EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tuairisceáin staidrimh i ndáil le hearraí agus paisinéirí a iompar de mhuir

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/42/CE — tuairisceáin staidrimh i ndáil le hearraí agus paisinéirí a stopann ag calafoirt AE

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach inti conas a thiomsaíonn tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) staidreamh maidir le hiompar de mhuir earraí agus paisinéirí a stopann ag calafoirt AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Na sonraí

  • Baineann na sonraí staidrimh seo le faisnéis lasta agus paisinéirí, agus faisnéis maidir leis an soitheach féin. Sainítear saintréithe an bhailiúcháin sonraí sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an treoir seo, lena n-áirítear:
    • ollmheáchan agus cur síos ar na hearraí;
    • tuairisciú calafoirt;
    • cineál aicmiú lasta;
    • líon na bpaisinéirí;
    • cineál agus méid na soithí.
  • D’fhéadfaí soithí a mbaineann olltonnáiste faoi bhun 100 tona a fhágáil amuigh as an mbailiúchán sonraí.

Bailiúchán

  • Tá an Coimisiún Eorpach freagrach as liosta a dhréachtú de gach calafort AE a bhfuil sonraí achomair le cur ar fáil ina leith. Lena chois sin, ní mór do gach tír AE calafort ar bith a roghnú ón liosta seo a mbaineann an méid seo a leanas leo:
    • láimhseálann siad os cionn milliún tona earraí; nó,
    • taifeadann siad os cionn 200 000 gluaiseacht paisinéirí gach bliain.
  • Beidh na calafoirt a roghnófar faoi réir bailiúchán sonraí níos mionsonraithe ansin.

Na sonraí a chur ar aghaidh

  • Ní mór do thíortha AE torthaí an bhailiúcháin a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún (Eurostat):
    • laistigh de 5 mhí ó dheireadh na tréimhse breithnithe le haghaidh na sonraí a bhailítear ar bhonn ráithiúil;
    • laistigh de 8 mí le haghaidh sonraí a bhailítear ar bhonn bliantúil.
  • Ní mór do thíortha AE Eurostat a chur ar an eolas faoi na modhanna a úsáideadh chun na sonraí a thiomsú, chomh maith le sonraí ar bith ar athruithe substaintiúla ar na modhanna a úsáideadh. Ní mór do Eurostat na staitisticí cuí a bailíodh a fhoilsiú ansin.
  • Leasaíodh an treoir le Rialachán (AE) Uimh. 1090/2010 d’fhonn bailiúcháin sonraí maidir le hearraí a iompraítear de mhuir le soitheach farraige a chur ar aon dul le modhanna eile iompair.
  • Cinneadh 2010/216/AE lena leasaítear roinnt saintréithe teicniúla maidir leis an mbailiúchán sonraí, lena n-áirítear na cóid atá le húsáid le haghaidh náisiúntacht chlárúchán na soithí agus an struchtúr do thacair shonraí.
  • Cinneadh 2012/186/AE lena leasaítear cuid de na toisí staidrimh a úsáideadh sa bhailiúchán sonraí agus lena soiléirítear roinnt sainmhínithe agus cineálacha aicmiú lasta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá Treoir 2009/42/CE i bhfeidhm ón 26 Meitheamh 2009. Is leagan athmhúnlaithe é de Threoir 95/64/CE — agus a leasuithe ina dhiaidh sin — a bhí le corprú sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1996.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hearraí agus paisinéirí a iompar de mhuir (athmhúnlú) IO L 141, 6.6.2009, lgh. 29-47)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/42/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a tugadh don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1090/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/42/CE maidir le tuairisceáin staidrimh i ndáil le hearraí agus paisinéirí a iompar de mhuir (COM(2015)362 final an 28.7.2015

Nuashonraithe 01.03.2017

Top