanaí: 08.05.2014

Top