EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte AE maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn

 

ACHOIMRE AR:

Treoirlínte nuashonraithe AE maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn

Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE)

CAD IS AIDHM LEIS NA TREOIRLÍNTE AGUS LE HAIRTEAGAL 3 DE CAE?

Leagtar amach uirlisí oibriúcháin sna treoirlínte lena gcuirfear ar chumas AE comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta (DDI) a chur chun cinn trína chaidreamh leis an gcuid eile den domhan.

Tá na treoirlínte dírithe ar gach duine atá ag glacadh gnímh i gcomhthéacs chaidreamh AE leis an gcuid eile den domhan, d’fhonn tionchar na coinbhleachta armtha ar shaoránaigh agus ar phríosúnaigh a shrianadh. Déantar treoirlínte agus comhsheasaimh eile arna nglacadh ag AE maidir le cearta an duine (mar shampla maidir le céasadh agus pionós an bháis) a chomhlánú leo.

Liostaítear na luachanna ar ar bunaíodh AE in Airteagal 3(5) CAE, lena n–áirítear na cinn atá á gcur chun cinn aige i gcomhthéacs a chaidrimh sheachtraigh. I measc na luachanna sin tá na prionsabail seo a leanas — saoirse, daonlathas, meas ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha agus an smacht reatha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann na treoirlínte le gníomhairí poiblí (institiúidí AE san áireamh) nó neamhstáit (eagraíochtaí neamhrialtais, etc.) atá ag oibriú in AE.

Tionchair na coinbhleachta armtha a laghdú

Tugtar Dlí na Coinbhleachta Armtha nó Dlí an Chogaidh ar DDI chomh maith. Déantar meáin agus modhanna na cogaíochta a rialú leis, d’fhonn tionchar na coinbhleachta armtha a laghdú. Trí chomhlíonadh na bprionsabal dlí sin, ba cheart go mbeifí in ann daoine a chosaint nach bhfuil páirteach i gcoinbhleachtaí, nó nach bhfuil páirteach iontu a thuilleadh (amhail saoránaigh agus príosúnaigh an chogaidh).

Tá feidhm ag DDI i leith an mhéid a leanas:

  • coinbhleachtaí armtha, cibé an dtarlaíonn siad idir thíortha nó laistigh de thír aonair, agus beag beann ar bhunús na coinbhleachta; tá coinbhleachtaí armtha idirnáisiúnta agus coinbhleachtaí armtha inmheánacha faoi réir córais dlí dhifriúla, áfach;
  • forghabháil críoch a bhfuil baint acu le coinbhleachtaí armtha.

Sa bhreis air sin, féadfaidh na dlíthe idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a bheith infheidhme tráth na síochána agus tráth an chogaidh araon. Déantar DDI a chomhlánú leo.

Treoirlínte oibriúcháin

Tá AE tiomanta do chur chun feidhme éifeachtach DDI. Ar an gcéad dul síos, ní mór do na gníomhairí lena mbaineann faisnéis mhionsonraithe a bhailiú faoi choinbhleachtaí agus tuarascálacha, measúnuithe agus moltaí le haghaidh gnímh a dhréachtú. Baineann sé sin leis an méid a leanas:

Tá roinnt modhanna gníomhaíochta ar fáil do AE:

  • idirphlé polaitiúil le tíortha neamh-AE, i dtréimhsí coinbhleachta agus i dtréimhsí síochána araon;
  • ráitis phoiblí ghinearálta trína seasann AE i bhfabhar an dlí daonnúil a chomhlíonadh;
  • tionscnaimh agus ráitis phoiblí trína ndéanann AE cásanna nó gníomhartha áirithe a cháineadh;
  • bearta sriantacha agus smachtbhannaí ar féidir iad a chur i bhfeidhm i leith stát nó daoine aonair atá páirteach i gcoinbhleacht. Ní foláir nó go bhfuil na bearta sin iomchuí agus de réir an dlí idirnáisiúnta;
  • comhar le comhlachtaí idirnáisiúnta;
  • oibríochtaí bainistithe géarchéime lena bhféadfaí misin chun faisnéis a bhailiú a chuimsiú, a bheadh úsáideach don Chúirt Chóiriúil Idirnáisiúnta (ICC) nó chun coireanna cogaidh a imscrúdú;
  • daoine aonair a ionchúiseamh atá freagrach as an dlí daonnúil idirnáisiúnta a shárú;
  • oiliúint agus oideachas a chur ar dhaonraí, ar phearsanra míleata agus ar oifigigh forfheidhmithe dlí;
  • díol arm a rialú, de réir Chomhsheasaimh 2008/944/CBES lena n–éilítear go mbeadh ar thíortha a onnmhairíonn airm ceadúnais onnmhairiúcháin a bheith acu atá faoi réir chomhlíonadh chearta an duine.

Freagracht aonair i gcás coinbhleachta

Déantar roinnt sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a shainmhíniú mar choireanna cogaidh. Féadfaidh siad sin tarlú sna cúinsí céanna is a dtarlaíonn cinedhíothú nó coireanna in aghaidh an chine dhaonna. Ní mór do thíortha AE a áirithiú go dtabharfar daoine atá freagrach as coireanna cogaidh os comhair a gcúirteanna intíre, cúirteanna tíre eile nó ICC.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I — Forálacha coitinne — Airteagal 3 (iar-Airteagal 2 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 17)

Treoirlínte Nuashonraithe ón Aontas Eorpach maidir le comhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta (DDI) a chur chun cinn (IO C 303, 15.12.2009, lgh. 12-17)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2011/168/CBES ón gComhairle an 21 Márta 2011 maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus lena n–aisghairtear Comhsheasamh 2003/444/CBES (IO L 76, 22.3.2011, lgh. 56-58)

Nuashonraithe 02.03.2018

Top