Trádáil laistigh de AE in ainmhithe caorach agus gabhar
ACHOIMRE AR:
Threoir 91/68/CEE ón gComhairle maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil laistigh den Chomhphobail in ainmhithe caorach agus gabhar
ACHOIMRE
CAD A DHÉANTAR SA TREOIR SEO?
-
Leagtar amach sa treoir seo na rialacha a chuirtear i bhfeidhm ar chaora (caorach) agus gabhair (gabhar) a bhogtar ó thír amháin go dtí tír éigin eile den Aontas Eorpach (AE), cibé chun iad a mharú, a ramhrú nó a phórú, chun a áirithiú go bhfuil siad sláintiúil agus nach bhfuil aon ghalar orthu.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Ní mór do na hainmhithe cloí leis na coinníollacha seo a leanas:
-
a bheith aitheanta agus cláraithe i gcomhréir le reachtaíocht AE;
-
scrúdú a bheith déanta orthu 24 uaire an chloig sula mbogtar iad;
-
gan a bheith ó fheirm, nó gan a bheith i dteagmháil le hainmhithe, inar aithníodh galar, go dtí go bhfuil tréimhse ama oiriúnach imithe thart — 42 lá le haghaidh brúsallóise, 30 lá le haghaidh confaidh agus 15 lá le haghaidh antraisc;
-
a bheith saolaithe agus tógtha in AE nó allmhairithe ó thír éigin lasmuigh den Aontas Eorpach i gcomhréir le rialacháin AE;
-
a bheith ar an bhfeirm thionscnaimh go leanúnach ar feadh 30 lá nó níos mó nó, i gcás ainmhithe óga, ónar saolaíodh iad;
-
gan a bheith imithe ón bhfeirm thionscnaimh ar feadh níos mó ná 6 lá sula bhfaigheann siad a n-údarú deiridh trádála;
-
gan a bheith i dteagmháil le caora ná le gabhair eile ar feadh 21 lá roimhe sin nó, i gcás ainmhithe chrúbacha, allmhairithe isteach san Aontas Eorpach sna 30 lá roimhe sin.
-
Ní mór d’ainmhithe phóraithe agus ramhraithe cloí le ceanglais bhreise chun a áirithiú nach bhfuil brúsallóis orthu.
-
Ní féidir ainmhithe a bhogadh go dtí tír AE eile más rud é:
-
go bhfuil sé beartaithe iad a mharú faoi chlár maidir le galair a dhíothú; nó
-
nach féidir iad a dhíol ina gcríoch féin mar gheall ar imní sláinte.
-
Ní mór do lárionaid bhailiúcháin, ina gcoimeádtar ainmhithe ó fheirmeacha difriúla sula ndéantar iad a aistriú, a bheith:
-
faoi mhaoirseacht ag tréidlia oifigiúil;
-
glanta agus dífhabhtaithe sula mbaintear úsáid astu; agus
-
iniúchadh déanta orthu go rialta ag na húdaráis ábhartha.
-
Ní mór do na lárionaid:
-
dóthain spáis agus saoráidí a bheith acu chun freastal ar na hainmhithe atá ag fanacht iontu;
-
glacadh le hainmhithe a chloíonn le coinníollacha sláinte AE agus leis na hainmhithe sin amháin; agus
-
clár a choimeád ar feadh 3 bliana ar a laghad a bhfuil sonraí ann faoi dhátaí iontrála agus imeachta na n-ainmhithe, mar aon le hainm an úinéara agus cláruimhir an iompróra.
-
Faigheann gach lárionad a uimhir phearsanta cheadaithe féin agus is féidir ceadúnas an lárionaid a chur ar fionraí nó a aistarraingt as sáruithe ar an reachtaíocht.
-
Na déileálaithe agus iompróirí a bhogann ainmhithe ó thír AE amháin go dtí tír AE eile, ní mór dóibh a bheith cláraithe agus bunachar sonraí dá gcuid gníomhaíochtaí a choimeád ar feadh 3 bliana ar a laghad. Ní mór dóibh cloí le dianchaighdeáin sláinteachais.
Cuirtear an treoir i bhfeidhm de bhreis ar an reachtaíocht seo a leanas:
-
Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 maidir le caora agus gabhair a aithint agus a chlárú;
-
Treoir 2003/85/CE ón gComhairle maidir le bearta chun galar crúibe is béil a rialú; agus
-
Cinneadh 93/52/CEE ón gCoimisiún maidir le ceanglais i ndáil le brúsallóis a chomhlíonadh ag tíortha nó réigiúin áirithe AE.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 4 Feabhra 1991. Bhí ar thíortha AE an rialachán a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1992.
CÚLRA
Féach “Trádáil laistigh den Chomhphobal in ainmhithe caorach agus gabhar” ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.
GNÍOMH
Treoir 91/68/CEE ón gComhairle an 28 Eanáir 1991 maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe lena rialaítear trádáil laistigh den Chomhphobal in ainmhithe caorach agus gabhar (IO L 46, 19.2.1991, lgh. 19-36)
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 91/68/CEE. Is chun críocha doiciméadúcháin amháin an leagan comhdhlúite seo.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 21/2004 ón gComhairle an 17 Nollaig 2003 lena mbunaítear córas chun ainmhithe caorach agus gabhar a shainaithint agus a chlárú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003, Treoir 92/102/CEE agus Treoir 64/432/CEE (IO L 5, 9.1.2004, lgh. 8-17). Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 2003/85/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 maidir le bearta Comhphobail chun galar crúibe is béil a rialú lena n-aisghairtear Treoir 85/511/CEE, Cinneadh 89/531/CEE agus Cinneadh 91/665/CEE agus lena leasaítear Treoir 92/46/CEE (IO L 306, 22.11.2003, lgh. 1-87). Féach an leagan comhdhlúite.
Cinneadh 93/52/CEE ón gCoimisiún an 21 Nollaig 1992 lena dtaifeadtar comhlíonadh Ballstát nó réigiún áirithe leis na ceanglais a bhaineann le brúsallóis (B. melitensis) agus lena mbronntar stádas Ballstáit nó réigiúin atá saor go hoifigiúil ón ngalar orthu (IO L 13, 21.1.1993, lgh. 14-15). Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 18.04.2016