EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosc ar thrádáil in uirlisí céasta

Tá an tAontas Eorpach (AE) in aghaidh phionós an bháis, an chéasta agus aon phionóis eile atá cruálach agus neamhghnách* i dtíortha nach bhfuil in AE. Ar an gcúis sin, tá cosc curtha ag AE ar thrádáil cineálacha áirithe trealaimh agus táirgí a bhféadfaí iad a úsáid chun críocha den sórt sin amhail crocha, cathaoireacha leictreacha, agus córais insteallta mharfaigh.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2005 maidir le trádáil in earraí áirithe a bhféadfaí iad a úsáid le haghaidh phionós an bháis, céasadh, nó íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

ACHOIMRE

Tá an tAontas Eorpach (AE) in aghaidh phionós an bháis, an chéasta agus aon phionóis eile atá cruálach agus neamhghnách* i dtíortha nach bhfuil in AE. Ar an gcúis sin, tá cosc curtha ag AE ar thrádáil cineálacha áirithe trealaimh agus táirgí a bhféadfaí iad a úsáid chun críocha den sórt sin amhail crocha, cathaoireacha leictreacha, agus córais insteallta mharfaigh.

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Cuirtear cosc ar aon onnmhairiú nó allmhairiú earraí nach bhfuil úsáid phraiticiúil leo seachas chun críche phionós an bháis, an chéasta agus aon íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach. Bunaítear leis freisin córas údarúcháin chun earraí a onnmhairiú a bhféadfaí iad a úsáid chun críocha den sórt sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ba cheart d’údaráis thíortha AE idirdhealú a dhéanamh idir earraí nach bhfuil úsáid phraiticiúil ar bith leo seachas chun pionós an bháis nó céasadh a dhéanamh agus earraí a bhféadfaí iad a úsáid chun na críocha sin.
  • Tugtar liosta de na hearraí a chuimsítear faoin rialachán seo in Iarscríbhinní II agus III. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach na liostaí sin a leasú a luaithe a thagann trealamh nua ar an margadh.
  • I gcás ina n-úsáidfear na hearraí lena mbaineann sa tír cinn scríbe mar thaispeántas poiblí in iarsmalann, féadfaidh údaráis na tíre onnmhairithe díolúine a cheadú ón gcosc.
  • Chun diúltú d’údaruithe onnmhairithe, is gá cúis mhaith a bheith ag údaráis thír AE le creidiúint go bhféadfaí na hearraí a úsáid chun críocha an chéasta nó pionóis eile atá cruálach nó neamhghnách.
  • Eisítear údaruithe onnmhairithe agus allmhairithe ar fhoirm atá bunaithe ar an leagan in Iarscríbhinn V. Bíonn siad bailí ar fud AE.
  • Féadfaidh údaráis thíortha AE diúltú d’údarú onnmhairithe a cheadú agus féadfaidh siad údarú atá ceadaithe cheana féin a chur ar ceal, a chur ar fionraí, a leasú nó a tharraingt siar.
  • Mura dtugtar údarú, coinníonn údaráis custaim earraí atá dearbhaithe agus tarraingítear aird ar an rogha atá ann iarratas a dhéanamh ar údarú. Déantar na hearraí a scriosadh tar éis 6 mhí mura bhfaigeann siad iarraidh ar údarú.
  • I gcás ina ndéantar cinneadh diúltú d’údarú, ní mór d’údaráis thír AE é sin a chur in iúl do gach tír eile in AE agus don Choimisiún Eorpach.
  • Ní mór do thíortha AE tuarascálacha bliantúla gníomhaíochta a dhréachtú, le cúnamh ón gCoimisiún Eorpach más féidir.

CÚLRA

An dearbhchosc ar chéasadh agus ar dhrochíde atá cumhdaithe i gcoinbhinsiúin bhunúsacha na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, léirítear iad ar leibhéal AE sa Chairt um Chearta Bunúsacha, ina ndearbhaítear an méid seo a leanas: “ní dhéanfar céasadh ar aon duine ná ní chuirfear aon íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach ar aon duine”. Cuirtear cosc ar phionós an bháis sa chairt freisin.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*Pionós neamhghnách: pionós atá ina chúis le pian, fulaingt nó náiriú thar chiall mhorálta an phobail.

Féach bearta i gcoinne céasadh ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005

30.7.2006

-

IO L 200, 30.7.2005, lgh. 1-19

Ceartúchán

-

-

IO L 79, 16.3.2006, lch. 32-32

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014

20.2.2014

-

IO L 18, 21.1.2014, lgh. 1-51

Tá leasuithe agus ceartúcháin leantacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 agus ar a iarscríbhinní curtha san áireamh sa bhuntéacs. Is do thagairt amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 775/2014 an 16 Iúil 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1236/2005 ón gComhairle maidir le trádáil in earraí áirithe a bhféadfaí iad a úsáid le haghaidh phionós an bháis, céasadh, nó íde nó pionóis eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach (IO L 210, 17.7.2014, lgh. 1-10)

Nuashonraithe 03.08.2015

Top