EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Córais díreoite agus dínéalaithe gaothscátha le haghaidh mótarfheithiclí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 672/2010 — ceanglais maidir le cineálcheadú le haghaidh córais díreoite agus dínéalaithe gaothscátha mótarfheithiclí áirithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Sainítear leis ceanglais maidir le cineálcheadú le haghaidh córas díreoite* gaothscátha agus córas dínéalaithe* gaothscátha mótarfheithiclí i gcatagóir M1. Clúdaítear sa chatagóir sin feithiclí ina bhfuil 9 suíochán ar a mhéad.
  • Cuirtear chun feidhme leis Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 maidir le cineál-cheadú le haghaidh mótarfheithiclí agus leantóirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglais maidir le córais díreoite agus dínéalaithe gaothscátha

Ní mór an méid seo a leanas a bheith feistithe i ngach feithicil catagóir M1:

  • córas chun sioc agus oighear a bhaint de dhromchla lonraithe thaobh amuigh an ghaothscátha. Ní mór do thiománaí na feithicle infheictheacht dhóthanach a bheith aige nó aici tríd an ngaothscáth in aimsir fhuar.
  • córas chun ceo a bhaint de dhromchla lonraithe thaobh istigh an ghaothscátha.

Ní mór éifeachtacht na gcóras díreoite agus dínéalaithe gaothscátha a fhíorú le tástálacha a dhéantar ar an bhfeithicil ag teocht -8 °C go -18 °C chun an sioc a bhailíonn ar an taobh amuigh den ghaothscáth a dhíreo, agus teocht -3 °C le haghaidh ceo a bhailíonn ar an taobh istigh den ghaothscáth.

Rialacha maidir le cineálcheadú AE

Ní mór do mhonaróir na feithicle iarratas a chur isteach ar chineálcheadú AE chuig an údarás inniúil. Ní mór faisnéis áirithe a bheith sna hiarratais sin, lena n–áirítear:

  • déantús agus cineál na feithicle;
  • saintréithe na gcóras díreoite agus dínéalaithe gaothscátha ar an bpainéal taispeánta;
  • saintréithe chóras téimh na mótarfheithicle.

Má mheasann an t–údarás inniúil go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais ar fad maidir le córais díreoite agus dínéalaithe gaothscátha, deonóidh sé cineálcheadú CE agus eisíodh sé uimhir chineálcheadaithe de réir an chórais uimhrithe atá leagtha amach i dTreoir 2007/46/CE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 17 Lúnasa 2010.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Córas díreoite: córas atá beartaithe chun sioc nó oighear a dhíothú ar an taobh amuigh den ghaothscáth.
Córas dínéalaithe: córas atá beartaithe chun ceo a bhaint den taobh istigh den ghaothscáth.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialacháin (AE) Uimh. 672/2010 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2010 maidir le córais díreoite agus dínéalaithe gaothscátha mótarfheithiclí áirithe agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineál-cheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 196, 28.7.2010, lgh. 5-20)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n–aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (OJ L 200, 31.7.2009, lgh. 1-24)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear creat le haghaidh mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe d’fheithiclí den sórt sin (Creat-Treoir) (IO L 263, 9.10.2007, lgh. 1-160)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 02.05.2019

Top