EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le céasadh agus íde cruálach eile

ACHOIMRE AR:

Treoirlínte a ghabhann le beartas AE i dtreo tíortha nach bhfuil in AE maidir le céasadh agus pionós nó íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SNA TREOIRLÍNTE?

Cruthaítear uirlis oibríochta iontu le húsáid ag an Aontas Eorpach (AE) i dteagmhálacha le tíortha nach bhfuil in AE d’fhonn céasadh agus pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach a chomhrac (e.g. duine faoi choimeád a bhualadh).

PRÍOMHPHOINTÍ

Déanann AE céasadh agus drochíde a chomhrac trí thacaíocht ionstraimí idirnáisiúnta (e.g. Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine, Coinbhinsiúin na Ginéive, Reacht na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, etc.), agus trí bhíthin beart laistigh dá chomhbheartas eachtrach agus slándála, amhail rialachán trádála in ionstraimí céastóireachta.

Cuimsítear iad seo a leanas i ngníomhaíochtaí de chuid AE chun céasadh agus drochíde a chomhrac i gcaidreamh le tíortha nach bhfuil in AE:

  • idirphlé polaitiúil a bhunú le tíortha nach bhfuil in AE agus le heagraíochtaí réigiúnacha. Leagtar síos na treoirlínte um idirphlé ar chearta an duine coinníollacha agus prionsabail soiléire sa réimse seo;
  • tionscnaimh pholaitiúla a ghlacadh (démarches) agus ráitis phoiblí a eisiúint ag áitiú ar thíortha ábhartha nach bhfuil in AE bearta éifeachtacha a ghabháil ar láimh i gcoinne na céastóireachta agus drochíde eile;
  • comhoibriú a chur chun cinn leis an tsochaí shibhialta i gcomhar déthaobhach agus iltaobhach, go háirithe faoi phlean gníomhaíochta AE um chearta an duine agus an daonlathas (2015-2019) a thacaíonn le hEagraíochtaí Neamhrialtasacha i gcomhrac na céastóireachta;
  • róil breathnadóireachta le haghaidh ionadaithe ambasáid AE i dtrialacha áit a bhfuil imní ann gur fhulaing an cosantóir céasadh nó drochíde.

Faoi na treoirlínte seo, áitíonn AE ar thíortha nach bhfuil in AE na bearta seo a leanas a ghlacadh:

  • céasadh agus drochíde a chosc, a thoirmeasc agus a cháineadh;
  • noirm agus nósanna imeachta idirnáisiúnta a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme (e.g. Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i gcoinne na Céastóireachta);
  • cosaintí agus nósanna imeachta a bhaineann le hionaid choinneála a chruthú;
  • athshlánú agus cúiteamh a sholáthar d’íospartaigh;
  • ráthaíochtaí dlíthiúla intíre a bhunú;
  • saoirse ó phionóis a chomhrac;
  • grúpaí óna dteastaíonn aird speisialta a bhunú (e.g. dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn, nó príosúnaigh);
  • sásraí faireacháin le linn coinneála a cheadú;
  • institiúidí náisiúnta a bhunú chun céasadh a chosc;
  • an córas ceartais a neartú;
  • oiliúint éifeachtach a sholáthar maidir le forghníomhú an dlí, pearsanra míleata agus sláinte a dhéileálann le céasadh agus drochíde;
  • imeaglú nó díoltas d’aon chineál a chosc;
  • scrúduithe iarbháis a dhéanamh.

CÚLRA

Tá urramú do chearta an duine ar cheann de na príomhthosaíochtaí i gcaidreamh eachtrach AE. Cuid riachtanach den obair sin is ea céasadh agus drochíde a chomhrac, in ainneoin go bhfuil roinnt ionstraimí idirnáisiúnta ann ina ndéantar an cineál sárú tromchúiseach sin ar dhínit an duine a thoirmeasc.

Tá sé mar aidhm ag gníomhaíochtaí de chuid AE, a fhaigheann tacaíocht láidir ó gach ceann dá thíortha, céasadh agus drochíde a chosc agus a dhíchur agus saoirse ó phionóis orthu sin atá freagrach a chomhrac. Comhlánaíonn an obair seo gníomhaíocht AE chun pionós an bháis a chomhrac.

GNÍOMH

Treoirlínte a ghabhann le beartas AE i dtreo tríú tíortha maidir le céasadh agus pionós nó íde eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach — Nuashonrú ar na Treoirlínte 6129/1/12 REV1, an 20 Márta 2012

Nuashonraithe 08.03.2016

Top