EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ordú Cosanta Eorpach — tacú le híospartaigh na coireachta ar fud AE

ACHOIMRE AR:

Treoir 2011/99/AE — Ordú Cosanta Eorpach

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

  • Leis an treoir is féidir le híospartaigh foréigin, íospartaigh foréigin teaghlaigh agus íospartaigh na stalcaireachta go háirithe, leanúint de chosaint a fháil ó chiontóirí nuair a bhogann siad go tír AE eile.
  • Leagtar amach inti rialacha lena gceadaítear do bhreitheamh nó d’údarás coibhéiseach i dtír AE amháin ordú cosanta Eorpach a eisiúint nuair a bhogann an duine faoi chosaint go dtí tír AE eile.
  • Feidhmíonn sí i gcomhar le Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 lena dtugtar isteach próiseas simplí deimhniúcháin ionas gur féidir ordú a eisíodh i dtír AE amháin a aithint go tapa agus go héasca i dtír AE eile.

PRÍOMHPHOINTÍ

Chun ordú cosanta Eorpach a eisiúint, ní mór do bheart cosanta náisiúnta a bheith i bhfeidhm cheana sa tír AE a fhorchuireann ceann amháin nó níos mó de na toirmisc nó de na srianta seo a leanas ar an duine is cúis leis an duine atá cosanta a bheith i gcontúirt:

  • toirmeasc ar dhul isteach in áiteanna áirithe nó i limistéir shainithe ina bhfuil cónaí ar an duine atá cosanta nó ar a dtugann an duine atá cosanta cuairt;
  • toirmeasc nó teorainn ar theagmháil, de chineál ar bith, leis an duine atá cosanta tríd an nguthán, go leictreonach nó tríd an ngnáthphost, trí fhacs nó trí bhealach ar bith eile; nó
  • toirmeasc nó srian ar dhul níos faide ná fad socraithe i dtreo an duine atá cosanta.

Ordú a eisiúint

Tá roinnt coinníollacha ann lena n-áirítear:

  • go gcinneann an duine atá cosanta cónaí nó fanacht i dtír AE eile, nó tá sé nó sí ina chónaí/ina cónaí nó ag fanacht i dtír AE eile cheana;
  • go n-iarrann an duine atá cosanta an t-ordú iad féin;
  • go bhfuil ceart ag an duine is cúis leis an gcontúirt go n-éistfí leis nó léi agus cur i gcoinne an bhirt chosanta, mura raibh an ceart acu amhlaidh a dhéanamh sular glacadh an bunbheart cosanta.

Is féidir an t-ordú a iarraidh sa tír AE ina bhfuil an duine atá cosanta ina chónaí/ina cónaí nó ag fanacht inti faoi láthair (an tír fhorghníomhaitheach) nó sa tír AE ina n-eiseofar an t-ordú (an tír eisiúna).

Neamh-aithint ordaithe

Féadfaidh an tír fhorghníomhaitheach a dhiúltú ordú a aithint ar roinnt cúiseanna lena n-áirítear:

  • níl an t-ordú curtha i gcrích nó níor cuireadh i gcrích é laistigh den tréimhse ama a leag an tír fhorghníomhaitheach amach;
  • baineann an beart cosanta le gníomh nach cion coiriúil é sa tír fhorghníomhaitheach;
  • ní fhorchuirtear ceann amháin nó níos mó de na toirmisc agus de na srianta atá leagtha amach thuas leis an mbeart cosanta.

Má dhiúltaíonn an tír fhorghníomhaitheach an t-ordú a aithint ní mór dóibh:

  • a chur in iúl go pras don duine atá cosanta agus don tír eisiúna nár aithníodh an t-ordú agus na cúiseanna leis sin a insint dóibh;
  • a chur in iúl don duine atá cosanta go bhféadfadh sé nó sí beart cosanta a iarraidh faoina dlí náisiúnta;
  • forais achomhairc ar bith i gcoinne an chinnidh faoina dlí náisiúnta a chur in iúl don duine atá cosanta.

Ordú a fhorfheidhmiú

Tá an tír fhorghníomhaitheach freagrach as bearta maidir leis an ordú a dhéanamh a ghlacadh agus a fhorfheidhmiú. Má sháraítear an t-ordú féadfaidh sí:

  • pionóis choiriúla agus bearta ar bith eile a fhorchur más cion coiriúil é an sárú sa tír sin;
  • cinntí neamhchoiriúla a bhaineann leis an sárú a dhéanamh;
  • beart práinneach nó sealadach ar bith a dhéanamh chun deireadh a chur leis an sárú sula ndéanfaidh an tír eisiúna cinneadh ar bith ina dhiaidh sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tháinig sí i bhfeidhm an 10 Eanáir 2012. Bhí sé le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin 11 Eanáir 2015.

CÚLRA

Féach “Íospartaigh” ar shuíomh gréasáin Ceartais an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMH

Treoir 2011/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an ordú cosanta Eorpach (IO L 338, 21.12.2011, lgh. 2-18)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta (IO L 181, 29.6.2013, lgh. 4-12)

Nuashonraithe 25.01.2016

Top