EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Córas chun an euro a chosaint ar ghóchumadh

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle — an euro a chosaint ar ghóchumadh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Cuirtear córas ar bun leis lena chur ar chumas Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) faisnéis faoi nótaí góchumtha agus faoi bhoinn ghóchumtha a bhailiú agus a roinnt eatarthu féin agus leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE), leis an gCoimisiún Eorpach, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpaigh iad, más iomchuí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Le Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 leathnaítear raon feidhme an rialacháin chun Ballstáit nach bhfuil sa limistéar euro a chumhdach.

Príomhghnéithe an chórais chun an euro a chosaint

  • Déanann údaráis na mBallstát sonraí teicniúla maidir le nótaí euro agus boinn euro a tharchur go córasach (bainc cheannais náisiúnta den chuid is mó) chuig BCE; tá BCE freagrach as iad a stóráil agus a phróiseáil.
  • Ní mór d’údaráis na mBallstát cead a thabhairt dá lárionad náisiúnta anailíse scrúdú a dhéanamh ar nótaí a bhfuil amhras fúthu agus cead a thabhairt don Lárionad Náisiúnta um Anailís Monaí imscrúdú a dhéanamh ar bhoinn a bhfuil amhras fúthu. Ní mór do na comhlachtaí sin gach cineál nóta nua a bhfuil amhras fúthu a sheoladh chuig BCE agus gach cineál boinn nua a bhfuil amhras fúthu a sheoladh chuig an Lárionad Eorpach Teicniúil agus Eolaíoch.
  • Tá oibleagáidí áirithe ar na hinstitiúidí creidmheasa, ar sholáthraithe na seirbhísí íocaíochta eile agus ar na hinstitiúidí eile a dhéanann nótaí agus boinn a phróiseáil agus a dháileadh ar an bpobal. Ní mór foráil a dhéanamh sna Ballstáit i leith pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha atá infheidhmithe maidir le hinstitiúidí nach n–éiríonn leo a n–oibleagáidí a chomhlíonadh.
  • Téitear i mbun comhair (i measc nithe eile, tríd an gclár Pericles, arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2021/840) idir údaráis ábhartha na mBallstát (go háirithe na lároifigí náisiúnta a cuireadh ar bun faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Díchur Góchumadh Airgeadra), BCE, an Coimisiún agus Europol.
  • Déantar an fhaisnéis faoi chásanna maidir le góchumadh euro a lárú ar bhonn náisiúnta agus a tharchur chuig Europol.
  • Baineann an córas freisin le comhar le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta (lena n–áirítear Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol)).

Ní mór do na Ballstáit liosta na n–údarás, ar ainmníodh iad mar údaráis inniúla chun nótaí góchumtha agus boinn ghóchumtha a aithint, a chur in iúl don Choimisiún agus do BCE.

Bhunaigh an Coimisiún Eorpach an Grúpa Saineolaithe ar Ghóchumadh an Euro chun:

  • cuidiú le tograí a dhréachtú do chaingne dlíthiúla nó tionscnaimh um beartas a bhaineann le góchumadh nótaí agus bonn;
  • comhoibriú go dlúth leis an gCoimisiún, Ballstáit, an ETSC, BCE agus Europol;
  • faisnéis a mhalartú agus dea–chleachtais a bhunú maidir le góchumadh a chosc agus a chomhrac, chomh maith le hanailís a dhéanamh ar a thionchar;
  • comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 agus clár Pericles a chur chun feidhme.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2002. Bhí sé i bhfeidhm, áfach, ón 4 Iúil 2001 maidir le nótaí agus boinn nár eisíodh fós ach a raibh sé beartaithe iad a eisiúint.

CÚLRA

Cuireadh Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 i bhfeidhm sular tugadh an euro isteach sa bhliain 2002. Féachtar leis an rialachán sin bancnótaí agus boinn euro a chosaint ar ghóchumadh.

Cuirtear sa rialachán le sraith cinntí a glacadh cheana féin:

  • lárionaid náisiúnta anailíse agus ionaid náisiúnta anailíse monaí a chur ar bun;
  • an Lárionad Anailíse ar Ghóchumadh a chur ar bun;
  • maidir le faisnéis theicniúil faoi ghóchumadh an euro a bhailiú ag BCE agus ag Lárionad Eolaíochta agus Teicniúla na hEorpa atá freagrach as boinn euro a anailísiú;
  • faoinar tugadh isteach smachtbhannaí coiriúla in aghaidh ghóchumadh an euro.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint i gcoinne góchumtha (IO L 181, 4.7.2001, lgh. 6–10).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 2021/840 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár “Pericles IV”) agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 331/2014 (IO L 186, 27.5.2021, lgh. 1–11).

Cinneadh ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2016 lena mbunaítear an Grúpa Saineolaithe ar Ghóchumadh an Euro (IO C 58, 13.2.2016, lgh. 5–7).

Comhaontú idir an Oifig Eorpach Póilíní (Europol) agus an Banc Ceannais Eorpach (BCE) (IO C 123, 17.4.2015, lgh. 1–5).

Treoir 2014/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an euro agus airgeadraí eile a chosaint ar ghóchumadh tríd an dlí coiriúil, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2000/383/CGB (IO L 151, 21.5.2014, lgh. 1–8).

Cinneadh 2013/211/AE ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Aibreán 2013 maidir le luachanna, le sonraíochtaí, le hatáirgeadh, le malartú agus le haistarraingt bhoinn euro (BCE/2013/10) (IO L 118, 30.4.2013, lgh. 37–42).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2010/597/AE ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Meán Fómhair 2010 maidir le seiceáil barántúlachta agus oiriúnachta agus le hath–imshruthú bhancnótaí euro (BCE/2010/14) (IO L 267, 9.10.2010, lgh. 1–20).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1210/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 maidir le monaí euro a fhíordheimhniú agus maidir le monaí euro atá mí–oiriúnach le haghaidh cúrsaíochta a láimhseáil (IO L 339, 22.12.2010, lgh. 1–5).

Cinneadh 2003/861/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2003 maidir le hanailís agus comhar i dtaca le monaí euro góchumtha (IO L 325, 12.12.2003, lch. 44).

Rialachán (CE) Uimh. 1339/2001 an 28 Meitheamh 2001 lena leathnaítear Rialachán (CE) Uimh. 1338/2001 lena leagtar síos na bearta is gá chun an euro a chosaint ar ghóchumadh chuig na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu mar airgeadra aonair (IO L 181, 4.7.2001, lch. 11).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2001/887/CGB ón gComhairle an 6 Nollaig 2001 maidir le cosaint an euro ar ghóchumadh (IO L 329, 14.12.2001, lgh. 1–2).

Cinneadh 2001/912/CE ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Samhain 2001 maidir le coinníollacha áirithe a bhaineann le rochtain ar an gCóras Monatóireachta ar Ghóchumadh (BCE/2001/11) ) (IO L 337, 20.12.2001, lgh. 49–51).

Nuashonraithe 15.02.2023

Top