EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta frithdhumpála

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2016/1036 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach le Rialachán (AE) 2016/1036 rialacha AE maidir le cosaint trádála chun cosaint a thabhairt i gcoinne allmhairí ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a dhumpáiltear ar mhargadh AE.

Rinneadh é a leasú trí huaire: le Rialachán (AE) 2017/2321, le Rialachán (AE) 2018/825 agus le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1173.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar síos na rialacha seo a leanas le Rialachán (AE) 2016/1036.

Coinníollacha

Ní mór ceithre choinníoll a chomhlíonadh sular féidir bearta frithdumpála a fhorchur ar allmhairí táirge:

  • ní mór na hallmhairí a dhumpáil — má bhíonn praghas onnmhairiúcháin táirge chuig an Aontas Eorpach níos lú ná ghnáthluach*;
  • ní mór díobháil ábhartha* a bheith ann do thionscal an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil*;
  • ní mór nasc cúisíoch a bheith idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil ábhartha; agus
  • ní foláir nach mbeidh an beart frithdhumpála* i gcoinne leas AE — níor cheart go ndéanfadh na bearta níos mó díobhála dá gheilleagar iomlán ná an faoiseamh a thugtar don tionscal atá thíos leis de dheasca na n–allmhairí.

Gearán a thionscnamh

  • Déanann tháirgeoirí AE gearán frithdhumpála, nó déantar gearán frithdhumpála thar a gceann, leis an gCoimisiún Eorpach maidir leis an táirge lena mbaineann go díreach nó trí údaráis thír AE. Féadfaidh ceardchumainn gearáin a chur isteach i gcomhar le tionscal an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh siad bheith ina bpáirtithe leasmhara sna himeachtaí. In imthosca speisialta, féadfaidh an Coimisiún imscrúdú ar dhumpáil a oscailt as a stuaim féin.
  • Ní mór go n–áireofaí an méid seo a leanas in aon ghearán: fianaise ar dhumpáil, díobháil agus nasc cúisíoch idir na hallmhairí a líomhnaítear gur dumpáladh iad agus an díobháil líomhnaithe.
  • D’fhonn sonraí rúnda gnó a chosaint, is gá dhá leagan de ghearán a thaisceadh: leagan faoi rún agus leagan neamhrúnda. Ní bheidh an chéad cheann ar fáil ach d’fhoireann an Choimisiúin atá ag obair go díreach ar an gcás. Beidh rochtain ag gach páirtí leasmhar ar an leagan neamhrúnda nuair a osclófar an t–imscrúdú.
  • Caithfidh an Coimisiún imscrúdú a dhéanamh ar chruinneas agus ar leordhóthanacht na fianaise a chuirtear ar fáil sa ghearán chun a chinneadh an bhfuil bunús leordhóthanach ann chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh. Ní mór é sin a dhéanamh laistigh de 45 lá ó rinneadh an gearán á thaisceadh.

Imscrúdú frithdhumpála

  • Nuair a chinneann an Coimisiún imscrúdú a sheoladh, ní mór dó fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanann sé teagmháil le gach monaróir aitheanta agus le gach páirtí leasmhar ag iarraidh orthu ceistneoirí a chomhlánú faoi spriocdháta docht.
  • I gcás go bhfuil go leor páirtithe leasmhara ann, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a imscrúdú a dhéanamh ar bhonn sampla d’oibreoirí (táirgeoirí onnmhairiúcháin, monaróirí AE, allmhaireoirí, úsáideoirí).
  • Faoi Rialachán bunaidh (AE) 2016/1036, d’fhéadfadh sé go nglacfadh sé 9 mí sula raibh an Coimisiún ábalta bearta sealadacha a fhorchur ar bhonn a thorthaí sealadacha.

Toradh dumpála

D’fhéadfaí an méid seo a leanas tarlú i gcás, ar bhonn a thorthaí, go measann an Coimisiún gur tharla dumpáil.

  • D’fhéadfaí bearta frithdhumpála a fhorchur ar allmhairí an táirge lena mbaineann isteach san Aontas Eorpach, i bhfoirm ceann díobh seo a leanas de ghnáth:
    • dleacht ad valorem — céatadán de luach allmhairiúcháin an táirge lena mbaineann;
    • dleachtanna sonracha — luach seasta do mhéid áirithe earraí, e.g. EUR 100 in aghaidh tona de tháirge; nó
    • gealltanas i dtaca le praghasanna — gealltanas ó onnmhaireoir go gcloífidh sé le híosphraghsanna allmhairíochta.
  • Maireann bearta sealadacha, i gcás go bhforchuirfeadh an Coimisiún iad, ar feadh 6 mhí ar a mhéad. Féadfar bearta cinntitheacha a fhorchur dá éis sin, a bheidh i bhfeidhm ar feadh 5 bliana.
  • Íocann an t–allmhaireoir sin AE as na dleachtanna agus déantar iad a bhailiú ag údaráis náisiúnta custaim thíortha AE lena mbaineann.
  • Féadfar athbhreithniú (athbhreithniú eatramhach) a dhéanamh ar na bearta atá curtha i bhfeidhm faoi choinníollacha áirithe. Ní dhéantar athbhreithniú de ghnáth ach ar eilimint amháin nó ar eilimintí éagsúla na mbeart tosaigh san athbhreithniú seo, e.g. an leibhéal dumpála agus/nó díobhála, raon an táirge agus cineál na mbeart.
  • Rachaidh na bearta i léig tar éis 5 bliana mura gcinntear in athbhreithniú éaga, go bhfuil seans maith ann, sa chás go rachadh na bearta in éag, go mairfeadh an dumpáil agus an díobháil ábhartha nó go dtarlódh sé in athuair.
  • Féadfaidh allmhaireoirí aisíocaíocht iomlán nó pháirteach de na dleachtanna a íocadh a iarraidh más féidir leo a thaispeáint go ndearnadh an corrlach dumpála*, ar bhonn na ndleachtanna a íocadh, a dhíothú nó a laghdú.

Le Rialachán leasaitheach (AE) 2017/2321 tugtar isteach modh ríofa dumpála lena úsáid i gcásanna a bhaineann le hallmhairí ó bhallstáit na hEagraíochta Domhanda Trádála i gcás go bhfuil saobhadh suntasach ann mar thoradh ar idirghábháil an stáit.

Rialachán Leasaitheach (AE) 2018/825

I measc nithe eile, déantar an méid seo a leanas leis an rialachán.

  • Laghdaíodh an tréimhse ama leis maidir le forchur na mbeart sealadach frithdhumpála, más ann dóibh, ó 9 mí i ndiaidh a dtosaithe go dtí 7 mí, agus féadfar an tréimhse a shíneadh go 8 mí.
  • Tá sé níos éasca do ghnólachtaí níos lú leis páirt a ghlacadh in imscrúduithe ar chosaint trádála (lena n–áirítear deasc chabhrach um chosaint trádála d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM), leathan gréasáin FBM a chruthú agus treoir do FBManna a fhoilsiú).
  • Leasaítear leis conas a dhéantar an riail ar a dtugtar “riail na dleachta is lú” a chur i bhfeidhm i gcásanna dumpála. Ní fhéadfaidh an tAontas Eorpach bearta a fhorchuir roimhe seo ach ar leibhéal níos ísle ná méid iomlán na dumpála, nuair ba leor leibhéal níos ísle (an “corrlach díobhála”) chun an díobháil a bhain don thionscal de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaint. Faoi na rialacha nua, féadfar bearta frithdhumpála a fhorchur ar leibhéal iomlán na dumpála i gcás go bhfuil fianaise ann ar shaobhadh suntasach sa mhargadh onnmhairiúcháin maidir leis na hamhábhair ábhartha a úsáideadh i ndéanamh an táirge lena mbaineann agus ar an gcoinníoll go ndéanfaí é sin ar mhaithe leis an Aontas Eorpach ina iomláine.
  • Tugtar isteach leis rialacha nua maidir leis an “bpraghas neamhdhíobhálach” (an praghas a mheastar a ghearrfadh an tionscal faoi ghnáththosca). Féadfaidh an ríomh anois costas na n–infheistíochtaí riachtanacha a chur san áireamh, mar shampla, i mbonneagar nó i dtaighde agus i bhforbairt, ach freisin costais sa todhchaí a bhaineann le caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil, mar shampla faoi scéim trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh. Glacann an praghas neamhdhíobhálach anois íosbhrabús 6 % a áireofar sa ríomh, agus is féidir corrlach brabúis níos airde a fháil ar bhonn cás ar chás.
  • Tugtar isteach leis tréimhse réamhnochta, tréimhse ina bhfuair páirtithe leasmhara faisnéis maidir le bearta sealadacha a fhorchur, nó gan iad a fhorchur, 3 seachtaine roimh ré mar aon le hoibleagáid don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh faoin 9 Meitheamh 2020, ar ar tháinig méadú suntasach ar allmhairí le linn thréimhse 3 seachtaine an réamhnochta agus cé acu, má tharla méadú dá leithéid, an ndearnadh díobháil bhreise mar gheall air do na tionscail de chuid AE lena mbaineann nó nach ndearnadh.
  • Tugtar isteach leis aisíocaíocht dleachtanna a bailíodh agus athbhreithniú éagtha ar bun má bhíonn de thoradh ar an athbhreithniú gur foircheannadh na bearta.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1173

San athbhreithniú a rinneadh de réir Rialachán leasaitheach (AE) 2018/825, bhain an Coimisiún de thátal as, ar an iomlán, nach ndearnadh aon díobháil bhreise do thionscal an Aontais Eorpaigh ba chúis leis na hallmhairí le linn na tréimhse réamhnochta Dá bhrí sin glacadh leis gníomh tarmligthe lena leasaítear tréimhse an réamhnochta go 4 seachtaine.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm leis ón 20 Iúil 2016. Le Rialachán (AE) 2016/1036 códaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 agus a leasuithe ina dhiaidh sin agus cuireadh an Rialachán sin ina n–ionad.
  • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2017/2321 ón 20 Nollaig 2017.
  • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2018/825 ón 8 Meitheamh 2018.
  • Tá Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1173 i bhfeidhm ón 11 Lúnasa 2020.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Gnáthluach: meastar go ginearálta gurb é an praghas margaidh ar an táirge sa tír is onnmhaireoir. I gcás nach bhfuil díolacháin ar bith ann, nach bhfuil ann ach méid íseal díolachán, nó má tá na díolacháin á ndéanamh faoina luach ar an margadh intíre, áfach, ríomhtar gnáthluach an táirge de ghnáth ar bhonn chostas an táirgthe sa tír is onnmhaireoir chomh maith le méid réasúnta le haghaidh costais díola, ghinearálta agus riaracháin, agus le haghaidh brabúis. Tá rialacha sonracha ann do gheilleagair a bhféadfadh saobhadh suntasach tarlú dóibh.
Díobháil ábhartha: díobháil shuntasach do thionscal an Aontais Eorpaigh, e.g. sciar de mhargadh a chailliúint, leibhéil phraghsanna laghdaithe agus/nó brabúsacht laghdaithe.
Táirge comhchosúil táirge atá mar a chéile leis an táirge allmhairithe atá i gceist nó atá an–chosúil leis.
Bearta frithdhumpála: bearta a fhorchuirtear ar allmhairí táirge a bhfuiltear á ndíol ar phraghas níos ísle ná gnáthluach an táirge agus lena ndéantar díobháil ábhartha do tháirgeoirí AE.
Corrlach dumpála: an difríocht idir an gnáthluach agus an praghas a ghearrann onnmhaireoir céanna ar an táirge sin ar mhargadh AE (praghas onnmhairithe).

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (códú) (IO L 176, 30.6.2016, lgh. 21-54)

Rinneadh easuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/1036 a chorprú sa bhunthéacs. Is de luach doiciméadach amháin é an leagan comhdhlúite seo.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (códú) (IO L 176, 30.6.2016, lgh. 55-91)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 16.10.2020

Top