EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rochtain níos forleithne ar ábhar cóipchirt — saothar dílleachtach

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2012/28/AE — úsáidí ceadaithe áirithe de shaothair dhílleachtacha

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Ceapadh í chun digitiú saothar dílleachtach agus rochtain dhleathach ar líne ar shaothair dhílleachtacha* laistigh de AE atá i mbailiúcháin leabharlann, i bhforais oideachais, i músaeim, i gcartlanna, in institiúidí oidhreachta closamhairc agus in eagraíochtaí craolacháin seirbhíse poiblí a chur chun cinn.

misean leasa phoiblí ag na heagraíochtaí sin maidir lena mbailiúchán mar a leanas:

  • caomhnú,
  • athchóiriú,
  • atáirgeadh, agus
  • rochtain ar líne orthu a chur ar fáil, chun críche cultúrtha agus oideachais.

I ndiaidh dóibh an cuardaigh dhícheallaigh* a dhéanamh beidh cead ag na heagraíochtaí sin úsáid a bhaint as saothair dhílleachtacha chun na críche sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an treoir maidir le saothair atá cosanta ag cóipcheart a fhoilsítear nó, cheal foilsithe, a chraoltar (a thaispeántar ar an teilifís nó ar líne, i.e. meáin amhairc, seachas meáin scríofa) den chéad uair i dtír AE.

Tá feidhm ag an treoir maidir le roinnt catagóirí saothar:

  • leabhair, nuachtáin, irisleabhair nó scríbhinní eile atá foilsithe;
  • saothair atá leabaithe nó cuimsithe sna catagóirí thuas;
  • saothair chineamatagrafaíochta nó closamhairc nó fónagraim.

Stádas saothair dhílleachtaigh

  • Ní mór do na heagraíochtaí atá cumhdaithe faoin treoir a áirithiú go ndéanfar cuardach dícheallach do shealbhóirí ceart de mheon macánta trí dhul i dtuilleamaí na bhfoinsí iomchuí chun fíorú a dhéanamh ar stádas an tsaothair dhílleachtaigh.
  • Léirítear leis an treoir nach mór do thíortha AE na foinsí iomchuí a dhearbhú agus liosta foinsí a chur san áireamh nach mór dul ina dtuilleamaí nuair atáthar i mbun cuardach dícheallach.
  • Ábhar a meastar gur ábhar dílleachtach é i dtír amháin AE, beidh an stádas céanna aige i ngach tír eile AE.
  • I gcás go dtiocfaidh sealbhóir ceart ábhair a meastar gur saothar dílleachtach é ar ais, beartaítear leis an treoir go bhféadfaí deireadh a chur le stádas an tsaothair dhílleachtaigh agus go ngeofaí cúiteamh cóir ina leith.

Bunachar sonraí

Cuirfear bunachar sonraí aonair Eorpach a bheidh ar fáil go poiblí ar bun, ina mbeidh faisnéis faoi shaothair dhílleachtacha, lena n–áirítear:

  • torthaí cuardaigh ar shealbhóirí ceart;
  • an úsáid a bhaineann eagraíochtaí as saothair dhílleachtacha;
  • athruithe ar bith ar stádas saothair dhílleachtaigh saothar a úsáideadh.

Leis sin áirithítear gur féidir leis na heagraíochtaí a bhfuil an cuardach á dhéanamh acu agus leis na sealbhóirí ceart faisnéis a fháil maidir le sainaithint agus úsáid saothar dílleachtach.

Úsáidí ceadaithe

Ní fhéadfaidh eagraíochtaí atá cumhdaithe faoin treoir úsáid a bhaint as saothar dílleachtach ach chun aidhmeanna a bhaineann lena misin leasa phoiblí leasa a bhaint amach amháin:

  • chun an saothar dílleachtach a chur ar fáil don phobal;
  • chun an saothar dílleachtach a atáirgeadh chun é a dhigitiú, a chur ar fáil, a innéacsú, a chatalógú, a chaomhnú nó a athchóiriú.

Féadfaidh na heagraíochtaí ioncam a ghiniúint le linn na n–úsáidí sin, chun a gcostais a íoc maidir le saothair dhílleachtacha a dhigitiú agus iad a chur ar fáil don phobal.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 29 Deireadh Fómhair 2014 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE an lá céanna.

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Saothair Dhílleachtacha: saothair amhail leabhair, ailt nuachtáin agus irise agus scannáin atá fós cosanta ag cóipcheart ach nach eol a n–údair nó sealbhóirí ceart eile nó nach féidir iad a aimsiú nó teagmháil a dhéanamh leo chun ceadanna cóipchirt a fháil.
Cuardach dícheallach: cuardach cuimsitheach chun údar ábhar cóipchirt nó sealbhóirí ceart eile a shainaithint agus/nó a aimsiú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe de shaothair dhílleachtacha (IO L 299, 27.10.2012, lgh. 5-12)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh (códúchán) (IO L 154, 16.6.2017, lgh. 1-99)

Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 19 Aibreán 2012 maidir le cúraimí a bhaineann le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, lena n–áirítear ionadaithe thar ceann na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a thionól mar Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, a chur ar iontaoibh na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 129, 16.5.2012, lgh. 1 -6)

Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lgh. 10-19)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 14.06.2018

Top