EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cearta paisinéirí iarnróid

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar leis le cearta agus oibleagáidí a bhunú do phaisinéirí iarnróid chun iad a chosaint go háirithe nuair a chuirtear isteach ar thaisteal, agus chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar mhealltacht na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Baineann an rialachán leis na turais agus seirbhísí iarnróid ar fad arna soláthar faoi cheadúnas ag gnóthas iarnróid amháin nó níos mó faoi Threoir 2012/34/AE (féach an achoimre ar líonra aonair iarnróid don Eoraip).
  • Níl feidhm aige maidir le turais agus seirbhísí a chuirtear i gcrích ar chríoch tíortha neamh-AE.
  • Is féidir le tír AE a roghnú díolúine a thabhairt ó fhormhór airteagail an rialacháin do sheirbhísí iarnróid intíre do phaisinéirí ar feadh 5 bliana ar a mhéad, ar féidir é a athnuachan faoi dhó. Féadfaidh sí seirbhísí uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha iarnróid do phaisinéirí a dhíolmhú ón rialachán seo chomh maith.

Cearta paisinéirí

Tá na cearta bunúsacha seo a leanas ag paisinéirí iarnróid:

Conradh agus faisnéis iompair

Ba cheart faisnéis shoiléir inrochtana a thabhairt do phaisinéirí:

  • roimh an turas, go háirithe i ndáil le dálaí ábhartha is infheidhme maidir leis an gconradh, na hamchláir agus na táillí atá i bhfeidhm;
  • le linn an turais, go háirithe i ndáil le moilleanna nó cur isteach ar bith ar na seirbhísí;
  • maidir leis na nósanna imeachta chun gearáin a chur isteach;

Beidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta i bhformáid inrochtana.

Moilleanna agus cealuithe

I gcás moill 60 nóiméad nó níos faide ná sin ar theacht ag an gceann scríbe deiridh, tá an ceart ag na paisinéirí chun:

  • aisíocaíocht chostas iomlán an ticéid a fháil don chuid den turas nach ndearnadh; nó
  • leanúint leis an turas nó athródú an turais faoi dhálaí iompair inchomparáide a luaithe is féidir nó ag dáta níos déanaí ar chaoithiúlacht na bpaisinéirí.

Mura roghnóidh paisinéirí cúiteamh ach go leanfaidh siad ar aghaidh leis an turas, féadfaidh siad íoschúiteamh a éileamh atá ionann le:

  • 25% de phraghas an ticéid as moill 60 go 119 nóiméad;
  • 50% de phraghas an ticéid as moill 120 nóiméad nó níos mó.

I gcás moill 60 nóiméad nó níos mó ag teacht nó ag imeacht, tá an ceart ag paisinéirí:

  • faisnéis a fháil faoin gcás agus faoin am teachta agus imeachta measta;
  • béilí agus sólaistí laistigh de theorainneacha réasúnta;
  • cóiríocht i gcás go mbeidh fanacht oíche amháin nó níos mó riachtanach;
  • iompar chuig an stáisiún iarnróid nó chuig an bpointe imeachta malartach nó chuig an gceann scríbe deiridh má tá an traein blocáilte ar an rian.

Daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta

Le reachtaíocht AE um chearta paisinéirí iarnróid áiritheofar go mbeidh daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta ábalta taisteal ar bhealach atá inchomparáide le saoránaigh eile. Dá réir sin, tugtar na cearta seo a leanas dóibh leis an rialachán:

  • an ceart chun rochtain neamh-idirdhealaitheach ar iompar gan táille bhreise;
  • ar a iarraidh dóibh, faisnéis a chur ar fáil dóibh maidir le hinrochtaineacht seirbhísí agus stáisiúin iarnróid;
  • cúnamh saor in aisce ar bord traenacha agus ag stáisiúin ag a bhfuil foireann (iarrtar ar phaisinéirí fógra 48 uair an chloig a thabhairt maidir lena riachtanais chúnaimh roimh imeacht);
  • an ceart chun cúiteamh a fháil má bhíonn an gnóthas freagrach as caillteanas a dtrealaimh soghluaisteachta nó as damáiste dó.

Slándáil, gearáin agus cáilíocht na seirbhíse

  • Áirithítear slándáil phearsanta paisinéirí i dtraenacha agus i stáisiúin i gcomhar leis na húdaráis phoiblí.
  • Ní mór sásra éifeachtach um láimhseáil gearán a chur i bhfeidhm. Féadfaidh paisinéirí gearán a dhéanamh le gnóthas iarnróid lena mbaineann.
  • Áirítear iad seo a leanas ar na híoscheanglais cáilíochta seirbhíse do ghnóthais iarnróid:
    • faisnéis agus ticéid paisinéirí:
    • poncúlacht na seirbhíse agus prionsabail ghinearálta maidir le déileáil le cur isteach;
    • cealú seirbhísí;
    • glaineacht an rothstoic agus na saoráidí stáisiúin;
    • suirbhéanna um shásamh custaiméirí;
    • láimhseáil gearáin, aisíocaíochtaí agus cúiteamh maidir le neamhchomhlíonadh na gcaighdeán cáilíochta seirbhíse;
    • cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine faoi mhíchumas luaineachta.

Forfheidhmiú ag tíortha AE

Ní mór do thíortha AE comhlacht neamhspleách nó comhlachtaí neamhspleácha a ainmniú a bheidh freagrach as forfheidhmiú an rialacháin. Féadfaidh paisinéirí gearán a chur isteach ag aon cheann de na comhlachtaí sin má cheapann siad nár tugadh aird ar a gcearta.

Ní mór do thíortha AE smachtbhannaí éifeachtúla, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur ar bun i leith sáruithe ar an rialachán.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 3 Nollaig 2009.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

I ndiaidh na ráige de COVID-19 agus d’fhonn bearta a thabhairt isteach dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lgh. 14-41)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (athmhúnlú) (IO L 343, 14.12.2012, lgh. 32-77)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2012/34/AE a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte Forléiriúcháin maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO C 220, 4.7.2015, lgh. 1-10)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le Díolúintí arna ndeonú ag na Ballstáit faoi Rialachán (CE) 1371/2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (COM(2015) 117 críochnaitheach, 11.3.2015)

Nuashonraithe 19.03.2020

Top