EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cúram sláinte i dtíortha AE eile — cearta othar

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2011/24/AE maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar amach inti na coinníollacha faoinar féidir le hothar taisteal chuig tír AE eile chun cúram leighis sábháilte ar ardchaighdeán a fháil agus go n-aisíocfaí na costais leo óna scéim árachais sláinte féin.
  • Spreagtar comhoibriú inti chomh maith idir córais náisiúnta cúram sláinte.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór don tír AE a sholáthraíonn an chóireáil a chinntiú:
    • go bhfuil an fhaisnéis uile atá riachtanach ar fáil d’othair chun rogha eolasach a dhéanamh lena n-áirítear maidir le roghanna cóireála, infhaighteacht, caighdeán agus sábháilteacht an chúraim shláinte arna sholáthar, praghsanna, údarú nó stádas cláraithe;
    • go bhfuil nósanna imeachta trédhearcacha um ghearáin ann;
    • go bhfuil árachas dliteanais ghairmiúil nó ráthaíochtaí comhchosúla i bhfeidhm;
    • go n-urramaítear príobháideachas sonraí pearsanta;
    • go mbíonn rochtain ag othair ar thaifead scríofa nó leictreonach faoin gcóireáil a chuirtear orthu;
    • tá scála na dtáillí cúraim shláinte a ghearrtar mar an gcéanna le hothair intíre atá i riocht míochaine inchomparáide, nó ríomhtar an praghas a ghearrtar de réir critéar oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach mura bhfuil aon phraghas inchomparáide ann d’othair intíre.
  • Ní mór don tír AE ina bhfuil an t-othar faoi árachas a chinntiú:
    • go n-aisíocfar costas an chúraim shláinte a sholáthraítear;
    • go bhfuil faisnéis maidir le cearta agus teidlíochtaí othar ar fáil;
    • go bhfuil rochtain ag othair ar aon iarchóireáil riachtanach leighis ar bith is gá;
    • go bhfuil rochtain ag othair ar a dtaifid leighis.
  • Tá pointí teagmhála náisiúnta ann chun faisnéis a chur ar fáil agus chun dul i gcomhairle le heagraíochtaí othar agus soláthraithe cúram sláinte agus árachóirí.
  • Tugann soláthraithe cúraim shláinte an fhaisnéis uile is gá d’othair ionas gur féidir leo cinneadh eolasach a dhéanamh, lena n-áirítear:
    • roghanna cóireála;
    • infhaighteacht;
    • cáilíocht agus sábháilteacht an chúraim shláinte a sholáthraíonn siad;
    • praghsanna,
    • stádas um údarú nó um chlárú.
  • Ní mór do thír an othair féin costas na cóireála a aisíoc de réir na scálaí atá curtha i bhfeidhm inti sa bhaile.
  • D’fhéadfadh sé go mbeadh údarú roimh ré de dhíth ar an othar óna dtír féin sula dtéann sé nó sí thar lear le haghaidh cóireála. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis sin má bhíonn oíche amháin ar a laghad san ospidéal agus/nó úsáid as trealamh leighis speisialaithe nó an-chostasach i gceist, nó má chuireann sé an t-othar nó an daonra i mbaol faoi leith.
  • Féadfaidh údarás náisiúnta diúltú an t-údarú roimh ré a thabhairt má mheasann sé go bhféadfadh sé an cúram sláinte is gá a sholáthar laistigh de theorainn ama atá inchosanta ó thaobh leighis de.
  • Ní mór déileáil le hiarratais ar chóireáil leighis i dtír AE eile laistigh de thréimhse ama réasúnta.
  • Tá oidis a eisítear i dtír AE amháin bailí i dtír AE eile.
  • Ní mór d’údaráis sláinte comhoibriú le chéile maidir leis an reachtaíocht a chur chun feidhme agus maidir le líonraí tagartha Eorpacha a fhorbairt idir soláthraithe cúraim shláinte agus ionaid saineolais.
  • Leathnaítear an comhoibriú chun aghaidh a thabhairt ar ghalair neamhchoitianta, ríomh-shláinte a fhorbairt agus measúnú a dhéanamh ar theicneolaíocht sláinte úr.
  • Ní chumhdaítear cúram fadtéarmach, ná leithdháileadh ná rochtain ar orgáin ná vacsaínithe faoin reachtaíocht.
  • Ní théann an treoir i gcion ar an dóigh a n-eagraíonn agus a maoiníonn tíortha AE a gcórais náisiúnta sláinte dá saoránaigh féin.
  • Táirgeann an Coimisiún Eorpach tuarascáil gach 3 bliana maidir leis an dóigh a n-oibríonn an córas agus an dóigh a bhfeidhmíonn an treoir. Glacadh an chéad tuarascáil i mí Mheán Fómhair 2015 agus glacadh ceann ina dhiaidh sin i mí Mheán Fómhair 2018.

Ghlac an Coimisiún roinnt gníomhartha cur chun feidhme agus roinnt gníomhartha tarmligthe a bhaineann le Treoir 2011/24/AE. Áirítear orthu sin:

  • Treoir Cur Chun Feidhme 2012/52/AE maidir le hoidis leighis a eisíodh i dtír AE eile a aithint;
  • Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/329/AE maidir le bunú, bainistíocht agus feidhmiú trédhearcach líonra na n-údarás náisiúnta nó na gcomhlachtaí atá freagrach as measúnú ar theicneolaíocht na sláinte [...]
  • Cinneadh Tarmligthe 2014/286/AE maidir leis na critéir agus na coinníollacha nach mór do líonraí tagartha Eorpacha agus soláthraithe cúraim sláinte ar mian leo ballraíocht a ghlacadh i líonra tagartha Eorpach a chomhlíonadh;
  • Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/287/AE ón gCoimisiún maidir leis na critéir chun líonraí tagartha Eorpacha agus a mbaill a bhunú agus a mheasúnú agus chun malartú faisnéise agus saineolais a éascú maidir le líonraí den sórt sin a bhunú agus a mheasúnú;
  • Cinneadh Cur Chun Feidhme 2019/1765 maidir le bunú, bainistíocht agus feidhmiú líonra na n-údarás náisiúnta atá freagrach as ríomh-shláinte, a leasaíodh ina dhiaidh sin leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1023, maidir le malartú trasteorann sonraí idir rianú teagmhálaithe náisiúnta agus feidhmchláir shoghluaiste rabhaidh do theagmhálacha d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim COVID-19. Go háirithe, trí Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1023 a leasú, cuirtear dhá Iarscríbhinn nua le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2019/1765, a dhéileálann faoi seach le freagrachtaí:
    • maidir le tíortha rannpháirteacha an Aontais mar chomhrialaitheoirí do gheata na cónaidhme do phróiseáil trasteorann idir rianú teagmhálaithe náisiúnta agus feidhmchláir shoghluaiste rabhaidh do theagmhálaithe; agus
    • maidir leis an gCoimisiún mar phróiseálaí sonraí do gheata na cónaidhme le haghaidh phróiseáil trasteorann idir rianú teagmhálaithe náisiúnta agus feidhmchláir shoghluaiste rabhaidh do theagmhálaithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón Dé Domhnaigh 24 Aibreán 2011 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin Dé hAoine 25 Deireadh Fómhair 2013.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir cur i bhfeidhm chearta othar i gcúram sláinte trasteorann (IO L 88, 4.4.2011, lgh. 45-65)

Rinneadh leasuithe leantacha ar Threoir 2011/24/AE a chorprú sa bhuntéacs. Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1023 an 15 Iúil 2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1765 maidir le malartú sonraí trasteorann idir rianú teagmhálaithe náisiúnta agus feidhmchláir shoghluaiste rabhaidh do theagmhálaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar an bpaindéim COVID-19 (IO L 227I, 16.7.2020, lgh. 1-9)

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2019/1765 ón gCoimisiún an 22 Deireadh Fómhair 2019 lena soláthraítear na rialacha maidir le bunú, bainistíocht agus feidhmiú líonra na n-údarás náisiúnta atá freagrach as r-shláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2011/890/AE (IO L 270, 24.10.2019, lgh. 83-93)

Féach an leagan comhdhlúite.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: maidir le feidhmiú Threoir 2011/24/AE maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (COM(2018) 651 final, 21.9.2018)

Cinneadh Tarmligthe 2014/286/AE ón gCoimisiún an 10 Márta 2014 lena leagtar síos na critéir agus na coinníollacha nach mór do líonraí tagartha Eorpacha agus soláthraithe cúraim shláinte ar mian leo ballraíocht a ghlacadh i líonra tagartha Eorpach a chomhlíonadh (IO L 147, 17.5.2014, lgh. 71-78)

Cinneadh Cur chun Feidhme 2014/287/AE ón gCoimisiún an 10 Márta 2014 lena leagtar síos na critéir chun líonraí tagartha Eorpacha agus a mbaill a bhunú agus a mheasúnú agus chun malartú faisnéise agus saineolais a éascú maidir le líonraí den sórt sin a bhunú agus a mheasúnú (IO L 147, 17.5.2014, lgh. 79-87)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/329/AE ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2013 lena soláthraítear na rialacha maidir le bunú, bainistíocht agus feidhmiú trédhearcach líonra na n-údarás nó na gcomhlachtaí náisiúnta atá freagrach as measúnú ar theicneolaíocht na sláinte (IO L 175, 27.6.2013, lgh. 71-72)

Treoir Cur Chun Feidhme 2012/52/AE ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2012 lena leagtar síos bearta chun aitheantas oideas liachta arna n-eisiúint i mBallstát eile a éascú (IO L 356, 22.12.2012, lgh. 68-70)

Nuashonraithe 14.09.2020

Top