EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Córas maidir le luach saothair stiúrthóirí de chuideachtaí liostaithe

 

ACHOIMRE AR:

Moladh 2009/385/CE maidir le luach saothair stiúrthóirí cuideachtaí

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

Forlíontar leis treoir AE atá ann cheana trí mholtaí breise a thabhairt ar conas a fhéadfar dea-chleachtais a shainiú chun beartas luacha saothair cuí le haghaidh stiúrthóirí cuideachta atá liostaithe ar an stocmhalartán a ullmhú. Chun na críche sin, déileáiltear ann le roinnt gnéithe de struchtúr luacha saothair na stiúrthóirí agus a rialachas.

PRÍOMHPHOINTÍ

Beartas luacha saothair

Struchtúr an bheartas um luach saothair stiúrthóirí

Lena chinntiú go mbaineann luach saothair le feidhmíocht, ceanglaítear sa mholadh úr go n–aimseofaí cothromaíocht idir luach saothair seasta agus luach saothair inathraitheach agus tá leithdháileadh na comhpháirte inathraithí faoi choinníoll critéir feidhmíochta réamhshocraithe agus intomhaiste.

Chun inmharthanacht fhadtéarmach cuideachtaí a chur chun cinn, déantar foráil sa mholadh chomh maith i leith:

  • cothromaíocht idir critéir feidhmíochta fadtéarmaí agus gearrthéarmaí;
  • Iarchur íocaíocht na comhpháirte inathraithí;
  • íostréimhse chun scair-roghanna agus scaireanna a dhílsiú (an méid ama nach mór do stiúrthóir fónamh do chuideachta chun úinéireacht iomlán a bheith acu ar a roghanna agus a scaireanna);
  • íoslíon scaireanna a choinneáil go dtí deireadh an tsainordaithe.

íocaíochtaí foirceannta (“paraisiúit órga”) faoi réir teorainneacha cainníochtúla chomh maith agus níor cheart iad a íoc i gcás go dteipfeadh orthu. Tá sé molta nach bheidh íocaíochtaí níos mó ná coibhéis 2 bhliain de chomhpháirt neamh-inathraitheach an luacha saothair.

Tugtar isteach sa mholadh chomh maith prionsabal chomhréireacht an luacha saothair laistigh den chuideachta. Bheadh sé sin ina rátáil lena ndéanfaí comparáid idir luach saothair na stiúrthóirí agus luach saothair stiúrthóirí feidhmiúcháin ar an mbord agus fosaithe nó feidhmeannaigh na cuideachta.

Mar an rogha dheiridh, ba cheart go n–aiséileodh cuideachtaí comhpháirteanna inathraitheacha luacha saothair a íocadh ar bhonn sonraí faoina bhfaightear amach níos déanaí go raibh siad míshonraithe go follasach.

Rialachas maidir leis an mbeartas um luach saothair stiúrthóirí

Struchtúr an bheartas um luach saothair stiúrthóirí

Tá an moladh bunaithe ar Mholadh 2004/913/CE ina n–ordaítear go gcaithfidh gach cuideachta liostaithe ráiteas maidir lena mbeartas luacha saothair a fhoilsiú. Téitear níos faide sa mholadh nua trína shonrú nach mór don ráiteas sin a bheith soiléir agus sothuigthe.

Ba cheart go soláthrófaí faisnéis sa ráiteas ar luach saothair chomh maith maidir leis an méid seo a leanas:

  • rogha na gcritéar feidhmíochta;
  • na modhanna a chuirtear i bhfeidhm lena dhearbhú cibé ar comhlíonadh na critéir feidhmíochta nó nár comhlíonadh;
  • íocaíocht chomhpháirteanna inathraitheacha an luacha saothair;
  • íocaíocht íocaíochtaí foirceanta;
  • cearta bunaithe ar scaireanna a dhílsiú sa luach saothair;
  • an beartas maidir le coinneáil scaireanna (seasta, mar shampla, ag iomlán an luacha saothair bhliantúil faoi dhó);
  • comhdhéanamh piarghrúpaí cuideachtaí a ndearnadh scrúdú ar a mbeartas luacha saothair i ndáil le bunú bheartas luacha saothair na cuideachta lena mbaineann.

Vóta na ngeallsealbhóirí

Chun feabhas a chur ar thrédhearcacht, ba cheart do gheallsealbhóirí páirt a ghlacadh i gcruinnithe boird agus leas a bhaint as a gcearta vótála maidir le luach saothair na stiúrthóirí.

Coistí um luach saothair

Tá príomhról ag coistí um luach saothair maidir le beartas freagrach luacha saothair a bhunú. Chun feidhmiú agus freagracht an choiste um luach saothair a neartú, moltar sa mholadh go mbeadh saineolas dóthanach ag comhalta amháin dá chuid ar a laghad ar chúrsaí luacha saothair.

Tá oibleagáid sa mholadh chomh maith do chomhaltaí an choiste um luach saothair freastal ar an gcruinniú boird ag a bhfuil an ráiteas ar luach saothair ar an gclár oibre chun a bheith ábalta míniúcháin a thabhairt do scairshealbhóirí.

Ar deireadh, chun coinbhleachtaí leasa do chomhairligh luacha saothair a sheachaint, ceanglaítear leis nach bhfuil cead ag comhairligh a thugann comhairle don choiste um luach saothair comhairle a thabhairt do rannóga eile de chuid na cuideachta chomh maith.

Luach saothar stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin nó comhaltaí den bhord maoirseachta

Chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, soláthraítear sa mholadh nár cheart scair-roghanna bheith san áireamh le luach saothair na gcomhaltaí neamhfheidhmiúcháin den bhord nó na gcomhaltaí den bhord maoirseachta.

CÚLRA

Le géarchéim airgeadais Dheireadh Fómhair 2008 nochtadh struchtúir luacha saothair a bhí ag éirí níos casta i gcónaí. Bíonn siad bunaithe go minic ar fheidhmíocht ghearrthéarmach, agus is féidir luach saothair iomarcach stiúrthóirí, nach bhfuil údar leis de réir feidhmíochta, bheith mar thoradh orthu. Leis an moladh seo comhlánaítear agus neartaítear Moladh 2004/913/CE agus 2005/162/CE, lena gcomhdhéantar sraith rialacha AE maidir le luach saothair stiúrthóirí de chuideachtaí liostaithe. Foilsíodh é i gcomhthráth le Moladh 2009/384/CE maidir le beartais luacha saothair san earnáil airgeadais.

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh 2009/385/CE ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2009 lena gcomhlánaítear Moladh 2004/913/CE agus Moladh 2005/162/CE i dtaca le córas maidir le luach saothair stiúrthóirí de chuideachtaí liostaithe (IO L 120, 15.5.2009, lgh 28-31)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm Mholadh 2009/385/CE ón gCoimisiún (Moladh 2009 maidir le luach saothair stiúrthóirí) lena gcomhlánaítear Moladh 2004/913/CE agus Moladh 2005/162/CE i dtaca le córas maidir le luach saothair stiúrthóirí de chuideachtaí liostaithe ag Ballstáit AE (COM(2010) 285 leagan críochnaitheach, 2.6.2010)

Moladh 2009/384/CE ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2009 maidir le beartais luacha saothair san earnáil airgeadais (IO L 120, 15.5.2009, lgh. 22-27)

Moladh 2005/162/CE ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2005 maidir le ról stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin nó maoirseachta de chuideachtaí liostaithe agus ar choistí an bhoird (mhaoirseachta) (IO L 52, 25.2.2005, lgh. 51-63)

Moladh 2004/913/CE ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2004 lena gcothaítear córas cuí maidir le luach saothair stiúrthóirí de chuideachtaí liostaithe (IO L 385, 29.12.2004, lgh 55-59)

Nuashonraithe 14.02.2018

Top