EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Athbhreithniú piaraí ar bhearta thíortha AE chun coireacht eagraithe a chomhrac

Tugtar meicníocht isteach i ngníomhaíocht chomhpháirteach de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) lenar féidir measúnuithe piaraí a dhéanamh ar chórais dhlíthiúla thíortha AE i dtaca le bearta éagsúla ina ndéantar coireacht eagraithe a chomhrac.

GNÍOMH

Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/827/JHA an 5 Nollaig 1997 arna glacadh ag an gComhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, lena mbunaítear meicníocht chun measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus ar chur chun feidhme gnóthas idirnáisiúnta ar leibhéal náisiúnta sa chomhrac in éadan na coireachta eagraithe.

ACHOIMRE

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an measúnú ullmhaithe ag uachtaránacht na Comhairle, ag obair i gcuideachta Ard-Rúnaí na Comhairle agus an Choimisiúin Eorpaigh.

Ní mór do gach tír AE 1 go 3 saineolaithe a aithint a bhfuil taithí acu ar na hábhair ar a ndéanfar measúnú (.i. ábhar póilíneachta, custaim, breithiúnach) agus a n-ainmneacha a chur isteach chuig uachtaránacht na Comhairle. Roghnóidh uachtaránacht na Comhairle 3 saineolaithe ansin ó na hainmneacha chun measúnú a dhéanamh ar thír AE, agus cinnteoidh sí ag an am céanna nach náisiúnaigh iad na 3 saineolaithe lena mbaineann den tír AE a bheidh á measúnú.

Dírítear i ngach babhta measúnaithe ar ábhar faoi leith a chomhaontaíonn na tíortha AE. Comhaontaíonn siad chomh maith ar ord na gcuairteanna agus ar an gceistneoir ar an mbonn ar a mbeidh an fhoireann um measúnú le cuairt a thabhairt ar gach tír AE. Is é an aidhm an fhaisnéis go léir a bheidh úsáideach chun an measúnú a dhéanamh a bhailiú. I ndiaidh an ceistneoir a chur i gcrích, tugann an fhoireann um measúnú cuairt ar an tír AE lena mbaineann agus buaileann siad leis na páirtithe ábhartha (m.sh. páirtithe polaitiúla, riaracháin, póilíneachta, custaim agus údaráis bhreithiúnacha). Ní mór do gach tír AE a chinntiú go gcomhoibríonn a n-údaráis go hiomlán leis na foirne um measúnú a bunaíodh faoin ngníomhaíocht chomhpháirteach.

Cuirtear an dréacht-tuarascáil isteach chuig an tír AE ar tugadh cuairt lena tuairim a fháil nach déanaí ná 1 mhí i ndiaidh na cuairte. A luaithe is a ghlactar agus a dhéantar athruithe ar bith, cuireann uachtaránacht na Comhairle an dréacht-tuarascáil ar aghaidh chuig an ngrúpa oibre ábhartha de chuid na Comhairle chun é a bhreathnú tuilleadh agus a ghlacadh.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Gníomhaíocht Chomhpháirteach 97/827/JHA

15.12.1997

-

IO L 344 an 15.12.1997, lgh. 7-9

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 2002/996/JHA ón gComhairle an 28 Samhain 2002 lena mbunaítear meicníocht chun measúnú a dhéanamh ar na córais dhlíthiúla agus ar a gcur chun feidhme ar leibhéal náisiúnta sa chomhrac in éadan na sceimhlitheoireachta (Iris Oifigiúil L 349, 24.12.2002, lgh. 1-3).

Nuashonraithe 02.07.2015

Top