EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Airgead leictreonach: a ghnó agus maoirseacht stuamachta air

ACHOIMRE AR:

Threoir 2009/110/CE — gnó an airgid leictreonaigh agus maoirseacht a dhéanamh air

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

  • Sa treoir um airgead leictreonach seo (EMD) leagtar amach na rialacha ar ghnó institiúidí airgid leictreonaigh* (ríomh-airgead) agus maoirseacht a dhéanamh air d’fhonn cur le teacht chun cinn fíor-mhargaidh aonair do sheirbhísí ríomh-airgid san Aontas Eorpach (AE).
  • Féachtar inti chomh maith le comhsheasmhacht le treoracha seirbhísí íocaíochta AE (Treoir 2007/64/CE, ar a dtugtar an PSD) a chinntiú, agus dá bhrí sin rannchuidiú le margadh aonair AE le haghaidh íocaíochtaí chun tairbhe tomhaltóirí, gnó agus geilleagar AE i gcoitinne.

PRÍOMHPHOINTÍ

Go ginearálta, is é is aidhm leis an treoir um airgead leictreonach:

  • teacht chun cinn seirbhísí úra, nuálacha agus slána ríomh-airgid a éascú;
  • rochtain ar an margadh a chur ar fáil do chuideachtaí úra;
  • iomaíocht éifeachtúil a spreagadh idir na rannpháirtithe margaidh uile.

Go sonrach, déantar rialacha AE ar ríomh-airgead a nuachóiriú inti, go háirithe an córas stuamachta d’institiúidí ríomh-airgid* a chur ar aon dul leis na ceanglais d’institiúidí íocaíochta in PSD.

Tugtar ceanglais chomhréireacha stuamachta isteach inti chun rochtain ar an margadh do rannpháirtithe nuathagtha a éascú. Áirítear air sin an ceanglas caipitil tosaigh a laghdú go €350 000 agus rialacha úra ar chistí dílse a ríomh.

Áirítear ar na hinstitiúidí atá cumhdaithe faoi EMD bainc, institiúidí ríomh-airgid, an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta.

Áirítear ar na gníomhaíochtaí a cheadaítear d’institiúidí ríomh-airgid a dhéanamh seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus creidmheas a bhaineann leis na híocaíochtaí sin a dheonú.

I mí Dheireadh Fómhair 2015, ghlac AE treoir úr um sheirbhísí íocaíochta ar a dtugtar PSD2. Aisghairtear Treoir 2007/64/CE léi le héifeacht ón 13 Eanáir 2018. Is éard is aidhm le PSD2 feabhas a chur ar shlándáil, rogha na dtomhaltóirí a leathnú agus coinneáil suas leis an nuálaíocht.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 30 Deireadh Fómhair 2009. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 30 Aibreán 2011.

CÚLRA

Suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ar ríomh-airgead

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Is éard is airgead leictreonach ann an mhalairt dhigiteach ar airgead tirim, lenar féidir le húsáideoirí cistí a stóráil ar ghléas (cárta nó fón) nó tríd an idirlíon agus idirbhearta íocaíochta a dhéanamh.

* Eagraíochtaí is iad institiúidí ríomh-airgid a bhfuil údarú tugtha dóibh le hairgead leictreonach a eisiúint.

GNÍOMH

Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun gnó foras airgid leictreonaigh, gnó den sórt sin a shaothrú nó maoirsiú stuama a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lgh. 7-17)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoir 97/7/CE, Treoir 2002/65/CE, Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO L 319, 5.12.2007, lgh. 1-36). Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2007/64/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lgh. 35-127)

Nuashonraithe 21.03.2016

Top