EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte AE ar chearta an linbh

 

ACHOIMRE AR:

Treoirlínte AE maidir le Cearta an Linbh a Chur chun Cinn agus a Chosaint

CAD IS AIDHM LEIS NA TREOIRLÍNTE?

Bunaítear leo creat don Aontas Eorpach (AE) lena chinntiú go gcuirtear cearta an linbh* san áireamh ina bheartais agus ina ghníomhaíochtaí seachtracha go léir.

Neartaítear gníomhaíocht AE leo maidir le cearta an linbh i gcaidreamh seachtrach a chur chun cinn agus a chosaint agus spreagtar cur chuige straitéiseach foriomlán leo maidir leis na ceisteanna sin. Forlíontar Treoirlínte AE maidir le leanaí agus coinbhleacht armtha agus clár oibre ae maidir le cearta an linbh leo chomh maith.

PRÍOMHPHOINTÍ

Chun an cuspóir a bhaint amach maidir le cearta an linbh a chosaint, baineann AE úsáid as uirlisí oibriúcháin, amhail:

  • idirphlé polaitiúil, trí chearta an linbh a chur san áireamh i gcaibidlíochtaí agus i bplé a thionóltar le heagraíochtaí eile agus le tíortha neamh-AE;
  • démarches (e.g. ionadaíocht taidhleoireachta ar cheist faoi leith ó rialtas amháin go rialtas eile), chun an gá atá le bearta cuí a dhéanamh chun leanaí a chosaint a chur i gcuimhne do thíortha neamh-AE;
  • comhar déthaobhach agus iltaobhach chun cúnamh daonnúil a dhréachtú agus chun cláir chabhrach a fhorbairt ina mbeidh béim ar chearta leanaí;
  • comhpháirtíocht agus comhordú le geallsealbhóirí idirnáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe (NA), eagraíochtaí réigiúnacha, an Fóram Eorpach ar Chearta an Linbh, institiúidí taighde, an tsochaí shibhialta agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta.

Áirítear ar na gníomhaíochtaí ginearálta chun na treoirlínte sin a chur i bhfeidhm:

  • tíortha neamh-AE a spreagadh chun cloí le hionstraimí agus le caighdeáin idirnáisiúnta agus comhoibriú le comhlachtaí, amhail na Náisiúin Aontaithe agus Comhairle na hEorpa;
  • neartú ar chosaint cearta leanaí a ghríosú i dtíortha neamh-AE trí straitéisí a dhréachtú agus sásraí atá ann cheana a neartú;
  • feabhas a chur ar phróisis agus ar struchtúir mhonatóireachta (e.g. bunachair shonraí);
  • níos mó acmhainní a thairiscint chun cearta leanaí a chur chun cinn agus a chosaint;
  • dul i ngleic le sárú cearta leanaí agus deireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós atá ann cheana;
  • rannpháirtíocht leanaí a spreagadh i gcinnteoireacht agus i gcur chun feidhme beartas a bhaineann leo;
  • feabhas a chur ar chumais teaghlach/cúramóirí eile maidir lena róil a chomhlíonadh go hiomlán i dtaca le cearta leanaí a chosaint;
  • na cláir um spreagadh feasachta maidir le cearta leanaí a chur chun cinn trí fheachtais i ndáil le cearta an linbh a chorprú i gcuraclaim scoile a chur chun cinn.

Déantar gníomhaíocht shonrach i réimsí tosaíochtaí ar bhonn na straitéisí cur chun feidhme faoi leith. Roghnaítear na réimsí tosaíochta ar feadh tréimhse 2 bhliain. Tagraíonn an chéad réimse tosaíochta do gach cineál foréigin i gcoinne leanaí. Tá an cuspóir, an chuid oibríochta agus an straitéis cur chun feidhme a bhaineann le tír faoi leith, gníomhaíochtaí, monatóireacht agus measúnú ar an gcur chun feidhme mionsonraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na treoirlínte.

CÚLRA

D’fhéadfadh a lán bagairtí a bheith le sárú ag leanaí agus d’fhéadfadh easpa deiseanna a bheith orthu le haghaidh rochtain ar oideachas agus ar chúram sláinte agus sóisialta. Tá siad ina n-íospartaigh saothair leanaí, foréigin, mí-úsáid ghnéis agus coinbhleachta armtha agus tá siad neamhchosanta ar idirdhealú, imeallú agus eisiamh. Bíonn rioscaí faoi leith os comhair cailíní agus teastaíonn aird faoi leith uathu.

Tá AE ina imreoir tábhachtach maidir le cearta an duine (agus cearta leanaí go háirithe) ar fud an domhain a chosaint. Cloíonn sé le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus lena phrótacail roghnacha. Cuireann sé tionscnaimh eile chun cinn chomh maith ina ndírítear ar fheabhas leanaí, amhail Spriocanna Forbartha na Mílaoise a bhí ann roimhe seo, ar cuireadh Clár Oibre 2030 i dtaobh Forbairt Inbhuanaithe ina n-ionad ó bhí tús 2016 ann.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Leanbh: i gcomhthéacs na hachoimre seo, tagraíonn leanbh do dhuine ar bith faoi bhun 18 mbliana d’aois.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoirlínte AE maidir le Cearta an Linbh a Chur chun Cinn agus a Chosaint, arna bhfaomhadh ag an gComhairle an 10 Nollaig 2007 (níl siad foilsithe san Iris Oifigiúil)

Nuashonraithe 16.08.2016

Top