Treoracha AE maidir leis an margadh aonair – ionchorprú i ndlí náisiúnta
ACHOIMRE AR:
Moladh 2005/309/CE ón gCoimisiún – treoracha maidir leis an margadh inmheánach a ionchorprú i ndlí náisiúnta
CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?
Leagtar amach sa mholadh seo conas ar féidir le tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) treoracha maidir leis an margadh aonair AE a ionchorprú níos fearr i ndlí náisiúnta.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Is treoracha ann ná bearta a nascann tíortha AE ó thaobh na dtorthaí atá le baint amach. Is féidir le tíortha AE:
-
conas a bhainfear an toradh sin amach a roghnú; ach
-
bíonn orthu an treoir a thrasuí laistigh de spriocdháta seasta.
-
I gcás an Mhargaidh Aonair, ní mór treoracha a thrasuí i gceart agus go tráthúil* sa réimse sin chun feidhmiú rianúil a chinntiú. Mura ndéantar treoracha a thrasuí in am nó má dhéantar iad a thrasuí go mícheart, féadfar bacainní a chruthú agus iomaíochas an gheilleagair Eorpaigh a laghdú.
Trasuí déanach nó trasuí mícheart
Déantar faireachán ar na tíortha AE agus d'fhéadfaí pionós a ghearradh orthu má theipeann orthu treoracha a thrasuí in am nó má dhéantar iad a thrasuí go mícheart trí:
Cleachtas níos fearr
-
Chun a chinntiú go ndéantar treoracha a thrasuí i gceart agus go tráthúil, molann an Coimisiún gur cheart do na tíortha AE cleachtais níos fearr a ghlacadh atá bunaithe ar na samplaí atá tugtha ag tíortha áirithe. Molann an Coimisiún gur cheart dóibh díriú ar a nósanna imeachta agus cleachtais náisiúnta, go háirithe:
-
bheith ag plé leis na rudaí is cúis le trasuí mícheart nó le trasuí déanach;
-
na nósanna imeachta agus na cleachtais is dea-cheaptha agus is éifeachtaí a roghnú le haghaidh gach tíre;
-
táblaí a chur le chéile a thaispeánann an gaol idir na treoracha agus na bearta trasuí;
-
staonadh ó choinníollacha nó ó cheanglais neamhriachtanacha a chur le reachtaíocht náisiúnta cuir chun feidhme, coinníollacha nó ceanglais a d’fhéadfadh cur lena dheacair atá sé cuspóirí na treorach a chomhlíonadh.
-
Tugtar sonraí san iarscríbhinn a ghabhann leis an moladh ar na dea-chleachtais a d’fhéadfaí a leanúint, lena n-áirítear:
-
tosaíocht bhuan pholaitiúil agus oibríochtúil a dhéanamh de thrasuí ceart tráthúil;
-
ullmhúcháin don trasuí a dhéanamh go luath ionas gur féidir treoracha AE a ionchorprú i ndlí náisiúnta faoi na spriocdhátaí comhaontaithe;
-
dlúthobair a dhéanamh le parlaimintí náisiúnta, réigiúnacha agus cineachta (.i. níos ísle ná an leibhéal náisiúnta) a ghlacann páirt i dtreoracha margaidh inmheánaigh a thrasuí;
-
beart tapa, soiléir agus éifeachtach a dhéanamh chun treoracha a thrasuí, treoracha nach ndéantar iad a thrasuí in am (e.g. níos mó ama a chur ar fáil sa pharlaimint chun dlíthe riachtanacha náisiúnta, nó leasuithe dlíthe).
-
Ina theannta sin, mar chuid den nós imeachta maidir le trasuí, nuair a chuireann tíortha AE dréachtdlíthe chun feidhme faoi bhráid parlaimintí náisiúnta. Nuair a chuirtear iad sin in iúl don Choimisiún, ba cheart glacadh leo, ba cheart go mbeadh na rudaí seo a leanas ag gabháil leo
-
dearbhú a bhaineann le comhlíonadh an dlí AE;
-
faisnéis faoi na codanna den treoir a rinneadh a thrasuí go héifeachtach.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Trasuí: treoracha AE a thrasuí i reachtaíocht náisiúnta thír AE.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Moladh ón gCoimisiún an 12 Iúil 2004 maidir le treoracha a bhíonn tionchar acu ar an margadh inmheánach a thrasuí i ndlí náisiúnta (IO L 98, 16.4.2005, lgh. 47-52)
Nuashonraithe 08.03.2017
Top