EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cinntí díbeartha — aitheantas frithpháirteach ag tíortha AE

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2001/40/CE maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chinntí ar dhíbirt náisiúnach neamh-AE

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm léi a chinntiú go ndéanfar cinneadh ar bith a dhéanann tír de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) náisiúnach neamh-AE atá i dtír AE eile a dhíbirt a urramú agus go gcloífear leis.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá feidhm ag na horduithe díbeartha chomh maith maidir le saoránaigh neamh-AE:
    • ar bagairt thromchúiseach agus bagairt atá ann anois iad don ord poiblí nó don tslándáil agus don tsábháilteacht náisiúnta;
    • ar ciontaíodh iad i gcion a mbaineann téarma príosúnachta bliana ar a laghad leis;
    • a gcreidtear, ar bhonn forais thromchúiseacha nó fianaise láidir, go bhfuil cionta dá leithéid déanta acu, nó go bhfuil sé beartaithe acu iad a dhéanamh;
    • ar theip orthu cloí le rialacha náisiúnta iontrála nó cónaithe.
  • Má tá cead cónaithe bailí ag an duine lena mbaineann, ní mór don tír a bhfuil an díbirt á forchur aici dul i gcomhairle leis an tír a d’eisigh an cead.
  • Ní mór do na tíortha a bhfuil an reachtaíocht á cur i bhfeidhm acu:
    • urraim a thabhairt do chearta an duine agus do na saoirsí bunúsacha;
    • a chinntiú gur féidir leis an duine lena mbaineann achomharc a dhéanamh i gcoinne an ordaithe díbeartha.
    • sonraí pearsanta agus sonraí slándála a chosaint;
    • úsáid a bhaint as gach cineál comhair agus malartaithe faisnéise chun an reachtaíocht a chur chun feidhme;
    • cúiteamh a thabhairt dá chéile maidir leis na costais airgeadais a bheidh i gceist. Tá na socruithe leagtha amach i gCinneadh 2004/191/CE ón gComhairle.
  • Ní mór don tír a bhfuil an t-ordú díbeartha á eisiúint aici na doiciméid riachtanacha uile a sholáthar don tír a bheidh á fhorfheidhmiú chomh luath agus is féidir.
  • Ní mór don tír a bhfuil an cinneadh á fhorfheidhmiú aici a chinntiú nach sáraíonn sé sin na rialacha idirnáisiúnta nó náisiúnta ábhartha.
  • Níl feidhm ag an reachtaíocht sin maidir le baill teaghlaigh shaoránaigh AE.
  • I dTreoir 2003/110/CE ón gComhairle leagtar amach na socruithe idirthurais do chónaitheoirí mídhleathacha neamh-AE a dhíbrítear d’aer trí thír AE eile.
  • I dTreoir 2008/115/CE leagtar amach caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna maidir le náisiúnaigh neamh-AE atá ag fanacht go mídhleathach a sheoladh ar ais.
  • I Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 (Rialachán Bhaile Átha Cliath III) lena leagtar síos na critéir agus na nósanna imeachta lena gcinntear cé acu tír AE atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann.
  • I Meán Fómhair 2005, d’eisigh an Chomhairle Eorpach 20 treoirlíne maidir le filleadh éigeantach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 2 Meitheamh 2001. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 2 Nollaig 2002.

CÚLRA

Cuireann an Ríocht Aontaithe (1) agus Éire, cé nach bhfuil siad i limistéar saor ó phasanna Schengen, an reachtaíocht i bhfeidhm agus glacann siad páirt ina socruithe, mar a dhéanann an Íoslainn agus an Iorua; ní dhéanann an Danmhairg é sin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2001/40/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chinntí ar dhíbirt náisiúnach de chuid tríú tíortha (IO L 149, 2.6.2001, lgh. 34-36)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2003/110/CE ón gComhairle an 25 Samhain 2003 maidir le cúnamh i gcásanna idirthurais chun críocha díbeartha d’aer (IO L 321, 6.12.2003, lgh. 26-31)

Treoir 2004/191/CE ón gComhairle an 23 Feabhra 2004 lena leagtar síos na critéir agus na socruithe praiticiúla maidir le cúiteamh míchothromaíochtaí airgeadais de thoradh chur i bhfeidhm Threoir 2001/40/CE maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chinntí ar dhíbirt náisiúnach de chuid tíortha neamh-AE (IO L 60, 27.2.2004, lgh. 55-57)

Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh ó thíortha neamh-AE atá ag fanacht go mídhleathach a sheoladh ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lgh. 98-107)

Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu tír AE atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de thíortha AE ag náisiúnach ó thír neamh-AE nó ag duine gan stát (IO L 180, 29.6.2013, lgh. 31-59)

Nuashonraithe 09.01.2017



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top