EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha Nós imeachta Pharlaimint na hEorpa

ACHOIMRE AR:

Rialacha Nós imeachta Pharlaimint na hEorpa

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SNA RIALACHA NÓS IMEACHTA?

  • Bunaítear leo eagrú agus oibriú inmheánach na haon institiúide dírthofa uile-Eorpaí amháin de chuid an Aontais Eorpaigh (AE). Faoi Airteagal 232 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá an chumhacht ag Parlaimint na hEorpa a rialacha nós imeachta féin a ghlacadh.
  • Sa doiciméad 300 leathanach cumhdaítear gach gné nós imeachta d’oibriú na Parlaiminte. Tugtar chun dáta go rialta é (an leagan is déanaí: Meán Fómhair 2015).

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaítear sna rialacha na gnéithe seo a leanas den saol parlaiminteach.

Ní mór d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEanna):

Oifigigh pharlaiminteacha

Toghann na FPEanna an t-uachtarán, 14 leas-uachtarán agus 5 chaestóir trí bhailóid rúnda ar feadh téarma 2.5 bliain.

  • Maidir leis an uachtarán:
    • tá an treoir iomlán aige nó aici ar an bParlaimint agus a hoibríochtaí éagsúla;
    • déanann sé nó sí ionadaíocht ar son na Parlaiminte;
    • cinntíonn sé nó sí go gcloítear leis na rialacha agus go gcoinnítear ord;
    • osclaíonn agus dúnann sé nó sí suíonna nó cuireann sé nó sí suíonna ar fionraí, déanann sé nó sí cathaoirleacht ar dhíospóireachtaí agus maoirseacht ar vótáil;
    • rialaíonn sé nó sí inghlacacht leasuithe, ceisteanna agus comhréireacht tuarascálacha; agus
    • cuireann sé nó sí ábhar chuig na coistí parlaiminteacha a bhaineann leo.
  • Tá freagrachtaí faoi leith ag leas-uachtaráin agus cuirtear in ionad an uachtaráin iad más gá.
  • caestóirí freagrach as cúrsaí riaracháin agus airgeadais a bhaineann go díreach le FPEanna.
  • Is iad an t-uachtarán agus 14 leas-uachtarán atá sa Bhiúró. Déanann sé cinntí maidir le cúrsaí airgeadais, eagrúcháin agus riaracháin a bhaineann leis an bParlaimint.
  • Tá uachtarán na Parlaiminte agus uachtaráin na ngrúpaí polaitiúla ar Chomhdháil na nUachtarán (féach thíos). Eagraíonn sí obair pholaitiúil na Parlaiminte agus cinneann sí pleanáil reachtach.
  • Tá cathaoirligh na mbuanchoistí parlaiminteacha agus na gcoistí speisialta parlaiminteacha uile i gComhdháil Chathaoirligh na gCoistí. Féadfaidh sí moltaí a dhéanamh ar chláir oibre maidir le hobair agus seisiúin iomlánacha coistí.
  • Tá cathaoirligh na dtoscaireachtaí Parlaiminteacha go léir do pharlaimintí in áiteanna eile ar an domhan i gComhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí. Féadfaidh sí moltaí a dhéanamh ar obair na dtoscaireachtaí.
  • Bunaíonn FPEanna grúpaí polaitiúla ar bhonn a gcleamhnachtaí polaitiúla. Teastaíonn 25 FPE ar a laghad, a thoghtar i gceathrú de thíortha AE ar a laghad, chun grúpa a bhunú. Faigheann siad tacaíocht airgeadais agus riaracháin ag brath ar a méid.
  • Tá roinnt FPEanna ann nach le grúpa polaitiúil ar bith iad. Faigheann siad tacaíocht dá ngníomhaíochtaí parlaiminteacha.
  • Féadfaidh FPEanna aonair ó ghrúpaí polaitiúla éagsúla idirghrúpa traspháirtí a bhunú maidir le saincheisteanna amhail leas ainmhithe nó an tsláinte phoiblí.

Nósanna imeachta reachtacha

  • gnáth-nósanna imeachta reachtacha (, agus léamh), ina bhfeidhmíonn an Pharlaimint mar comhreachtóir leis an gComhairle;
  • nósanna imeachta comhairliúcháin, ina gcuireann an Pharlaimint tuairim isteach maidir le dréachtghníomh dlíthiúil;
  • nósanna imeachta maidir le toiliú, ina dteastaíonn comhaontú ón bParlaimint sula nglactar gníomh dlíthiúil.

Le linn na nósanna imeachta reachtacha sin, tugann an Pharlaimint aird faoi leith ar cheisteanna amhail an urraim do chearta bunúsacha, don bhonn dlíthiúil, do tharmligean na gcumhachtaí reachtacha, don chomhoiriúnacht airgeadais agus an urraim do choimhdeacht.

Nósanna imeachta féintionscnaimh

Caidreamh le hinstitiúidí agus comhlachtaí AE eile

Ceisteanna parlaiminteacha

  • Féadfaidh FPEanna ceisteanna i scríbhinn a thabhairt i láthair Uachtarán na Comhairle Eorpaí, na Comhairle, an Choimisiúin nó Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Féadfaidh siad ceisteanna béil a chur ar an gComhairle nó ar an gCoimisiúin chomh maith a mbeidh díospóireacht ina ndiaidh.

Caidreamh le parlaimintí náisiúnta

Seisiúin na Parlaiminte

Coistí

  • Ullmhaíonn buanchoistí cinntí na Parlaiminte ar leibhéal iomlánach trí thuarascálacha agus doiciméid eile a chur isteach ina réimse sainiúil inniúlachta.
  • Is féidir coistí speisialta a bhunú ar feadh téarma faoi leith agus réimse ábhair faoi leith.
  • Is féidir coistí fiosrúcháin a bhunú chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe ar dhlí AE nó ar dhrochriarachán féideartha.

Toscaireachtaí idirpharlaiminteacha

Achainíocha

GNÍOMH

Rialacha Nós imeachta Pharlaimint na hEorpa

Nuashonraithe 21.03.2016

Top