EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An bunachar sonraí comhtháite ar líne i dtaobh taraif chustaim (TARIC)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 — an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an bunús dlí i gcomhair TARIC, taraif chomhtháite AE, agus tugtar isteach comhchóras maidir le hearraí a chódú agus a aicmiú, darb ainm an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC), atá riachtanach i ndáil le staidreamh trádála AE a phróiseáil agus a fhoilsiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Cuimsítear in TARIC na rátaí dleachta custaim go léir agus rialacha áirithe AE is infheidhme maidir le trádáil sheachtrach. Níl faisnéis ann a bhaineann le cánacha náisiúnta amhail CBL.
  • Tá AC ina thoradh ar chumasc idir ainmníocht na Comhtharaife Custaim* agus Nimexe (Ainmníocht staidrimh AE).
  • Tá TARIC bunaithe ar AC agus folaíonn sé fo-ranna breise, dá ngairtear fo-cheannteidil TARIC, a úsáidtear maidir le hearraí sa chás ina bhfuil feidhm ag rátaí dleachta custaim sonracha ar bhonn a dtionscnaimh, nó i gcás ina bhfuil feidhm ag rialacha eile faoi bheartas trádála.
  • Tá cód 8 ndigit i ngach fo-cheannteideal AC. Tagraítear leis na chéad sé dhigit do cheannteidil agus fo-cheannteidil an chórais chomhchuibhithe, léiríonn an seachtú digit agus an t–ochtú digit na fo-cheannteidil AC. Léiríonn an naoú digit agus an deichiú digit fo-cheannteidil TARIC.
  • Socraítear na rátaí dleachta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán, agus déantar nuashonrú uirthi go rialta chun an méid seo a leanas a chur san áireamh:
    • athruithe arna gcomhaontú ar an leibhéal idirnáisiúnta;
    • athruithe a bhaineann le ceanglais staidrimh, beartas tráchtála agus forbairtí teicneolaíocha agus forbairtí tráchtála; agus
    • an gá téacsanna a ailíniú nó a shoiléiriú.
  • Déanann an Coimisiún Eorpach TARIC a fhoilsiú agus a bhainistiú. Leithdháileann sé códuimhreacha, nuashonraíonn sé TARIC, agus cuireann sé tíortha AE ar an eolas faoi leasuithe. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach, tíortha AE nó cónaidhmeanna trádála Eorpacha iarrataí a dhéanamh i dtaobh AC a leasú.
  • Gach bliain, glacann an Coimisiún rialachán lena ndéantar macasamhlú ar leagan iomlán de AC agus de rátaí dleachta na Comhtharaife Custaim, agus leasuithe ón gComhairle agus ón gCoimisiún á gcur san áireamh aige. Foilsítear an rialachán sin san Iris Oifigiúil tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair, agus bíonn feidhm aige ón 1 Eanáir an bhliain dár gcionn.
  • Tugann an Coiste um an gCód Custaim, ina gcuimsítear ionadaithe thíortha AE, cúnamh don Choimisiún. Tá an coiste freagrach as scrúdú a dhéanamh ar gach ceist faoi AC, TARIC nó ainmníochtaí eile.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Bhí feidhm leis ón 10 Meán Fómhair 1987.

CÚLRA

Bunachar sonraí is ea TARIC, taraif chomhtháite AE, ina dtugtar le chéile reachtaíocht tráchtála agus reachtaíocht talmhaíochta agus taraifí custaim. Áirithítear leis sin go gcuireann tíortha AE i bhfeidhm go haonfhoirmeach iad agus tugtar léargas soiléir ar na bearta go léir atá le glacadh acu siúd a bhfuil baint acu le hallmhairiú chuig AE nó earraí a onnmhairiú ó AE.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

  • TARIC (An Coimisiún Eorpach).

PRÍOMHTHÉARMAÍ

An Chomhtharaif Chustaim: an t–aicmiúchán earraí agus na rátaí dleachta a bhfuil feidhm acu maidir le gach aicme earraí, is infheidhme ar fud AE.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus maidir leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lgh. 1-675)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 a ionchorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 17.06.2023

Top