EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Maímh chothaíochais agus sláinte a dhéantar maidir le bia

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 maidir le maímh chothaíochais agus sláinte a dhéantar maidir le bia

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Féachtar leis na maímh* ar bhianna a lipéadaítear agus a fhógraítear san Aontas Eorpach (AE) a rialú.
  • Tá sé mar aidhm leis a áirithiú go mbeidh maímh chothaíochais* agus sláinte* ar lipéid bhia, agus i gcur i láthair agus i bhfógraíocht, soiléir agus bunaithe ar fhianaise a bhfuil glacadh ag an bpobal eolaíoch leo go ginearálta.
  • Tá raon leathan substaintí amhail vitimíní, mianraí, aimínaigéid, aigéid shailleacha riachtanacha, snáithín, agus úisc luibhe a bhfuil tionchar cothaitheach nó fiseolaíoch acu a d’fhéadfadh a bheith i mbia agus a bheith faoi réir éilimh.
  • Féachtar leis an rialachán:
    • go bhfaighidh an tomhaltóir leibhéal ard cosanta;
    • go dtugtar an fhaisnéis is gá don tomhaltóir chun roghanna a dhéanamh agus cur amach iomlán aige nó aici ar na fíricí; agus
    • coinníollacha iomaíochais atá cothrom a chruthú do thionscal an bhia.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór don Choimisiún Eorpach próifílí cothaithe* a dhréachtú agus coinníollacha maidir le húsáid maíomh cothaithe agus sláinte ar bhianna, ag cur é seo a leanas san áireamh:

  • méid na gcothaitheach agus substaintí eile * atá sa bhia, amhail:
    • aigéid shailleacha,
    • aigéid shailleacha sháithithe,
    • aigéid thras-sailleacha,
    • siúcraí; agus,
    • salann;
  • ról agus tábhacht an bhia san aiste bia tríd is tríd nó grúpaí riosca ar nós leanaí;
  • cothaithigh sa bhia atá aitheanta go heolaíoch mar chinn a bhfuil tionchar acu ar an tsláinte.

Níor chóir do mhaímh sláinte:

  • a bheith bréagach, doiléir nó míthreorach;
  • amhras a chruthú maidir le sábháilteacht nó leordhóthanacht cothaithe bianna eile;
  • tomhaltas iomarcach a spreagadh;
  • a thabhairt le fios nach féidir le haiste bia chothrom agus éagsúil méideanna cothaitheach iomchuí a sholáthar;
  • moltaí a dhéanamh go bhféadfadh tionchar a bheith ar an tsláinte mura n-itear an bia;
  • tagairt do ráta nó do mhéid meáchain is féidir a chailleadh leis;
  • tagairt do mholtaí gairmithe sláinte aonair.

Ní cheadófar maímh chothaíochais agus sláinte a dhéanamh ach amháin má tá sé léirithe go bhfuil buntáiste ag baint le substaint a bheith i mbia, gan a bheith annméid laghdaithe de a bheith ann, arna leagan síos ag sonraí eolaíochta a bhfuil glacadh leo. Ní mór do shubstaintí den sórt sin a bheith i méideanna is féidir a ithe go réasúnta, agus an oiread de a bheith ann chun an beart a dhéanamh.

Ní cheadófar maímh sláinte ach amháin má bhíonn an fhaisnéis seo a leanas ar an lipéad:

  • an spriocphobal ar a bhfuil an maíomh dírithe;
  • ráiteas maidir leis an tábhacht atá le haiste bia éagsúil agus chothrom agus stíl mhaireachtála fholláin;
  • an méid agus an patrún tomhaltais a theastaíonn chun an buntáiste a mhaítear a fháil;
  • ráiteas dírithe ar dhaoine ar chóir dóibh an bia a sheachaint (e.g. mná atá ag iompar clainne);
  • rabhadh i gcás táirgí ar dóigh a mbeidh riosca sláinte ag baint leo má itear an iomarca de;
  • nuair a éilítear baol galair níos ísle, ráiteas ina maítear go bhfuil roinnt tosca rioscaí ag baint leis an ngalar agus go bhféadfadh nó nach bhféadfadh tionchar maith a bheith ann de bharr ceann dóibh sin a athrú;
  • aon srianta nó treoracha eile maidir le húsáid.

D’fhéadfadh maímh sláinte atá bunaithe ar shonraí eolaíochta a nglactar tríd is tríd leo, a bhfuil tuiscint mhaith ag an ngnáth-thomhaltóir orthu, a bheith eisiata ón bpróiseas údaraithe.

Ní féidir le deochanna a bhfuil níos mó ná 1.2 % alcól de réir toirte iontu maímh sláinte ná chothaithe ar bith a bheith orthu, seachas ceann ina dtagraítear don laghdú sa mhéid alcóil nó den ábhar fuinnimh atá ann.

Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 i leith liosta de mhaímh sláinte cheadaithe, seachas an cinn a bhaineann le baol galar a laghdú agus le forbairt agus sláinte leanaí. Tá an rialachán seo i bhfeidhm ón 14 Nollaig 2012 agus leasaítear é go rialta chun an liosta de mhaímh sláinte nua-údaraithe a thabhairt chun dáta.

Iarratas ar údarú

Féadfaidh monaróir ar bith a iarraidh go gcuirfí maíomh úr leis an liosta ceadaithe trí iarratas a chur isteach chuig tír AE ar bith. Cuirfidh an tír AE ar aghaidh chuig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia (EFSA) é agus déanann an Coimisiún cinneadh ansin maidir le húsáid an mhaímh ar thuairim eolaíoch EFSA.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Iúil 2007.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Maíomh: teachtaireacht nó léiriú ar bith, nach bhfuil éigeantach faoi reachtaíocht AE nó reachtaíocht náisiúnta, lena n-áirítear léirithe pictiúrtha, grafacha nó siombalacha i bhfoirm ar bith ina sonraítear, ina moltar nó ina dtugtar le fios go bhfuil tréithe faoi leith i mbia.
Maíomh cothaíochais: maíomh ar bith ina sonraítear, ina moltar nó ina dtugtar le fios go bhfuil airíonna cothaithe tairbhiúla i mbia mar gheall ar:
  • an fuinneamh (luach calrach):
    • a sholáthraítear ann
    • a sholáthraítear ann ag ráta laghdaithe nó méadaithe, nó
    • nach soláthraítear ann; agus/nó
  • na cothaithigh nó na substaintí eile:
    • atá ann;
    • atá ann i sciartha laghdaithe nó méadaithe, nó
    • nach bhfuil ann.
Maíomh sláinte: maíomh ar bith ina sonraítear, ina moltar nó ina dtugtar le fios go bhfuil gaol idir catagóir bhia, bia nó ceann dá chomhábhar agus an tsláinte.
Cothaiteach: próitéin, carbaihiodráit, saill, snáithín, sóidiam, vitimíní agus mianraí atá liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, agus substaintí de chuid ceann de na catagóirí sin nó atá ina gcomhábhair de cheann de na catagóirí sin.
Substaint eile: substaint seachas cothaitheach a bhfuil éifeacht chothaithe nó fhiseolaíoch ag baint léi.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le maímh chothaíochais agus sláinte a dhéantar maidir le bianna IO L 404, 30.12.2006, lgh. 9-25)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 353/2008 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2008 lena mbunaítear rialacha cur chun feidhme le haghaidh iarratas ar údarú maíomh sláinte dá bhforáiltear in Airteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 109 of 19.4.2008, lgh. 11-16).

Rialachán (AE) Uimh. 432/2012 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2012 lena mbunaítear liosta de mhaímh sláinte cheadaithe a dhéantar maidir le bianna, seachas an cinn a thagraíonn do bhaol galar a laghdú agus le forbairt agus sláinte leanaí (IO L 136, 25.5.2012, lgh. 1-40) Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh Cur chun Feidhme 2013/63/EU ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2013 lena nglactar treoirlínte maidir le cur chun feidhme na gcoinníollacha sonracha maidir le maímh sláinte arna leagan síos in Airteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 (IO L 22, 25.1.2013, lgh. 25-28)

Nuashonraithe 16.08.2016

Top