Dámhachtainí conarthaí poiblí agus lamháltas — conarthaí soláthair phoiblí agus conarthaí oibreacha poiblí
ACHOIMRE AR:
Treoir 89/665/CEE maidir le comhordú a dhéanamh ar dhlíthe, ar rialacháin agus ar fhorálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Ceanglaítear léi ar thíortha AE a áirithiú go ndéanfar cinntí maidir le dámhachtain conarthaí poiblí agus lamháltas, mar aon le réamhchinntí nós imeachta sa chomhthéacs sin, a athbhreithniú go tapa agus go héifeachtach i gcás ina sáraíonn siad dlí AE maidir le soláthar poiblí.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Tá feidhm le Treoir 89/665/CEE maidir le conarthaí poiblí san earnáil phoiblí agus le lamháltais atá laistigh de raon feidhme na rialacha substainteacha ábhartha (i.e. rialacha lena sainítear cearta agus oibleagáidí). Tagann Treoir 2014/23/AE (féach achoimre) agus Treoir 2014/24/AE (féach an achoimre) in ionad Threoir 2004/18/CE ón 18 Aibreán 2016.
- Ní mór do thíortha AE a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta athbhreithnithe ar fáil d’aon duine ar a laghad a bhfuil, nó a raibh, spéis aige nó aici i gconradh áirithe a fháil agus dá ndearna dochar le sárú líomhnaithe, nó a bhfuil baol ann go ndéanfar dochar dó nó di le sárú líomhnaithe
- Le Treoir 89/665/CEE is féidir caingne a thionscnamh sula síneofar an conradh (leigheasanna réamhchonarthacha) agus i ndiaidh é a shíniú (leigheasanna iarchonarthacha).
- Úsáidtear leigheasanna réamhchonarthacha chun sárú na rialacha soláthair phoiblí a chur ina gceart i rith an nós imeachta tairisceana agus, in aon chás, sula mbeidh éifeacht leis an gconradh. Áirítear leo an ceart maidir le bearta eatramhacha, ré aithrí éigeantach agus an ceanglas an nós imeachta dámhachtana a chur ar fionraí fad is atá an t–achomharc á imscrúdú chun cosc a chur ar dhámhachtain an chonartha.
- Tá sé mar aidhm le leigheasanna iar-chonarthacha conradh reatha a dheimhniú mar cheann neamhéifeachtach agus/nó chun cúiteamh a sholáthar (damáistí den chuid is mó) do na páirtithe a ndéanfaidh sé difear dóibh tar éis don chonradh atá i gceist a bheith deonaithe.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 3 Eanáir 1990 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 21 Nollaig 1991.
CÚLRA
- Rinneadh leasú cuimsitheach ar Threoir 89/665/CEE le Treoir 2007/66/CE. Tugadh leasuithe eile isteach le Treoir 2014/23/AE, chun raon feidhme Threoir 89/665/CEE a mhéadú go príomha maidir le lamháltais faoi Threoir 2014/23/AE agus chun tagairtí do na rialacha substainteacha le haghaidh conarthaí poiblí arna leagan síos i dTreoir 2014/24/AE a thabhairt chun dáta.
- Is ionann Treoir 92/13/CEE (féach an achoimre) agus Treoir 89/665/EEC maidir le conarthaí poiblí san earnáil fóntas. Rinneadh leasú cuimsitheach air le Treoir 2007/66/CE. Tugadh leasuithe eile isteach le Treoir 2014/23/AE do riachtanais Threoir 2014/25/AE (féach an achoimre).
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 89/665/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le comhordú a dhéanamh ar dhlíthe, ar rialacháin agus ar fhorálacha riaracháin a bhaineann le cur i bhfeidhm nósanna imeachta athbhreithnithe ar dhámhachtain conarthaí soláthair phoiblí agus oibreacha poiblí (IO L 395, 30.12.1989, lgh 33-35)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 89/665/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 92/13/CEE an 25 Feabhra 1992 lena gcomhordaítear na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a bhaineann le rialacha an Chomhphobail a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta um sholáthar de chuid eintiteas a oibríonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na teileachumarsáide (IO L 76, 23.3.1992, lgh. 14-20)
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le dámhachtain conarthaí lamháltais (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 1-64)
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí lena n–aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 65-242)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 09.01.2020