EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRSanna)
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Ceanglaítear leis ar gach cuideachta AE atá liostaithe go poiblí (i.e. cuideachtaí AE a bhfuil urrúis eisithe acu ar mhargadh rialáilte AE) lena n-áirítear bainc agus cuideachtaí árachais, a gcuntais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir leis na caighdeáin um thuairisciú airgeadais (IFRSanna)* ó 2005 i leith.
Nuair a bhaintear úsáid as caighdeáin chomhchoiteanna chuntasaíochta cuirtear feabhas ar thrédhearcacht agus ar inchomparáideacht cuntas cuideachta, agus ar an tslí sin méadaítear éifeachtúlacht an mhargaidh agus laghdaítear an costas a bhaineann le caipiteal a thiomsú do chuideachtaí.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá an rogha ag tíortha AE a cheadú do chuideachtaí a thrádálann go poiblí a gcuntais bhliantúla a ullmhú i gcomhréir leis na IFRSanna a glacadh de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos sa rialachán nó ceangal a chur ar na cuideachtaí sin é sin a dhéanamh. D’fhéadfaidís a chinneadh chomh maith an cead nó an ceanglas sin a shíneadh chuig cuideachtaí nach dtrádálann go poiblí agus a gcuntais chomhdhlúite nó a gcuntais bhliantúla á n–ullmhú acu.
Chun maoirseacht pholaitiúil chuí a áirithiú, tugtar isteach leis an rialachán meicníocht úr AE chun measúnú a dhéanamh ar IFRSanna a ghlac Bord na gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta (IASB) atá bunaithe i Londain, d’fhonn in-fhorfheidhmitheacht a thabhairt dóibh laistigh de AE.
Tugann dhá chomhlacht cuidiú sa phróiseas sin:
Tá próiseas dhá shraith i gceist leis an meicníocht um fhormhuiniú:
Leagtar amach na IFRSanna formhuinithe agus na léirmhínithe gaolmhara i Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008. Leasaíodh an rialachán sin cúpla uair chun na caighdeáin uile arna gcur i láthair ag an IASB ó 2008 i leith a chur san áireamh, lena n–áirítear leasuithe áirithe ó 2012 maidir le ráitis airgeadais chomhdhlúite, comhpháirtíochtaí agus faisnéis atá le cur ar fáil maidir le leasanna atá á sealbhú in eintitis eile.
Déantar leathanach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ina liostaítear na leasuithe uile a rinneadh ar Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta.
I Meitheamh 2015, ghlac an Coimisiún Eorpach tuarascáil ina ndearnadh measúnú ar oibriú an rialacháin. Baintear de thátal inti ar an iomlán gur éirigh leis na IFRSanna maidir le feabhas a chur ar éifeachtacht mhargaí caipitil AE trí thrédhearcacht agus inchomparáideacht na ráiteas airgeadais a threisiú. Rinneadh roinnt réimsí ina raibh feabhas de dhíth a aithint, amhail an comhar idir na páirtithe atá páirteach sa phróiseas formhuinithe.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 14 Meán Fómhair 2002.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le feidhmiú caighdeán cuntasaíochta idirnáisiúnta (IO L 243, 11.9.2002, lgh. 1-4)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Measúnú ar Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 an 19 Iúil 2002 maidir le feidhmiú caighdeán idirnáisiúnta cuntasaíochta (COM(2015) 301 final an 18.6.2015)
Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta áirithe de réir Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320 an 29.11.2008, lgh. 1-481)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 29.05.2018