EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Líonadh talún le dramhaíl

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 1999/31/CE maidir le líonadh talún le dramhaíl

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Tá sé mar aidhm léi aon tionchar diúltach ó líonadh talún ar uisce dromchla, screamhuisce, ithir, aer nó sláinte an duine a chosc, nó a laghdú oiread agus is féidir.
  • Déantar é sin trí dhiancheanglais theicniúla a thabhairt isteach.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Roinntear láithreáin líonta talún ina 3 chatagóir:
    • láithreáin líonta talún do dhramhaíl ghuaiseach;
    • láithreáin líonta talún do dhramhaíl neamhghuaiseach; agus
    • láithreáin líonta talún do dhramhaíl thámh (dramhaíl nach ndianscaoilfidh nó nach ndófaidh, mar shampla gairbhéal, gaineamh agus cloch).
  • Ní mór do thíortha AE straitéisí náisiúnta a chur chun feidhme chun an méid dramhaíola in-bhithmhillte a chuirtear chuig láithreáin líonta talún a laghdú de réir a chéile.
  • Ní féidir le háiseanna líonta talún glacadh le boinn úsáidte nó le dramhaíl atá leachtach, inlasta, pléascach nó creimneach, ná le dramhaíl ó ospidéil agus ó chleachtais mhíochaine agus tréidliachta.
  • Ní fhéadfar ach dramhaíl a cóireáladh amháin a chur i líonadh talún.
  • Féadfar dramhaíl chathrach a chur chuig líonadh talún le haghaidh dramhaíl neamhghuaiseach.
  • Caithfidh údaráis náisiúnta a áirithiú go gclúdófar sa phraghas a ghearrann oibreoirí as dramhaíl a dhiúscairt na costais go léir a bhaineann le hoscailt go dúnadh deiridh an láithreáin.
  • Ní mór d’oibreoirí láithreán líonta talún iarratas a dhéanamh ar chead agus an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar:
    • ainm an iarrthóra agus, i roinnt cásanna, an oibreora;
    • cur síos ar chineál agus ar mhéid na dramhaíola atá le cur isteach;
    • cumas an láithreáin agus cur síos ar an láithreán, lena n–áirítear pleananna oibriúcháin, faireacháin agus rialaithe;
    • bealaí chun truailliú a chosc agus a laghdú; agus
    • sonraí faoi ghnásanna dúnta agus iarchúraim.
  • In 2014, glacadh Treoir leasaitheach 2014/52/AE chun caighdeán an nós imeachta a threisiú maidir le measúnú ar éifeachtaí tionscadal ar an gcomhshaol atá leagtha amach sa Treoir 2011/92/AE (féach an achoimre). Bhí sé sin riachtanach chun comhsheasmhacht agus sineirge a áirithiú le réimsí eile reachtaíocht agus bheartais an Aontais Eorpaigh.
  • Leagtar síos le Cinneadh 2003/33/CE na critéir agus nósanna imeachta chun glacadh le dramhaíl ag láithreáin líonta talún.

Treoir Leasaitheach (AE) 2018/850

  • Mar bhonn agus taca le haistriú an Aontais Eorpaigh go geilleagar ciorclach, leasaítear Treoir 1999/31/CE le Treoir (AE) 2018/850.
  • Treoir (AE) 2018/850:
    • tugtar isteach léi srianta ar líonadh talún ó 2030 den dramhaíl go léir atá oiriúnach lena hathchúrsáil nó le haghaidh ábhar eile nó le haghaidh aisghabháil fuinnimh;
    • féachtar léi leis an sciar de dhramhaíl chathrach arna cur i líonadh talún a theorannú go 10 % faoi 2035;
    • tugtar isteach léi rialacha maidir le baint amach spriocanna dramhaíola cathrach a ríomh agus éilítear léi ar thíortha AE córas rialaithe cáilíochta agus inrianaitheachta éifeachtach a chur i bhfeidhm maidir le dramhaíl chathrach a chuirtear i líonadh talún;
    • éilítear léi ar an gCoimisiún Eorpach, in éineacht leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, 3 bliana roimh gach spriocdháta, tuarascálacha luathrabhaidh a dhréachtú chun easnaimh a shainaithint maidir le baint amach na spriocanna agus chun gníomh nach mór a dhéanamh a mholadh;
    • cuirtear ar chumas thíortha AE léi úsáid a bhaint as ionstraimí eacnamaíocha agus bearta eile chun cur i bhfeidhm ord na réiteach dramhaíola* a spreagadh tugadh isteach í faoi Threoir 2008/98/CE, an Creat-Treoir Dramhaíola (féach an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

  • Tá feidhm ag Treoir 1999/31/CE ón 16 Iúil 1999 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 16 Iúil 2001.
  • B’éigean dlí a dhéanamh de Threoir Leasaitheach (AE) 2018/850 i dtíortha AE faoin 5 Iúil 2020.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ord na réiteach dramhaíola: ordlathas 5 chéim i gcás gurb é cosc an rogha is fearr, agus athúsáid, athchúrsáil agus cineálacha eile aisghabhála ina dhiaidh sin, agus diúscairt mar líonadh talún mar an rogha dheiridh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lgh. 1-19)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 1999/31/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú ar na héifeachtaí a bhíonn ag tionscadail áirithe phoiblí agus phríobháideacha ar an gcomhshaol (códú) (IO L 26, 28.1.2012, lgh. 1-21)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n–aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lgh. 3-30)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2003/33/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena mbunaítear critéir agus nósanna imeachta chun glacadh le dramhaíl ag láithreáin líonta talún de bhun Airteagal 16 de agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 1999/31/CE (IO L 11, 16.1.2003, lgh. 27-49)

Nuashonraithe 22.07.2020

Top