EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Foinsí neamhscríofa den dlí Eorpach: dlí forlíontach

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAL 19 DEN CHONRADH AR AN AONTAS EORPACH?

PRÍOMHPHOINTÍ

Cad is brí le dlí forlíontach?

Cad iad na foinsí forlíontacha dlí?

  • Áirítear na foinsí forlíontacha cásdlí* Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an dlí idirnáisiúnta* agus na prionsabail ghinearálta um dhlí. Tá na trí fhoinse sin mar an gcéanna i bpáirt.
  • Cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
    • Agus dlí AE á léirmhíniú, ní mór do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheith cruthaitheach corruair chun na bearnaí a fhágtar leis an dlí príomhúil agus/nó an dlí tánaisteach a dhúnadh.
    • Soláthraítear lena breithiúnais léirmhíniú oifigiúil agus atá ceangailteach ó thaobh dlí an AE agus, mar sin, tagraítear dóibh mar fhoinse dlí (faoi mar a thagraíonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh í féin chomh maith).
  • An dlí idirnáisiúnta
    • Baineann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh úsáid as an dlí idirnáisiúnta (lena n-áirítear comhaontuithe idirnáisiúnta arna gcur i gcrích ag AE agus tíortha AE) agus cásdlí á fhorbairt aici, a mhéid is a bhaineann a rialacha le AE agus nach bhfuil siad neamhréireach le struchtúr sonrach AE.
    • Chomh maith le ceangaltais dhlíthiúla AE agus thíortha AE, foinse spreagtha is ea an dlí idirnáisiúnta do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chomh maith agus na prionsabail ghinearálta um dhlí á ndréachtú aici.
  • Na prionsabail ghinearálta um dhlí
    • Arna bhforbairt le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, leis na prionsabail ghinearálta bhí an Chúirt ábalta rialacha a chur chun feidhme i réimsí éagsúla nach luaitear sna conarthaí.
    • Féadfaidh prionsabail ghinearálta um dhlí AE a bheith coiteann do chórais náisiúnta dlí thíortha AE agus a bheith comhoiriúnach do chuspóirí AE, nó a bheith bainteach go sonrach le AE, fiú má bhíonn siad spreagtha ag na prionsabail atá cuimsithe i gcórais náisiúnta dlí áirithe amháin.

Cearta bunúsacha

  • Tá cearta bunúsacha (Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE)) ina gcatagóir speisialta d’fhoinse dlí:
    • príomhúil i bpáirt — aithnítear in Airteagal 6(1) CAE go bhfuil an luach dlíthiúil céanna le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus atá leis na Conarthaí;
    • forlíontach i bpáirt — aithnítear “cearta bunúsacha” go sainráite in Airteagal 6(3) CAE mar phrionsabail ghinearálta AE, arna ráthú ag an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus mar a thig siad ó na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Réamhrialú: rialú a dhéanann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh mar fhreagra ar cheist ó chúirt náisiúnta maidir le léirmhíniú bhailíocht dhlí AE, rud a chuireann, dá réir sin, le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an dlí sin.
Cás-dlí: an dlí arna bhunú de réir toradh cásanna roimhe sin.
An dlí idirnáisiúnta: an tsraith rialacha lena rialaítear an caidreamh dlíthiúil idir na stáit nó na náisiúin nó i measc na stát nó na náisiún.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal III — Forálacha maidir leis na hinstitiúidí — Airteagal 19 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 27)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a hAon — Prionsabail — Teideal I — Catagóirí agus réimsí inniúlachta an Aontais — Airteagal 6 (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 52-53)

Nuashonraithe 12.03.2018

Top