EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ábhair agus earraí a bhíonn i dteagmháil le bia — dea-chleachtas monaraíochta

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 ón gCoimisiún — dea-chleachtas monaraíochta maidir le hábhair agus earraí a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Leagtar síos rialacha ann maidir le dea-chleachtas monaraíochta (GMP)* i dtaca le hábhair agus earraí a bhíonn i dteagmháil le bia.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá feidhm ag an reachtaíocht maidir le gach earnáil agus gach céim de mhonaraíocht, próiseáil agus dáileadh ábhar agus earraí.
  • Ní mór do ghnóthaí:
    • cloí le dea-chleachtas monaraíochta;
    • córas dearbhaithe cáilíochta éifeachtach agus doiciméadaithe a bhunú, a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm*;
    • córas rialaithe cáilíochta éifeachtach a bhunú agus a chothú;
    • taifid iomchuí a bhunú agus a chothabháil, i bhfoirm páipéir nó leictreonach, maidir le sonraíochtaí, foirmlí agus próiseáil i dtaca le sábháilteacht an táirge aonair agus na n-oibríochtaí monaraíochta éagsúla.
  • Cumhdaítear i ndea-chleachtas monaraíochta rudaí amhail coimeádáin, pacáistíocht, páipéar, cairtchlár, dúch agus greamacháin a d’fhéadfadh a bheith i dteagmháil le bia.
  • Cuimsítear i gcórais dearbhaithe cáilíochta:
    • eolas agus scileanna na foirne agus eagrú an áitribh agus an trealaimh;
    • méid an ghnó ionas nach mbeidh siad ina n-ualach rómhór.
  • Áirítear le córais rialaithe cáilíochta:
    • monatóireacht ar chur chun feidhm dea-chleachtas monaraíochta; agus
    • aon bhearta atá easnamhach ar na caighdeáin riachtanacha a aithint agus a cheartú.
  • Leagtar síos i leasú (Rialachán (CE) Uimh. 282/2008) córas sonrach dearbhaithe cáilíochta le haghaidh ábhar agus earraí plaisteacha athchúrsáilte a bhíonn i dteagmháil le bia.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Cuireadh i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2008.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Dea-chleachtas monaraíochta: na gnéithe sin de dhearbhú cáilíochta lena n-áirithítear go gcloíonn ábhair agus earraí le caighdeáin cháilíochta, nach gcuireann siad sláinte an duine i mbaol nó nach gcruthaíonn siad athrú do-ghlactha ar chomhdhéanamh an bhia.

* Córas dearbhaithe cáilíochta: socruithe eagraithe agus doiciméadaithe lena n-áirithítear go gcomhlíonann ábhair agus earraí an caighdeán riachtanach.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 an 22 Nollaig 2006 ón gCoimisiún maidir le dea-chleachtas monaraíochta maidir le hábhair agus earraí a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 384, 29.12.2006, lgh. 75-78)

Ionchorpraíodh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 sa bhuntéacs. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo le haghaidh doiciméadúcháin amháin

Nuashonraithe 02.05.2016

Top