EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Déileáil ar bhonn saor ó dhleacht le comhábhair shonraithe ghníomhacha chógaisíochta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1238/2010 – déileáil ar bhonn saor ó dhleacht le comhábhair shonraithe ghníomhacha chógaisíochta agus le táirgí i gcógais chríochnaithe

Rialachán (CE) Uimh. 467/97 – déileáil ar bhonn saor ó dhleacht le comhábhair shonraithe agus táirgí a úsáidtear i gcógais chríochnaithe agus déileáil sin a tharraingt siar le haghaidh cinn eile

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

  • Corpraítear leis na rialacháin i ndlí an Aontais Eorpaigh (AE) cinntí maidir le faoiseamh ó dhleacht i ndáil le cógais agus comhábhair ghníomhacha áirithe. Glacadh iad seo den chéad uair i mBabhta Uragua de chaibidlíocht trádála idirnáisiúnta.
  • ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta (ANI)* ar gach ceann de na hearraí sin agus cuireadh cinn úra leis na liostaí cúpla uair.
  • Le Rialachán (AE) Uimh. 1238/2010 nuashonraítear na liostaí i ndiaidh an ceathrú athbhreithniú a seoladh in 2009.
  • Le Rialachán (CE) Uimh. 467/97 ón gComhairle nuashonraítear na liostaí i ndiaidh an chéad athbhreithnithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialachán (AE) Uimh. 1238/2010

  • Leasaítear leis Iarscríbhinn I (liostaí de shubstaintí cógaisíochta atá cáilithe i leith déileáil saor ó dhleacht) a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 lena leagtar amach ainmníocht chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh.
  • Tugtar déileáil ar bhonn saor ó dhleacht leis ón 1 Eanáir 2011 maidir le:
    • táirgí a bhfuil ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda Sláinte orthu (Iarscríbhinn I);
    • liosta de na réimíreanna agus de na hiarmhíreanna lena ndéantar cur síos, i gcomhar le ANInna, ar a salann, a n eistir nó a hiodráití atá incháilithe freisin i leith déileáil ar bhonn saor ó dhleacht (Iarscríbhinn II);
    • táirgí idirmheánacha cógaisíochta a úsáidtear chun cógais chríochnaithe a tháirgeadh agus a mhonarú (Iarscríbhinn III).
  • Baintear táirgí idirmheánacha cógaisíochta áirithe leis de liosta na gceann a bhfuiltear ag déileáil leo ar bhonn saor ó dhleacht (Iarscríbhinn IV).

Rialachán (CE) Uimh. 467/97

  • Tugtar déileáil ar bhonn saor ó dhleacht leis ón 1 Aibreán 1997 maidir le:
    • 231 comhábhar gníomhach cógaisíochta ainmnithe ar a bhfuil ANI, mar aon lena salann, lena n eistir agus lena hiodráití (Iarscríbhinn I);
    • 234 táirge ainmnithe a úsáidtear chun cógais – chríochnaithe a tháirgeadh agus a mhonarú (Iarscríbhinn II).
  • Leathnaítear leis liosta réimíreanna agus iarmhíreanna sonraithe na ANInna atá incháilithe trí 84 ainm a chur le déileáil ar bhonn saor ó dhleacht (Iarscríbhinn III).
  • Baintear 25 táirge — mar aon lena salann, lena n–eistir agus lena hiodráití — de dhéileáil ar bhonn saor ó dhleacht toisc go raibh siad á n úsáid ar bhonn neamhchógaisíochta den chuid ba mhó (Iarscríbhinn IV).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

  • Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1238/2010 ón 1 Eanáir 2011.
  • Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 467/97 ón 14 Márta 1997.

CÚLRA

  • Le linn Bhabhta Uragua, d’aontaigh na táirgeoirí is tábhachtaí — an tAontas Eorpach, na Stáit Aontaithe, an tSeapáin, Ceanada, an Eilvéis, an Iorua agus an tSín — dleachtanna ar chógaisíocht a laghdú go nialas. Clúdaíodh os cionn 6 000 táirge sa chomhaontú sin.
  • Le forbairt na ndrugaí nua, rinneadh athbhreithnithe in 1995-1996, 1998 agus 2006, agus cuireadh beagnach 2 400 táirge leis. Leis an gceathrú athbhreithniú cuireadh 718 substaint úr leis, rud a thugann líon iomlán na n–allmhairí cógaisíochta saor ó dhleacht isteach san Aontas Eorpach go 8 619.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ainmneacha neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta (ANI). Dá ngairtear ainmneacha cineálacha freisin, sainaithnítear leo substaintí cógaisíochta nó comhábhair ghníomhacha chógaisíochta. Is ainm uathúil gach ANI a aithnítear ar fud an domhain agus a aicmítear mar mhaoin phoiblí. Oibríonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go dlúth le saineolaithe ANI agus le coistí náisiúnta um ainmníocht chun ainm aonair a roghnú a nglactar leis ar fud an domhain maidir le gach substaint ghníomhach a chuirfear ar an margadh mar earra cógaisíochta.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) Uimh. 1238/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle i ndáil le déileáil ar bhonn saor ó dhleacht le comhábhair shonraithe ghníomhacha chógaisíochta ar a bhfuil “ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta” (ANI) ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, agus le táirgí sonraithe a úsáidtear chun cógais chríochnaithe a mhonarú (IO L 348, 31.12.2010, lgh. 36-73).

Rialachán (CE) Uimh. 467/97 ón gComhairle an 3 Márta 1997 lena ndéantar foráil i leith déileáil saor ó dhleacht i ndáil le comhábhair shonraithe ghníomhacha chógaisíochta ar a bhfuil “ainm neamhdhílseánaigh idirnáisiúnta” (ANI) ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus táirgí sonraithe a úsáidtear chun cógais chríochnaithe a mhonarú agus déileáil ar bhonn saor ó dhleacht mar tháirgí cógaisíochta a tharraingt siar ó ANInna áirithe nach é úsáid chógaisíocht a bpríomhúsáid (IO L 71, 13.3.1997, lgh. 1-15).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lgh. 1-675).

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 14.12.2021

Top