Luchtú agus díluchtú olliompróirí
ACHOIMRE AR:
Threoir 2001/96/CE — ceanglais agus nósanna imeachta AE maidir le luchtú agus le díluchtú sábháilte olliompróirí
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?
-
Cuirtear sa treoir le nósanna imeachta sábháilteachta a bhaineann le holliompróirí a luchtú agus a dhíluchtú le bulclastas soladach i gcalafoirt an Aontais Eorpaigh (AE).
-
Féachtar sa treoir leis an mbaol a laghdú go ndéanfar damáiste do longa agus iad á luchtú agus á ndíluchtú.
-
Comhchuibhítear sa treoir na caighdeáin a bhaineann le longa agus le teirminéil, agus leis an gcomhar agus an chumarsáid idir eatarthu.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Cuirtear an reachtaíocht i bhfeidhm maidir le teirminéil de chuid AE* agus le holliompróirí de chuid AE, beag beann ar a mbratach, a úsáideann iad sin chun bulclastas soladach a luchtú agus a dhíluchtú.
-
Ní mór do thíortha AE a chinntiú:
-
go bhfuil oibreoirí teirminéil sásta go gcloíonn na hiompróirí a thagann isteach, agus a dteirminéil féin, leis an reachtaíocht;
-
go mbíonn pleananna luchtaithe agus díluchtaithe a chloíonn le Coinbhinsiún SOLAS 1974 leagtha amach ag an máistir loinge agus ag ionadaí an teirminéil sula dtosaíonn aon obair;
-
go gcuireann a n-údaráis féin cosc ar aon oibríocht nó go gcuireann siad stop léi, má chreideann siad go gcuireann an oibríocht sin isteach ar shábháilteacht na loinge nó na foirne;
-
go ndéantar imscrúduithe go rialta, imscrúduithe neamhfhógartha san áireamh, ar oibríochtaí luchtaithe agus díluchtaithe chun a chinntiú go bhfuil an reachtaíocht á comhlíonadh. Seoltar torthaí na n-imscrúduithe chuig an gCoimisiún Eorpach gach trí bliana.
-
Tá máistrí long freagrach i gcónaí as na hiompróirí, a bhfuil siad i gceannas orthu, a luchtú agus a dhíluchtú go sábháilte.
-
Ní mór d’ionadaithe teirminéil faisnéis ábhartha a chur ar fáil don mháistir, amhail ainm an bhearta agus an trealamh a bhfuil fáil air san áit ina mbeidh sé ag obair, sula dtagann an soitheach isteach.
-
Má dhéantar aon damáiste don soitheach nó don trealamh le linn luchtaithe nó díluchtaithe, caithfidh na hionadaithe teirminéil é sin a thuairisciú do mháistir an chuain. Ba cheart an damáiste sin a dheisiú, más gá.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?
Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 5 Feabhra 2002. Bhí ar na tíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 5 Lúnasa 2003.
PRÍOMHTHÉARMA
* Teirminéal: saoráid sheasta nó shoghluaiste nó saoráid ar snámh, atá feistithe chun olliompróirí a luchtú agus a dhíluchtú le bulclastas tirim agus a úsáidtear chun é sin a dhéanamh.
GNÍOMH
Treoir 2001/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2001 lena mbunaítear ceanglais agus nósanna imeachta comhchuibhithe maidir le luchtú agus le díluchtú olliompróirí (IO L 13, 16.1.2002, lgh. 9-20)
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 2001/96/CE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin atá an leagan comhdhlúite seo.
Nuashonraithe 14.03.2016
Top