EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Téarnamh na hEorpa a chur chun cinn

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach (COIM(2009) 114 leagan deireanach) - Téarnamh na hEorpa a chur chun cinn

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT SEO ÓN GCOIMISIÚN EORPACH?

Leagtar síos inti sraith beart atá le glacadh chun téarnamh a spreagadh san Aontas Eorpach (AE) tar éis na géarchéime airgeadais a thosaigh i samhradh na bliana 2007 agus a chuaigh i dtreise amach sa bhliain 2008.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuirtear clár uaillmhianach i láthair sa teachtaireacht, a bhfuil na cuspóirí seo a leanas leis:

  • 1.

    Cobhsaíocht na hearnála airgeadais a athbhunú agus a chothabháil

Sa tuarascáil, arna tíolacadh ag Grúpa De Larosière (pdf), tá an mhaoirseacht ina bunchloch i dtaobh córas airgeadais cobhsaí.

Tá sé i gceist ag an gCoimisiún Eorpach creat maoirseachta a bhunú chun rioscaí féideartha a bhaineann le margaí airgeadais a bhrath go luath mar seo a leanas:

  • 2.

    Bhí ar shlándáil a bheith ina cuid dhílis de rialacháin Eorpacha feasta freisin. Chuige sin, rinne an Coimisiún pleananna ina leith seo a leanas:

    • ionstraim reachtach lena mbunaítear caighdeáin rialála agus mhaoirseachta i ndáil le cistí fálaithe agus cothromas príobháideach;
    • Páipéar Bán maidir le huirlisí le haghaidh idirghabháil luath d'fhonn géarchéim fhéideartha a chosc;
    • tuarascáil maidir le díorthaigh agus táirgí eile a bhfuil struchtúr casta acu chun cur leis an trédhearcacht agus chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú;
    • reachtaíocht chun cur le cáilíocht agus cainníocht an chaipitil stuamachta, chun dul i ngleic le rioscaí leachtachta agus srian a chur le giaráil iomarcach.

D’fhonn athshlánú a dhéanamh ar an muinín atá ag infheisteoirí, tomhaltóirí, agus fiontair bheaga agus mheánmhéide Eorpacha as a gcuid geilleagar, as an rochtain atá acu ar chreidmheas agus as a gcearta i ndáil le táirgí airgeadais, tá an Coimisiún ag féachaint le gníomh a ghlacadh sna réimsí seo a leanas:

  • cur le héifeachtúlacht na gcosaintí margaíochta i ndáil le táirgí infheistíochta miondíola;
  • an chosaint a neartú do thaisceoirí bainc, infheisteoirí agus sealbhóirí polasaithe árachais;
  • bearta a thabhairt isteach i dtaobh iasachtú freagrach agus iasachtaíochta.

luach saothair fostaithe san earnáil airgeadais agus stiúrthóirí san earnáil sin faoi bhreithniú freisin trí phacáiste tograí reachtacha arb é is aidhm leo iad a chur faoi réir maoirseacht stuamachta.

Ar deireadh, bhí córas comhchuibhithe beart sriantach le tabhairt isteach chun drochúsáid mhargaidh a chosc.

  • 3.

    Tacú leis an bhfíorgheilleagar

Ba cheart do mhargadh aonair AE leanúint ar aghaidh ag spreagadh an rathúnais gheilleagraigh agus shóisialta in AE. Chun na críche sin, ba cheart do thíortha AE cur lena dtacaíocht don bhfíorgheilleagar trí na prionsabail seo a leanas a chur chun feidhme:

  • deireadh a chur le constaicí ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí;
  • athruithe struchtúracha a chur chun feidhme chun freastal ar dhúshláin a bhaineann leis an aeráid agus le fuinneamh trí gheilleagar ísealcharbóin a chur chun cinn;
  • cur chun cinn a dhéanamh ar mhalartú an dea-chleachtais agus sineirgí i ndáil le comhar AE;
  • margadh aonair AE a choinneáil oscailte do chomhpháirtithe trádála.
  • 4.

    Tacú leis an bpobal

Bhí drochthionchar ag an ngéarchéim freisin ar an margadh saothair agus chuir sí le fadhbanna na dífhostaíochta agus an eisiaimh shóisialta. D'fhonn dul i ngleic leis na saincheisteanna sin, thug an Coimisiún cuireadh do thíortha AE gníomhaíocht a thionscnamh sna réimsí seo a leanas:

  • daoine a choinneáil san fhostaíocht;
  • gníomhachtú a threisiú agus tacaíocht ioncaim a sholáthar;
  • infheistiú san athoiliúint agus in uasghrádú scileanna;
  • an dócmhainneacht a chosc agus rochtain ar sheirbhísí airgeadais a chothabháil;
  • saorghluaiseacht oibrithe a chinntiú;
  • bearta a chur chun feidhme chun tacú le hoibrithe neamhoilte;
  • dul i ngleic le luathfhágáil scoile;
  • solúbthacht agus socracht a chur chun cinn i dtaobh cosaint fostaíochta.

CÚLRA

Bhí cuid den teachtaireacht seo beartaithe mar ullmhúchán do chruinniú mullaigh an G20 i Londain (Aibreán 2009). Rinneadh na tograí seo a leanas d'fhonn maolú a dhéanamh ar na heasnaimh sa gheilleagar domhanda de bharr na géarchéime:

  • an t-ollstruchtúr airgeadais domhanda a neartú;
  • an creat airgeadais a neartú.

GNÍOMH

Teachtaireacht i gcomhair Chomhairle Eorpach an Earraigh - Téarnamh na hEorpa a chur chun cinn - Imleabhar 1 (COIM(2009) 114 leagan deireanach, an 4 Márta 2009)

Nuashonraithe 08.05.2016

Top