EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha nós imeachta an Choimisiúin Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

An Coimisiún Eorpach — rialacha nós imeachta

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA?

Déantar foráil in Airteagal 249 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go nglacfaidh an Coimisiún Eorpach a rialacha nós imeachta féin lena áirithiú go bhfeidhmíonn sé féin agus a ranna.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá forálacha sna Rialacha Nós Imeachta maidir le heagrú an Choimisiúin (Caibidil I), ról na ranna agus an dóigh an n-oibríonn siad le chéile (Caibidil II) agus forálacha maidir le hionadaíocht a dhéanamh agus leanúnachas gnó (Caibidil III).

Eagrú an Choimisiúin

  • ColáisteachtComhlacht coláisteach is ea an Coimisiún. Feidhmíonn sé ar bhonn comhchoiteann. Tá an cead cainte céanna ag na Comhaltaí den Choimisiún i gcinnteoireacht agus tá comhfhreagracht acu as na cinntí ar fad a dhéanann an Coimisiún.
  • Uachtarán an Choimisiúin EorpaighLeagan Uachtarán an Choimisiúin na treoirlínte polaitiúla amach don Choimisiún. Déanann an t–uachtarán ionadaíocht ar son an Choimisiúin, déanann sé nó sí cinntí faoina eagrú inmheánach agus sannann sé freagrachtaí (punanna) do na Comhaltaí den Choimisiún. D’fhéadfaí na freagrachtaí athrú le linn shainordú 5 bliana an Choimisiúin. Cuidíonn ard–rúnaí an Choimisiúin leis an uachtarán na cuspóirí arna leagan síos ag an gCoimisiún a bhaint amach.
  • Ceapann an t–uachtarán na leasuachtaráin ar fad, seachas Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus d’fhéadfadh sé nó sí grúpa Coimisinéirí ag a mbeidh sainorduithe speisialta a bhunú.

Tá 4 chineál nós imeachta um chinnteoireacht inmheánach ann

  • Nós imeachta ó bhéal: déanann an Coimisiún cinntí — lena mbaineann tábhacht mhór pholaitiúil nó eacnamaíoch den chuid is mó — le linn a ghnáthchruinnithe agus a chruinnithe úrghnácha.
  • Nós imeachta i scríbhinn: glactar cinntí i gcás nach gcuireann na Comhaltaí den Choimisiún amhras ar bith in iúl nó nach n–iarrann siad athruithe ar bith ar dhréachtghníomh a chuirtear faoina réir laistigh de theorainn ama réamhchinntithe.
  • Nós imeachta cumhachtaithe: tugann an Coimisinéir cumhacht do Choimisinéir amháin nó níos mó bearta bainistíochta nó riaracháin a dhéanamh ar a shon.
  • Nós imeachta tarmligin: tarmligeann an Coimisiún an chumhacht bearta bainistíochta nó riaracháin áirithe a dhéanamh ar a shon d’ard–stiúrthóirí nó do chinn seirbhíse.

Ranna an Choimisiúin

  • Déanann ard–stiúrthóireachtaí agus ranna coibhéiseacha an Choimisiúin sainchúraimí an Choimisiúin a ullmhú agus a chur chun feidhme. Cuireann siad tosaíochtaí beartais agus treoirlínte polaitiúla uachtarán an Choimisiúin i bhfeidhm. I bprionsabal, tá na hard–stiúrthóireachtaí agus na ranna coibhéiseacha foroinnte ina stiúrthóireachtaí atá foroinnte ina n–aonaid iad féin.
  • Tá dlúthchomhar agus comhar éifeachtach idir na hard–stiúrthóireachtaí agus na ranna coibhéiseacha riachtanach chun cáilíocht agus comhsheasmhacht bheart an Choimisiúin a áirithiú. Téann an roinn atá freagrach as tionscnamh de chuid an Choimisiúin i gcomhairle leis na ranna eile lena mbaineann an tionscnamh atá beartaithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialacha nós imeachta an Choimisiúin (IO L 308, 8.12.2000, lgh. 26-34)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar na rialacha nós imeachta a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal III: Forálacha ar na hinstitiúidí — Airteagal 17 (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 25-26)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I — Forálacha institiúideacha — Caibidil 1 — Na hinstitiúidí — Roinn 4 — An Coimisiún — Airteagal 248 (iar-Airteagal 217(2) CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 157)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé: Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I: Forálacha institiúideacha — Caibidil 1: Na hInstitiúidí — Alt 4: An Coimisiún — Airteagal 249 (iar-Airteagail 218(2) agus 212 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 157)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé: Forálacha institiúideacha agus airgeadais — Teideal I: Forálacha institiúideacha — Caibidil 1: Na hInstitiúidí — Alt 4 — An Coimisiún — Airteagal 250 (sean–Airteagal 219 CCE) (OJ C 202, 7.6.2016, lch. 157)

Cinneadh 2013/272/AE ón gComhairle Eorpach an 22 Bealtaine 2013 maidir le líon Chomhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh (IO L 165, 18.6.2013, lch. 98)

Rialachán (AE) 2016/300 ón gComhairle an 29 Feabhra 2016 lena gcinntear luach saothair shealbhóirí oifige poiblí ardleibhéil AE (IO L 58, 4.3.2016, lgh. 1-12)

Nuashonraithe 03.06.2020

Top