EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Orgánaigh ghéinmhodhnaithe — inrianaitheacht agus lipéadú

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe (OGManna) agus le hinrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó OGManna

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Sa rialachán, cuirtear rialacha i bhfeidhm chun a áirithiú gur féidir táirgí a bhfuil OGManna* iontu agus an bia agus an bheatha ainmhithe a thagann ó OGManna a rianú ag gach céim den slabhra soláthair agus dáileacháin.

Cumhdaítear na rudaí seo a leanas sna rialacha: lipéadú, monatóireacht ar rioscaí comhshaoil agus sláinte, agus an cumas chun táirgí a aistarraingt nuair is gá.

PRÍOMHPHOINTÍ

Inrianaitheacht

Tá inrianaitheacht (an cumas chun OGManna agus táirgí a tháirgtear ó OGManna a rianú ag gach céim den slabhra táirgthe agus a dáileacháin) ríthábhachtach chun faisnéis agus cosaintí maidir le bia/beatha a thagann ó OGManna a chur ar fáil do thomhaltóirí agus don tionscal bia. Cuireann inrianaitheacht ar a gcumas roghanna eolasacha a dhéanamh bunaithe ar lipéadú cruinn.

Cuirtear trí phríomhcheanglas ar dhíoltóirí:

  • ceannaitheoirí trádála a chur ar an eolas i scríbhinn go bhfuil OGManna i dtáirge (nó “dearbhú úsáide” a chur ar fáil le haghaidh táirgí a ceapadh lena n-úsáid le haghaidh bia nó beatha ainmhithe).
  • na haitheantóirí uathúla a shanntar do gach OGM faoin rialachán a chur in iúl.
  • (le haghaidh bia agus beatha) gach comhábhar a tháirgtear ó OGManna a aithint, má shonraítear liosta comhábhar.

Ba cheart an fhaisnéis sin a chur ar fáil ag gach céim den slabhra táirgthe agus dáileacháin agus a choimeád ar feadh tréimhse 5 bliana.

Lipéadú

Ba cheart don fhrása seo a leanas a bheith ar an bpacáistíocht deiridh tomhaltóirí nó ar tháirgí réamhphacáistithe a bhfuil OGManna iontu: “Tá orgánaigh ghéinmhodhnaithe (nó ainmneacha na n-orgánach) sa táirge seo]”.

Iniúchadh agus seiceálacha

Bíonn ar thíortha AE iniúchtaí, seiceálacha samplacha agus tástálacha a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil na rialacha maidir le lipéadú OGM á leanúint.

Bíonn ar gach tír freisin pionóis éifeachtacha a fhorchur i gcás sáruithe. Is féidir táirgí a aistarraingt má bhíonn éifeachtaí díobhálacha gan choinne acu ar an tsláinte nó ar an gcomhshaol.

Faigheann na húdaráis náisiúnta treoir theicniúil ón gCoimisiún Eorpach. Tá clár lárnach d’ábhar tagartha OGM ag an gCoimisiún, a úsáidtear chun OGManna atá údaraithe in AE a aimsiú. Tá faisnéis ann freisin faoi OGManna neamhúdaraithe.

Eisceachtaí

  • rianta OGManna (faoi 0.9 %) ceadaithe i dtáirgí, mura féidir é sin a sheachaint go teicniúil.
  • Ní chuirtear an rialachán i bhfeidhm ar tháirgí leighis.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 7 Samhain 2003.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach “Inrianaitheacht agus lipéadú – rialacha AE”.

PRÍOMHTHÉARMA

* Orgánaigh ghéinmhodhnaithe — plandaí nó ainmhithe a phóraítear chun a dtáirgeacht a mhéadú nó chun galar a throid, trína gcomhdhéanamh ceallach agus géiniteach a athrú.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus le hinrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lgh. 24-28)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe a scaoileadh amach go toiliúil sa chomhshaol agus lena n-aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle — Ráiteas ón gCoimisiún (IO L 106, 17.4.2001, lgh. 1-39). Féach an leagan comhdhlúite.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas cinnteoireachta maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna) (COM(2015) 176 final an 22.4.2015)

Nuashonraithe 18.04.2016

Top