EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An choireacht feithicle trasteorann a chomhrac

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2004/919/CE maidir le dul i ngleic le coireacht feithiclí lena mbaineann impleachtaí trasteorann

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Bunaítear leis cur chuige comhchoiteann ar fud AE maidir le dul i ngleic le coireacht feithiclí a bhaineann le níos mó ná tír AE amháin. Tá sé mar aidhm leis comhar a fheabhsú idir tíortha AE agus idir a n–údaráis forfheidhmithe dlí faoi seach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglaítear leis an gcinneadh ar thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • feabhas a chur ar chomhar frithpháirteach idir na húdaráis náisiúnta inniúla;
  • nósanna imeachta a éascú le haghaidh aisdúichiú tapa na bhfeithiclí a ghabhann na húdaráis náisiúnta;
  • pointe teagmhála chun dul i ngleic leis an gcoireacht feithicle trasteorann a ainmniú;
  • agus, i gcás go dtuairiscítear gur goideadh feithicil, é a iontráil sa chuid sin de bhunachar sonraí Chóras Faisnéise Schengen ina bhfuil faisnéis maidir le clárú feithiclí agus, nuair is féidir, i mbunachar sonraí mótarfheithiclí goidte Interpol.

Sonraítear sa chinneadh an nasc suntasach atá idir an choireacht feithicle agus cineálacha eile coireachta eagraithe, amhail gáinneáil ar dhrugaí, ar airm agus ar dhaoine.

Comhar

Ceanglaítear ar thíortha AE na bearta is gá a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcomhar:

  • idir na húdaráis náisiúnta chun an choireacht feithicle trasteorann a chomhrac;
  • idir údaráis inniúla agus ionadaithe na hearnála príobháidí (amhail sealbhóirí clárúchán príobháideach feithiclí atá ar iarraidh, árachóirí agus an trádáil carranna) chun faisnéis agus gníomhaíocht as réimse sin a chomhordú.

Iarrtar ar thíortha AE chomh maith aird faoi leith a thabhairt ar rialú onnmhairiúcháin agus aisdúichiú tapa na bhfeithiclí goidte a fuarthas ar ais a chuíchóiriú.

Malartú faisnéise

  • Ceanglaítear ar thíortha AE pointí teagmhála náisiúnta a bhunú chun faisnéis a mhalartú maidir le dul i ngleic leis an gcoireacht feithicle — cruthaíodh líonra pointí teagmhála náisiúnta (CARPOL) mar thoradh air sin.
  • Áirítear leis an malartú faisnéise na modhanna agus an dea-chleachtas maidir leis an gcoireacht feithicle a chosc ach ní chuirtear sonraí pearsanta san áireamh leis.
  • Ba cheart foláirimh rialta a eisiúint le haghaidh feithiclí agus deimhnithe clárúcháin goidte i gCóras Faisnéise Schengen agus, nuair is féidir, i mbunachar sonraí mótarfheithiclí goidte Interpol.
  • Iarrtar ar na húdaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí Europol a choinneáil ar an eolas maidir le déantóirí na coireachta feithicle.

Deimhnithe clárúcháin feithiclí

Iarrtar ar thíortha AE mí-úsáid agus goid deimhnithe clárúcháin feithiclí a chosc. Dá réir sin, ní mór do na húdaráis forfheidhmithe dlí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • na húdaráis náisiúnta um chlárú feithiclí a chur ar an eolas má tá feithicil, i gcás inarb eol gur goideadh í, á cur tríd an bpróiseas clárúcháin;
  • an deimhniú clárúcháin a fháil ar ais má bhíonn damáiste suntasach déanta den fheithicil (caillteanas iomlán).

Molann an Chomhairle an méid seo a leanas chomh maith:

Measúnú

  • Rinneadh an cinneadh a athbhreithniú faoi dhó in 2008 agus in 2016. Fuarthas sa mheasúnú is déanaí gur chuir CARPOL gairmiúlacht leis an líonra pointí teagmhála náisiúnta agus gur neartaigh sé é, agus go bhfuil gá ann fós le CARPOL a choimeád san fhadtéarma.
  • I Measúnú Cuimsitheach 2017 ar bheartas slándála AE fuarthas go dtagann na cuspóirí agus na sásraí atá leagtha amach sa chinneadh leis na riachtanais reatha.
  • Sonraítear sa mheasúnú chomh maith go bhfuil Europol ag tacú go gníomhach le CARPOL amhail trí chruinnithe a óstáil agus trí thacaíocht a thabhairt d’fhoirne comhpháirteacha imscrúdaithe maidir le goid carranna sóchais nó maidir le gáinneáil ar dhrugaí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 30 Nollaig 2004.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2004/919/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2004 maidir le dul i ngleic leis an gcoireacht feithicle lena mbaineann impleachtaí trasteorann (IO L 389, 30.12.2004, lgh. 28-30)

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin Measúnú Cuimsitheach ar Bheartas Slándála AE — A ghabhann leis an doiciméad Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle — An naoú tuarascáil maidir le dul chun cinn i dtreo Aontas Slándála éifeachtúil agus fíor (SWD(2017) 278 críochnaitheach, 26.7.2017)

Nuashonraithe 04.04.2019

Top