EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Grúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CEE) Uimh. 2137/85 – an Ghrúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
PRÍOMHPHOINTÍ
Ní mór GELE a bhunú de réir na rialacha a bhfuil cur síos déanta orthu thíos.
Feidhm
Is é is aidhm leis an ngrúpáil gníomhaíochtaí eacnamaíocha a cuid baill a éascú nó a fhorbairt trí acmhainní, gníomhaíochtaí nó scileanna a chomhthiomsú. Leis sin beartaítear torthaí níos fearr a tháirgeadh le hais mar a dhéanfaí i gcás ina mbeadh na baill ag gníomhú ina n-aonar.
Cruthú
Fostaithe
Ní féidir le GELE níos mó ná 500 duine a fhostú.
Foilsiú an chruthaithe agus a dhíscaoilte
Nuair a dhéantar grúpáil a chruthú nó a dhíscaoileadh, ní mór fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Seoladh oifigiúil
Ní mór do sheoladh oifigiúil grúpála a bheith laistigh de AE. Féadfar é a aistriú ó thír AE amháin go tír eile faoi réir coinníollacha áirithe.
Cearta vótála agus orgáin
Tá 1 vóta amháin ag gach ball de GELE, cé go bhféadfadh a conradh bunaithe níos mó ná 1 vóta a thabhairt do bhaill áirithe ar an gcoinníoll nach bhfuil móramh na vótaí ag aon 1 bhall. Liostaítear sa rialachán na cinntí sin a dteastaíonn aontoilíocht ina leith.
Ní mór do GELE 2 orgán ar a laghad a bheith aici:
Déanann na bainisteoirí ionadaíocht agus cuireann siad an GELE faoi cheangal ina cuid déileálacha le tríú páirtithe i gcás nach mbíonn a gcuid gníomhartha laistigh de nithe na grúpála.
Brabúis
Níl sé beartaithe gur chóir don ghrúpáil brabús a dhéanamh di féin. Measfar gurb ionann brabúis GELE agus brabúis a cuid baill agus déanfar é a leithroinnt de réir an chlásail ábhartha sa chonradh nó, i gcas mainneachtana clásail den sórt sin, i scaireanna cothroma. Ní bheidh brabúis nó caillteanais GELE inchánach ach amháin i lámha a cuid baill.
Dliteanas comhpháirteach agus leithleach neamhtheorannaithe
Mar frithbheart maidir leis an tsaoirse chonarthach atá mar bhunús den GELE agus toisc nach gceanglaítear ar bhaill íosmhéid caipitil a sholáthar, tá dliteanas comhpháirteach agus leithleach neamhtheorannaithe ag gach ball dá gcuid fiacha.
CÚLRA
Comhlíontar leis an an rialachán seo angá atá le forbairt chomhchuibhithe gníomhaíochta geilleagraí ar fud AE agus ar bhunú margaidh aonair ina dtairgfear coinníollacha atá ar aon dul leo siúd a bheadh i margadh náisiúnta.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CEE) Uimh. 2137/85 ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir leis an nGrúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch (GELE) (IO L 199, 31.7.1985, lgh. 1–9)
Nuashonraithe 20.06.2016