EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cóipcheart agus cearta gaolmhara: craoladh satailíte agus atarchur cábla

 

ACHOIMRE:

Treoir 93/83/CEE maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta i dtaca le cóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur cábla, arna leasú le Treoir (AE) 2019/789 maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar

CAD É AIDHM LEIS AN TREOIR?

Féachtar léi le ceadúnú cóipchirt agus ceart gaolmhar a éascú le haghaidh craoladh satailíte agus atarchur cábla i margadh aonair AE, agus ar an tslí sin feabhas a chur ar infhaighteacht trasteorann clár raidió agus teilifíse.

PRÍOMHPHOINTÍ

Prionsabal na “tíre tionscnaimh” le haghaidh craoladh satailíte

  • Tugadh isteach leis an treoir ceart eisiach d’údair chun údarú a thabhairt maidir lena gcuid saothar a chraobhscaoileadh chun an phobail le satailít.
  • Chun craoladh satailíte trasteorann a éascú, foráiltear sa treoir go ndéanfar an craobhscaoileadh chun an phobail sa tír AE ina dtionscnófar tarchur na satailíte, i.e. sa tír AE ina dtugtar isteach na comharthaí lena n–iompraítear an clár, faoi smacht agus faoi fhreagracht eagraíochta craolacháin, i slabhra craobhscaoilte gan bhriseadh chuig an satailít agus síos i dtreo na Cruinne. De réir “phrionsabail seo na tíre tionscnaimh”, ní chaithfear údaruithe cóipchirt a fháil ach le haghaidh craoladh satailíte ón tír AE ina dtionscnófar tarchur na satailíte agus ní le haghaidh thíortha AE ina nglacfar na comharthaí.

Comhbhainistíocht éigeantach ar chearta maidir le hatarchur cábla

  • Déantar níos éasca leis an treoir é chomh maith údarú a fháil ó shealbhóirí cóipchirt agus ceart gaolmhar d’atarchur clár teilifíse agus raidió le cábla ó thíortha eile AE. Ní fhéadfaidh sealbhóirí ceart a gceart a fheidhmiú chun atarchur a saothar nó ábhar eile (mar chuid de chláir chraolta atá á n–atarchur) a údarú nó a thoirmeasc ach trí chomhshochaí amháin. Tá feidhm aige sin maidir le gach ceart ábhartha, seachas na cinn atá i seilbh eagraíochtaí craolacháin iad féin.
  • I gcás nach féidir teacht ar chomhaontú i ndiaidh atarchur craolta, féadfaidh na páirtithe idirghabhálaithe a iarraidh ar féidir leo cuidiú a thabhairt leis an idirbheartaíocht agus féadfaidh siad chomh maith moltaí neamhcheangailteacha a chur isteach chuig na páirtithe.
  • Rinneadh an sainmhíniú ar atarchur cábla a bhí cuimsithe sa treoir seo i dtosach a leasú beagáinín le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2019/789 (féach an achoimre) chun cásanna a chlúdach i gcás go ndéanann eagraíochtaí craolacháin na comharthaí lena n–iompraítear clár a tharchur chuig oibreoirí cábla tríd an bpróiseas teicniúil um instealladh díreach (arna shainmhíniú in Airteagal 2 den treoir chéanna). Is é sin an t–aon leasú a rinneadh le Treoir (AE) 2019/789, lena ndéantar, seachas sin, Treoir 93/83/CEE a chomhlánú trí rialacha a thabhairt isteach lena ndírítear ar dháileadh clár raidió agus teilifíse trasteorann a éascú tuilleadh.

Meastóireacht

Le doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin Eorpaigh rinneadh meastóireacht ar fheidhmiú na treorach in 2016.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá an treoir i bhfeidhm ón 4 Deireadh Fómhair 1993 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoi 1995 .

Tá an sainmhíniú athbhreithnithe ar “atarchur cábla” i bhfeidhm ón 6 Meitheamh 2019.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 93/83/CEE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1993 maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta i dtaca le cóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur ar chábla (IO L 248, 6.10.1993, lgh. 15-21)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 93/83/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2019/789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena leagtar síos rialacha maidir le feidhmiú cóipchirt agus ceart gaolmhar is infheidhme maidir le cineálacha áirithe tarchuir ar líne de chuid eagraíochtaí craoltóireachta agus maidir le hatarchur clár teilifíse agus raidió agus lena leasaítear Treoir 93/83/CEE ón gComhairle (IO L 130, 17.5.2019, lgh. 82-91)

Doiciméad Inmheánacha Oibre an Choimisiúin: Meastóireacht ar Threoir 93/83/CEE ón gComhairle maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta i dtaca le cóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur cábla (SWD(2016) 308 final, 14.9.2016)

Nuashonraithe 07.11.2019

Top