EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Staidreamh i ndáil le hinimirce

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 — staidreamh AE i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 rialacha AE maidir le staidreamh i ndáil le himirce (eisimirce* agus inimirce*), cosaint idirnáisiúnta (tearmann), inimirce rialta agus inimirce mhírialta* agus daoine a chuireann AE agus tíortha CSTE ar ais.
  • Chun staidreamh iontaofa, ábhartha agus tráthúil a chur ar fáil sa réimse inimirce agus cosanta idirnáisiúnta, agus chun tacú leis an gClár Oibre Eorpach maidir le hInimirce, tugtar isteach le Rialachán (AE) 2020/851 staidreamh breise a bhaileoidh Eurostat agus cuirtear rialacha leis maidir le treoirstaidéir a thabhairt isteach chun an fhéidearthacht maidir le bailiúcháin nó dí-chomhiomlánú sonraí nua a thástáil laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglais um staidreamh

Leagtar amach leis an rialachán na ceanglais um staidreamh le haghaidh catagóirí éagsúla sonraí:

  • Maidir le himirce idirnáisiúnta, ní mór do thíortha AE staidreamh a chur ar fáil do Eurostat maidir le:
    • hinimircigh a thagann chuig a gcríocha;
    • heisimircigh a imíonn óna gcríocha;
    • daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu ar a gcríocha;
    • daoine a bhfuil saoránacht náisiúnta faighte acu.
  • Maidir le ceadanna cónaí agus cónaí saoránaigh neamh–AE, ní mór do thíortha AE staidreamh a chur ar fáil do Eurostat maidir le:
    • ceadanna cónaí a eisíodh, ceadanna a eisíodh de bharr stádas inimirce nó cúis fanachta a athrú; agus ceadanna le haghaidh cónaí fadtéarmach a eisíodh;
    • líon na gceadanna bailí cónaí agus cónaí fadtéarmacha.
  • Maidir le cosaint idirnáisiúnta, ní mór do thíortha AE staidreamh a chur ar fáil do Eurostat maidir le:
    • daoine a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar chosaint idirnáisiúnta lena n–áirítear iarratais chéaduaire agus iarratais ina dhiaidh sin;
    • leanaí neamhthionlactha a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar chosaint idirnáisiúnta;
    • hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta ar feitheamh;
    • hiarratais ar thearmann a tarraingíodh siar;
    • hiarratais a próiseáladh faoin nós imeachta luathaithe;
    • hiarratasóirí a bhfuil leas á bhaint acu as coinníollacha ábhartha glactha;
    • hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a diúltaíodh;
    • deonuithe stádas dídeanaí, cosanta coimhdí, cosaint daonnachtúla agus cosanta sealadaí;
    • hiarratais agus iarratais athscrúdaithe, cinntí agus aistrithe faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath III;
    • tairbhithe athlonnaithe*.
  • Maidir le cosc ar iontráil agus fanacht mírialta, agus maidir le daoine a chuirtear ar ais, ní mór do thíortha AE staidreamh a chur ar fáil faoi líon:
    • na saoránach neamh-AE ar diúltaíodh cead isteach dóibh ag a dteorainneacha seachtracha;
    • na saoránach neamh-AE a fuarthas go neamhdhleathach ar a gcríocha;
    • na gcinntí riaracháin nó breithiúnacha lena gcuirtear oibleagáid orthu a gcríocha a fhágáil;
    • na saoránach neamh-AE a chuirtear ar ais i ndiaidh ordú a fháil le himeacht.

Foinsí sonraí

Tá an staidreamh bunaithe ar líon foinsí lena n-áirítear:

  • taifid ar ghníomhartha riaracháin agus breithiúnacha;
  • cláir daonra nó cláir a bhaineann le gníomhartha riaracháin;
  • daonáirimh;
  • suirbhéanna samplacha.

Go ginearálta, déantar an staidreamh a mhiondealú de réir aoise, inscne agus saoránachta. Bailítear sonraí i dtaca le catagóirí eile chomh maith, áfach, amhail an chúis le cead cónaí a eisiúint nó an tír bhreithe agus an tír inar chónaigh an duine roimhe sin nó an chéad tír eile a rachaidh siad chun cónaí inti le haghaidh sonraí imirce.

Treoirstaidéir

  • Le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/851 tugtar isteach treoirstaidéir chun tástáil a dhéanamh ar an bhféidearthacht maidir le bailiúcháin nó dí-chomhiomlánú sonraí nua laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a thástáil.

ranníocaíochtaí airgeadais ó bhuiséad AE ar fáil d’institiúidí náisiúnta chun:

  • modheolaíochtaí nua maidir le staidreamh ar inimirce agus ar chosaint idirnáisiúnta a fhorbairt; agus
  • bailiúcháin nó dí–chomhiomlánú sonraí nua a fhorbairt nó a chur chun feidhme, lena n–áirítear na foinsí sonraí agus córais TF a uasghrádú, ar feadh tréimhse suas le 5 bliana.

Cur chun feidhme

Cuireann an Coimisiún Eorpach tuarascáil isteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an rialacháin gach 3 bliana. I dtuarascáil 2018 fuarthas feabhsuithe soiléire ar infhaighteacht, iomláine, cáilíocht agus tráthúlacht na sonraí atá ar fáil.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 20 Lúnasa 2007.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Eisimirce: an gníomh lena n–athraíonn duine a raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe sin i dtír AE, a thír nó a tír chónaithe ar feadh tréimhse a mhairfidh, nó a bhfuiltear go mairfidh sí, 12 mhí ar a laghad.
Inimirce: an gníomh lena mbunaíonn duine a ghnáthchónaí nó a gnáthchónaí i gcríoch tír AE nó tír nach tír de AE í ar feadh tréimhse a mhairfidh, nó a bhfuiltear go mairfidh sí, 12 mhí ar a laghad.
Imirce mhírialta: gluaiseacht daoine thar theorainneacha nach gcloíonn le noirm riaracháin nó dhlíthiúla na tíre seolta, na tíre idirthurais nó na tíre glactha.
Athlonnú: saoránaigh tír nach tír de AE í a aistriú chuig tír AE ina dtugtar cead cónaithe dóibh chun críche cosanta idirnáisiúnta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lgh. 23-29)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 862/2007 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus cosaint idirnáisiúnta (COM(2018) 594 final, 16.8.2018)

Rialachán (AE) Uimh. 351/2010 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2010 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta maidir le sainmhínithe chatagóirí agus ghrúpaí na tíre breithe, grúpaí na tíre ina raibh gnáthchónaí ar dhuine roimhe, nó grúpaí na chéad tíre a dtéann duine le gnáthchónaí inti agus grúpaí saoránachta (IO L 104, 24.4.2010, lgh. 37-39)

Rialachán (AE) Uimh. 216/2010 ón gCoimisiún an 15 Márta 2010 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta maidir le sainmhínithe chatagóirí na gcúiseanna le ceadanna cónaí (IO L 66, 16.3.2010, lgh. 1-2)

Nuashonraithe 24.08.2020

Top