EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Oibriú aersheirbhísí: Rialacha ar fud AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí san Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar síos leis rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí san Aontas Eorpach (AE), lena n–áirítear ceadúnú aeriompróirí AE agus trédhearcacht ó thaobh praghsanna de.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceadúnais oibríochta agus léasú aerárthaí

  • Déantar na critéir maidir le bronnadh agus bailíocht ceadúnas oibríochta aerlínte in AE a chomhchuibhiú.
  • Áirítear leis na coinníollacha a bhaineann le bronnadh agus bailíocht ceadúnas oibríochta in AE:
    • teastas bailí aeroibreora a bheith ag an aerlíne, ina leagtar amach na gníomhaíochtaí atá cumhdaithe sa cheadúnas oibríochta;
    • an aerlíne a bheith faoi úinéireacht agus á rialú ag tíortha AE agus ag náisiúnaigh thíortha AE; agus
    • roinnt coinníollacha airgeadais a chomhlíonadh.
  • Mura gcloítear leis an gceadúnas oibríochta, féadfar an ceadúnas a chur ar fionraí nó a aistarraingt ar deireadh.
  • Is féidir aerárthaí atá cláraithe in AE a fháil ar léas. Ach ní féidir aerárthaí neamh–AE a fháil ar léas ach faoi chúinsí speisialta, mar shampla, chun riachtanais shéasúracha acmhainne a chomhlíonadh. Sa chás sin, ní mór don aeriompróir AE atá faoi thrácht a thaispeáint don údarás ábhartha inniúil go gcloíonn an t–aerárthach le caighdeáin sábháilteachta uile an Aontais Eorpaigh.

Trédhearcacht ó thaobh praghsanna de

  • Tá cead ag na haerlínte praghas a leagadh amach dá n–aersheirbhísí laistigh den Aontas Eorpach.
  • Ní mór praghas deiridh — agus téarmaí agus coinníollacha iompair — na haersheirbhíse a fhoilsiú, leis na rudaí seo a leanas san áireamh ann: cánacha, muirir aerfoirt, agus na muirir agus formhuirir atá dosheachanta agus intuartha ag am na háirithinte. Ina theannta sin, ní mór d’aeriompróirí miondealú a dhéanamh ar na gnéithe praghais dosheachanta agus intuartha a bheidh sa phraghas deiridh.
  • Ní mór forlíontaí roghnacha praghais a chur in iúl ar bhealach soiléir trédhearcach ag tús áirithint ar bith agus ní mór dóibh a bheith curtha ar fáil ar bhonn “um rogha a bheith páirteach”.
  • Ní ceadmhach idirdhealú praghsanna a dhéanamh bunaithe ar náisiúntacht nó ar áit chónaithe an chustaiméara, ná ar áit ghnó ghníomhaire an aeriompróra nó díoltóra eile ticéad.
  • Ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcloítear le rialacha praghsála; ní mór pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm i gcomhair sáruithe.

Oibleagáidí seirbhíse poiblí

  • Féadfaidh tír AE oibleagáid seirbhíse poiblí a fhorchur maidir le haerbhealach sceidealaithe idir aerfort AE agus aerfort i réigiún forimeallach nó forbartha ina críoch, nó maidir le bealach tanaí chuig aerfort ina críoch, má mheastar go bhfuil íos–sheirbhísí ar an mbealach sin ríthábhachtach d’fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta an réigiúin ina bhfuil an t–aerfort suite.
  • Ní mór do thír AE measúnú a dhéanamh ar a riachtanaí agus a leordhóthanaí agus atá an oibleagáid seirbhíse poiblí atá beartaithe.
  • Sa chás nach bhfuil suim ag aon aeriompróir in oibriú an bhealaigh sin, bealach a bhfuil oibleagáidí curtha i bhfeidhm ina leith, féadfaidh an tír lena mbaineann cead a thabhairt d’aeriompróir amháin an bealach sin a oibriú ar feadh tréimhse 4 bliana nó níos lú agus cúiteamh a thabhairt don aeriompróir as na caillteanais oibríochtúla a bhaineann leis an oibleagáid seirbhíse poiblí. Ní mór an t–oibreoir a roghnú trí thairiscint phoiblí ar leibhéal AE.

Aerthrácht a dháileadh idir aerfoirt

Is féidir le tíortha AE dáileadh an aerthráchta idir aerfoirt a rialú ar an gcoinníoll, go sonrach:

  • go bhfreastalaíonn siad ar an gcathair nó comhchathair chéanna;
  • go bhfreastalaíonn bonneagar leordhóthanach iompair orthu agus go bhfuil siad nasctha lena chéile agus leis an gcathair nó comhchathair lena mbaineann, le seirbhísí iompair phoiblí iontaofa éifeachtúla a théann go minic;
  • go n-urramaítear leis an gcinneadh maidir le dáileadh an aerthráchta a rialú, prionsabail na comhréireachta agus na trédhearcachta, agus go bhfuil sé bunaithe ar chritéir oibiachtúla.

COVID-19 — bearta speisialta

Le Rialachán (AE) 2020/696 agus Rialachán Tarmligthe 2020/2114 agus Rialachán Tarmligthe 2020/2115 ón gCoimisiún déantar leasú sealadach ar Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 chun cuidiú le haerlínte agus le haerfoirt déileáil leis an laghdú tobann ar an aerthrácht de dheasca phaindéim COVID-19.

Leis an rialacháin sin:

  • déantar leasú sealadach ar na rialacha maidir le ceadúnú aeriompróirí i gcás deacrachtaí airgeadais de dheasca phaindéim COVID-19. Cuirtear ar fionraí ar bhonn sealadach an oibleagáid ar thíortha AE maidir le ceadúnas oibriúcháin iompróra ar bith a bhfuil deacrachtaí airgeadais aige a chur ar fionraí nó a chúlghairm nó ceadúnas sealadach a chur ina ionad, ar an gcoinníoll nach gcuirfear an tsábháilteacht i mbaol. Leis sin seachnófar ualaí riaracháin gan ghá d’údaráis agus d’aeriompróirí;
  • tugtar isteach maolú sealadach ó na nósanna imeachta atá i bhfeidhm i gcás gur mian le tíortha AE coinníollacha a dhiúltú nó a fhorchur maidir le feidhmiú ceart tráchta chun déileáil le cásanna éigeandála gearrthéarmacha. Féadfaidh tíortha AE bearta éigeandála a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse nach faide ná 14 lá ach ní fhéadfar bearta den sórt sin bheith i bhfeidhm ach chomh fada is a bheidh rioscaí soiléire i gceist don tsláinte phoiblí a bhaineann leis an bpaindéim. Ní mór go gcloífidh bearta éigeandála ar bith le prionsabal na comhréireachta agus le prionsabal na trédhearcachta agus go mbeidh siad bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha;
  • tugtar isteach rialacha sealadacha úra maidir le soláthar seirbhísí láimhseála ar an talamh chun cuidiú le haerfoirt leanúint lena ngníomhaíochtaí i gcomhthéacs ráig COVID-19.
    • trí chead a thabhairt d’aerfoirt na conarthaí reatha maidir le soláthraithe seirbhíse láimhseála ar an talamh a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2022, agus
    • i gcás féimheacht cuideachta seirbhíse láimhseála ar an talamh, trí chead a thabhairt don aerfort soláthraí seirbhíse láimhseála ar an talamh nua a roghnú go díreach ar feadh tréimhse 6 mhí ar a mhéad nó go dtí an 31 Nollaig 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 01 Samhain 2008.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (Athmhúnlú) (IO L 293, 31.10.2008, lgh. 3-20)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 14.01.2021

Top