EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Straitéis frithchalaoise an Choimisiúin Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2011) 376 leagan deiridh) — straitéis frithchalaoise an Choimisiúin

CAD IS AIDHM LEIS AN STRAITÉIS?

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá sé mar aidhm leis an straitéis cosaint leasanna airgeadais AE a neartú trí fheabhas a chur ar an timthriall iomlán frithchalaoise. Dá bhrí sin cumhdaítear inti cosc agus brath, chomh maith le himscrúduithe, smachtbhannaí agus aisghabháil cistí mídhílsithe.
  • Déanann tíortha AE iomlán ioncam bhuiséad AE nach mór a bhainistiú. In éineacht leis an gCoimisiún, comhroinneann siad bainistíocht 80 % den chaiteachas, agus déanann rannóga an Choimisiúin an 20 % eile a bhainistiú go díreach iad féin nó in éineacht le páirtithe eile.

Cosc agus brath

  • Ní mór do gach eintiteas a bhainistíonn cistí AE mírialtachtaí agus calaois atá díobhálach do bhuiséad AE a chosc. Ní mór don Choimisiún, do thíortha AE agus do pháirtithe eile (e.g. údaráis réigiúnacha nó gníomhaireachtaí forbartha) nósanna imeachta bainistíochta agus rialaithe inmheánaigh a chur i bhfeidhm chun mírialtachtaí, earráidí agus calaois a chosc agus a bhrath.
  • Toisc go bhfuil éagsúlacht ar fhreagrachtaí na ngníomhairí éagsúla de réir chineál an réimse bainistíochta agus beartais, ní mór do gach rannóg de chuid an Choimisiúin straitéisí earnálacha frithchalaoise a ghlacadh. Ní mór cosc, imscrúdú, aisghabháil agus smachtbhannaí a oiriúnú do chomhthéacs sonrach gach earnála sna straitéisí sin.
  • Ní mór don Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF) a bheith réamhghníomhach agus cuidiú leis an gCoimisiún chun na straitéisí earnálacha frithchalaoise sin a chur i bhfeidhm chomh maith le feabhas a chur ar mheasúnú an riosca calaoise.
  • Ní mór an chumarsáid idir rannóga an Choimisiúin a neartú trí leathnú ar chórais malartaithe faisnéise agus ar an gcóras luathbhraite agus luatheisiaimh, a cuireadh in ionad an bhunchórais luathrabhaidh inmheánaigh.
  • Ní mór foireann an Choimisiúin, cibé acu bainisteoirí tionscadail, foireann airgeadais nó iniúchóirí, a chur ar an eolas faoi na rioscaí calaoise agus oiliúint a chur orthu chun í a chomhrac.

Imscrúduithe

  • Ní mór do OLAF imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar bith a atá díobhálach do leasanna airgeadais AE. Chuir an Coimisiún togra i láthair maidir le OLAF a athchóiriú, a ceapadh chun na himscrúduithe sin a dhéanamh níos éifeachtaí. Bhí Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 mar thoradh air sin.
  • Ní mór comhar idir OLAF agus rannóga eile de chuid an Choimisiúin, go háirithe iniúchóirí seachtracha, a neartú, agus ní mór comhar idir OLAF agus seirbhísí imscrúdaithe institiúidí eile a neartú i gcás imscrúdú seachtrach. Ní mór do thíortha AE pointí teagmhála a ainmniú le bheith mar nasc díreach le OLAF in imscrúduithe, agus an oifig a chur ar an eolas a luaithe is a thagann siad ar chalaois. Ní mór do chonraitheoirí agus do thairbhithe chistí AE rochtain ar an bhfaisnéis uile maidir le feidhmiú clár agus tionscadal a chur ar fáil do OLAF.
  • Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún chomh maith scrúdú a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaí níos mó daoine a spreagadh chun faisnéis a chomhroinnt maidir le mírialtachtaí agus calaois, agus conas a d’fhéadfadh na húdaráis lena mbaineann a chinntiú go bhfaighidh faisnéiseoirí treoir agus cosaint níos fearr.

Smachtbhannaí

  • Tá an Coimisiún le húsáid smachtbhannaí airgeadais agus/nó riaracháin a chuíchóiriú agus a neartú, lena n-áirítear eisiamh ó mhaoiniú AE i gcásanna mírialtachtaí, calaoise agus éillitheachta atá tromchúiseach.
  • Seiceálfaidh sé chomh maith go bhfuil gach smachtbhanna a chuireann tíortha AE i bhfeidhm éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Measann sé gur cheart smachtbhannaí smachtaithe a chomhroinnt leis na hinstitiúidí Eorpacha, údaráis náisiúnta agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile. Spreagann sé tíortha AE chomh maith le cásanna calaoise a bhféadfadh eisiamh ó mhaoiniú AE a bheith mar thoradh orthu a chur in iúl do bhunachar sonraí lárnach an Choimisiúin.

Aisghabháil

  • I gcás bainistíocht chomhroinnte, ní mór do thíortha AE cistí nár cheart iad a íoc a aisghabháil. Faoi bhainistíocht dhíreach, tá seirbhísí an Choimisiúin freagrach agus ní mór dóibh orduithe aisghabhála a eisiúint a luaithe is féidir.

CÚLRA

Tá an straitéis frithchalaoise seo ina cuid de chur chuige cuimsitheach chun dul i ngleic le calaois agus éillitheacht. Comhlánaítear léi tionscnaimh an Choimisiúin amhail athchóiriú OLAF, an teachtaireacht maidir le leasanna airgeadais AE a chosaint trí bhíthin imscrúduithe dlí choiriúil agus riaracháin agus an teachtaireacht maidir leis an éillitheacht a chomhrac

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir le straitéis frithchalaoise an Choimisiúin (COM(2011) 376 leagan deiridh, 24.6.2011)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Frithchalaoise Eorpach (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lgh. 1-22)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh trí bhíthin imscrúduithe dlí choiriúil agus riaracháin: Beartas comhtháite chun airgead cáiníocóirí a chosaint (COM(2011) 293 leagan deiridh, 26.5.2011)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An éillitheacht a chomhrac in AE (COM(2011) 308 leagan deiridh, 6.6.2011)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa — Calaois a chosc trí leas a bhaint as torthaí oibriúcháin: cur chuige dinimiciúil maidir le díonadh calaoise (COM(2007) 806 leagan deiridh, 17.12.2007)

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le reachtaíocht agus bainistíocht conarthaí a dhéanamh díonach ar chalaois (SEC(2001) 2029 leagan deiridh, 7.11.2001)

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Leasanna airgeadais na gComhphobal a chosaint — An comhrac in aghaidh na calaoise — Le haghaidh cur chuige straitéiseach foriomlán (COM(2000) 358 leagan deiridh, 28.6.2000)

Nuashonraithe 12.09.2016

Top