EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú le Hong Cong maidir le comhar agus cúnamh frithpháirteach i gcúrsaí custaim

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 1999/400/CE maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Hong Cong, an tSín maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Hong Cong, an tSín maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Tá sé mar aidhm leis an gcomhaontú comhar a fheabhsú idir na húdaráis riaracháin atá freagrach as reachtaíocht custaim* a chur i bhfeidhm. Chomh maith le cineálacha éagsúla comhair a sholáthar, tá airteagail ina ndírítear ar chomhar custaim a fhorbairt agus a mhéadú tuilleadh trí chomhaontuithe ar chúrsaí faoi leith.

Cuirtear an comhaontú i gcrích leis an gcinneadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois).

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhar custaim

Glacann na páirtithe mar chúram orthu comhoibriú i leith custam a fhorbairt ar na bealaí a leanas:

  • comhordú éifeachtach agus bealaí éifeachtacha cumarsáide a chur chun cinn idir a n–údaráis chustaim chun comhroinnt shlán thapa faisnéise a éascú;
  • gluaiseacht earraí a éascú;
  • an fhaisnéis agus an saineolas a theastaíonn chun feabhas a chur ar nósanna imeachta custaim a mhalartú;
  • cúnamh teicniúil a chur ar fáil dá chéile;
  • baill foirne a mhalartú i gcás go dtéann sé sin chun tairbhe an dá pháirtí.

Cúnamh riaracháin frithpháirteach

Is féidir dhá chineál cúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh a thabhairt:

  • cúnamh ar iarratas: ní mór don údarás iarrtha* gach faisnéis ábhartha ar fáil don údarás is iarratasóir* ionas go mbeidh sé ábalta a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht custaim i bhfeidhm mar is ceart. D’fhéadfadh baint a bheith ag an bhfaisnéis sin le gníomhaíochtaí a braitheadh nó gníomhaíochtaí atá beartaithe, a d’fhéadfadh a bheith ina n–oibríochtaí lena sáraítear an reachtaíocht sin. D’fhéadfadh baint a bheith aici chomh maith le rialtacht nósanna imeachta allmhairithe nó onnmhairithe idir an dá thír.

Cumhdaítear sa chomhaontú chomh maith faireachas speisialta i gcásanna amhrasta. Féadfar faireachas den sórt sin a chur i bhfeidhm ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach, ar aon áit, ar aon ghluaiseacht earraí nó ar aon mhodh iompair atá nasctha nó a d’fhéadfadh a bheith nasctha, nó a úsáidtear nó a d’fhéadfaí a úsáid, chun oibríochtaí a dhéanamh lena sáraítear reachtaíocht custaim.

  • cúnamh gan choinne: féadfaidh na páirtithe cuidiú a thabhairt dá chéile dá dtionscnamh féin má cheapann siad gur gá sin chun reachtaíocht custaim a chur i bhfeidhm mar is ceart, go háirithe má fhaigheann siad faisnéis a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar spéise don pháirtí eile.

Gnéithe foirmiúla agus eisceachtaí maidir le cúnamh

Ní mór iarratais a dhéanamh i scríbhinn, ach amháin i gcásanna práinneacha nuair is féidir iarratais ó bhéal a dhéanamh, agus iad a dhearbhú i scríbhinn ina dhiaidh sin.

Ní foláir nó go mbeidh an méid a leanas in iarratais:

  • sonraí maidir leis an údarás is iarratasóir;
  • an beart arna iarraidh;
  • cuspóir an iarratais agus an chúis leis;
  • an reachtaíocht lena mbaineann;
  • na daoine nádúrtha nó dlítheanacha lena mbaineann;
  • achoimre ar na fíricí ábhartha agus ar na fiosrúcháin atá déanta cheana.

Féadfaidh an páirtí iarrtha diúltú cloí le hiarratas i gcás gur dhócha go mbeadh sé mar chúis leis go ndéanfaí dochar do cheannas, do bheartas poiblí, do shlándáil nó do leas ríthábhachtach eile ceann de na páirtithe. Féadfar an oibleagáid chun cúnamh a sholáthar a tharscaoileadh freisin i gcás go sáródh sé rún tionsclaíoch, tráchtála nó gairmiúil.

clásail rúndachta sa chomhaontú maidir leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil. Tugtar ardleibhéal cosanta do shonraí pearsanta.

Déantar foráil sa chomhaontú i leith Comhchoiste um Chomhoibriú Custam a bhunú trína ndéantar maoirseacht ar fheidhmiú ceart an chomhaontaithe seo agus a dhéanann imscrúdú ar na saincheisteanna uile a eascraíonn óna chur i bhfeidhm.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meitheamh 1999.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Reachtaíocht custaim: áirítear léi forálacha dlíthiúla nó rialála ar bith nó ionstraim ar bith eile atá ceangailteach ó thaobh dlí a ghlacann AE agus Hong Cong lena rialaítear allmhairiú, onnmhairiú agus iompar earraí agus a gcur faoi nós imeachta custaim ar bith eile, lena n–áirítear bearta maidir le toirmeasc, srian agus rialú a thagann faoi inniúlacht na n–údarás custaim agus údarás riaracháin eile.
An t–údarás iarrtha: an t–údarás custaim inniúil a fhaigheann iarratas ar chúnamh.
An t–údarás is iarratasóir: an t–údarás custaim inniúil a dhéanann an t–iarratas ar chúnamh.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 1999/400/CE ón gComhairle an 11 Bealtaine 1999 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Hong Cong, an tSín maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim (IO L 151, 18.6.1999, lch 20)

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Hong Cong, an tSín maidir le comhar agus cúnamh riaracháin frithpháirteach i gcúrsaí custaim (IO L 151, 18.6.1999, lgh. 21-26)

Nuashonraithe 08.01.2019

Top