EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Doiciméad idirthurais éascaithe (FTD) agus doiciméad idirthurais iarnróid éascaithe (FRTD)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar leis doiciméad idirthurais éascaithe (FTD)* agus doiciméad idirthurais iarnróid éascaithe (FRTD)* a bhunú le haghaidh idirthuras sonrach agus díreach ar talamh de náisiúnaigh neamh–AE a chaithfidh críoch ceann amháin nó níos mó de thíortha AE a thrasnú d’fhonn taisteal idir dhá chuid dá dtír féin nach bhfuil tadhlach go geografach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme agus bailíocht

  • Tá an luach céanna ag an FTD agus ag an FRTD agus atá ag víosaí idirthurais agus tá bailíocht chríochach acu don tír eisiúna AE.
  • Tá an FTD bailí ar feadh uastréimhse 3 bliana agus ní féidir idirthuras atá bunaithe ar an FTD dul thar 24 uair an chloig.
  • Tá an FRTD bailí ar feadh uastréimhse 3 bliana agus ní féidir idirthuras atá bunaithe ar an FRTD dul thar 6 uair an chloig.
  • Ní féidir aon FTD/FRTD a ghreamú ar dhoiciméad taistil atá imithe in éag nó a bhfuil a tréimhse bhailíochta níos giorra ná tréimhse an FTD/FRTD.

Coinníollacha agus nós imeachta eisiúna

  • Chun FTD/FRTD a fháil, ní mór d’iarratasóirí na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
    • doiciméad bailí a bheith acu, lena dtugtar údarú dóibh teorainneacha seachtracha a thrasnú;
    • nach daoine iad a bhfuil foláireamh eisithe ina leith chun críocha cead isteach a dhiúltú;
    • nach measfar go bhfuil siad ina mbagairt ar bheartas poiblí nó ar chaidreamh idirnáisiúnta de thír ar bith de chuid thíortha AE.
    • don FTD, cúiseanna maithe a bheith acu le taisteal go minic idir an dá chuid de chríoch a dtíre.
  • déantar an t–iarratas ar FTD/FRTD chuig údaráis chonsalachta thír AE. Ní mór d’iarratasóirí doiciméadacht a chur isteach a thaispeánann an gá le bheith ag taisteal go minic, amhail doiciméid a bhaineann le naisc theaghlaigh nó le ceannfháthanna sóisialta, eacnamaíocha nó eile.
  • Is e €5 an táille a chomhfhreagraíonn do chostais riaracháin a ghabhann leis an iarratas ar FTD a phróiseáil.
  • Eisítear an FRTD saor in aisce.

Doiciméad a eisiúint agus a dhiúltú

  • Eisíonn oifigí consalachta thíortha AE FTDanna agus FRTDanna agus ní fhéadfar iad a eisiúint ag an teorainn.
  • Déanfar na nósanna imeachta agus an t–achomharc, i gcásanna ina ndiúltaíonn post consalachta thír AE scrúdú a dhéanamh ar iarratas nó FTD/FRTD a eisiúint, faoi rialú dhlí náisiúnta na tíre faoi seach.
  • Má dhiúltaítear FTD/FRTD, ní mór an chúis a chur in iúl don iarratasóir, má cheanglaítear é sin leis an dlí náisiúnta.
  • Gearrtar pionóis ar shealbhóir an FTD/FRTD i gcás mí–úsáide. Caithfidh pionóis a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus caithfidh an fhéidearthacht a bheith ann an FTD/FRTD a chealú nó a chúlghairm.

Cinntí chun FTDanna/FRTDanna a eisiúint

  • Caithfidh tíortha AE a chinneann an FTD agus an FRTD a eisiúint an cinneadh seo a chur in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún Eorpach agus foilseoidh an Coimisiún san Iris Oifigiúil (IO) é.
  • Má chinneann tíortha AE deireadh a chur leis an FTD agus an FRTD a eisiúint, ní mór dóibh an cinneadh sin a chur in iúl don Chomhairle agus don Choimisiún agus foilseoidh an Choimisiún san IO é.
  • Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar fheidhmiú na scéime FTD/FRTD 3 bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an chéad chinnidh a ghlac tír AE ar FTDanna/FRTDanna.

Formáidí aonfhoirmeacha

Déantar FTDanna agus FRTDanna a tháirgeadh i bhfoirm formáide aonfhoirmí (greamán) agus tá an luach céanna leo is atá le víosaí idirthurais. Cloíonn siad leis na sonraíochtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 694/2003, a glacadh i gcomhthráth le Rialachán Uimh. 693/2003.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 18 Aibreán 2003.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD): údarú sonrach lena gceadaítear idirthuras éascaithe a fhéadfaidh tíortha AE a eisiúint le haghaidh dul isteach iolrach trí mhodh iompair talún ar bith. Ní mór an FTD a eisiúint i bhfoirm formáidí aonfhoirmeacha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 694/2003.
Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD): údarú sonrach lena gceadaítear idirthuras iarnróid éascaithe a fhéadfaidh tíortha AE a eisiúint le haghaidh dul isteach agus filleadh aonair. Ní mór an FRTD a eisiúint i bhfoirm formáidí aonfhoirmeacha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 694/2003.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 lena mbunaítear Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) sonrach, Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) agus lena leasaítear na Teagaisc Choiteanna Chonsalacha agus an Lámhleabhar Coiteann (IO L 99, 17.4.2003, lgh. 8-14)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 694/2003 ón gComhairle an 14 Aibreán 2003 maidir le formáidí aonfhoirmeacha le haghaidh Doiciméad Idirthurais Éascaithe (FTD) agus Doiciméad Idirthurais Iarnróid Éascaithe (FRTD) dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 693/2003 (IO L 99, 17.4.2003, lgh. 15-21)

Nuashonraithe 07.01.2020

Top