EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh hidreacarbón

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 94/22/CE — coinníollacha maidir le húdaruithe a dheonú agus a úsáid le haghaidh sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbón

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach inti rialacha ar fud AE chun rochtain neamh-idirdhealaitheach ar ghníomhaíochtaí sirtheoireachta, taiscéalaíochta agus táirgthe hidreacarbón a ráthú.

Féachtar leis na rialacha seo le:

  • margadh inmheánach fuinnimh AE a chomhtháthú tuilleadh;
  • níos mó iomaíochta a spreagadh ann; agus
  • slándáil an tsoláthair a fheabhsú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann an treoir le húdaruithe maidir leis na cearta chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht nó táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbóin.

Sonraítear ann go gcaithfear teorainneacha geografacha údaraithe agus teorainn ama an údaraithe sin a chinneadh de réir an tslí is fearr agus is féidir chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh ón taobh eacnamaíoch agus teicniúil. Is é is aidhm leis sin cosc a chur ar eintiteas amháin cearta eisiacha a bheith aige/aici le haghaidh limistéir ar féidir le roinnt eintiteas sirtheoireachta, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh air.

B’éigean do na tíortha lenar bhain dlíthe lenar forchoimeádadh d’eintiteas aonair an ceart chun údaruithe a fháil le haghaidh sainlimistéar tíreolaíochta ar leith laistigh de chríoch thír AE iad a dhíothú faoin 1 Eanáir 1997.

Ní foláir nó go bhfuil nósanna imeachta chun údaruithe a dheonú trédhearcach agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha. Dá bhrí sin ní mór dóibh a bheith oscailte do gach eintiteas leasmhar.

Ní mór an roghnú as measc na n–eintiteas éagsúil a bheith bunaithe ar:

  • a gcumais theicniúla agus airgeadais;
  • an dóigh a bhfuil sé i gceist acu sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus/nó táirgeadh a dhéanamh sa limistéar geografach atá i gceist; agus
  • an praghas atá an t–eintiteas sásta a íoc chun an t–údarú a fháil (i gcás go bhfuil an t–údarú ar díol).

Foilsítear an fhaisnéis go léir a bhaineann leis an údarú (an cineál údaraithe, an limistéar geografach a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ina iomláine nó go páirteach, an spriocdháta a shamhlaítear chun an t–údarú, na critéir roghnúcháin a dheonú, etc.); in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh 90 lá ar a laghad roimh an spriocdháta chun iarratais a chur isteach.

Mar sin féin, coinníonn tíortha AE an ceart chun rochtain ar na gníomhaíochtaí sin agus a bhfeidhmiú a chur faoi réir na nithe a leanas:

  • slándáil náisiúnta;
  • sábháilteacht an phobail;
  • sláinte phoiblí;
  • slándáil iompair;
  • cosaint an chomhshaoil;
  • cosaint acmhainní bitheolaíocha;
  • bainistíocht bheartaithe ar acmhainní hidreacarbóin nó ar íocaíocht ranníocaíochta airgeadais nó ranníocaíochta i hidreacarbóin.

Tugtar nósanna imeachta isteach maidir le comhaontú frithpháirteach le tíortha neamh-AE, ionas go mbeidh eintitis na dtíortha AE in ann cóireáil a fháil i dtíortha neamh-AE atá inchomparáide lena bhfaigheann eintitis thíortha neamh-AE in AE.

Comhlánaítear le Treoir 94/22/CE Treoir 2014/25/AE — ceannach poiblí — rialacha maidir le hearnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus seirbhísí poist.

CÉN UAIR A MBEIDH TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 30 Meitheamh 1994 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 1 Iúil 1995.

CÚLRA

Tá cearta ceannasacha ag tíortha AE ar acmhainní hidreacarbóin laistigh dá gcríocha, mar sin is faoi gach tír atá sé chun na limistéir gheografacha inar féidir na cearta chun sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbón a chur i bhfeidhm agus chun eintitis a údarú chun na cearta sin a fheidhmiú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha chun údaruithe a dheonú agus a úsáid le haghaidh sirtheoireacht, taiscéalaíocht agus táirgeadh a dhéanamh ar hidreacarbón (IO L 164, 30.6.1994, lgh. 3-8)

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar eintiteas a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist agus lena n–aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 243-374)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/25 /AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 23.01.2019

Top