EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

ITER: Comhaontú maidir le comhleá núicléach idir Euratom agus an tSeapáin

 

ACHOIMRE AR:

An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Rialtas na Seapáine maidir le Cur chun Feidhme Comhpháirteach Gníomhaíochtaí Cur Chuige níos Leithne sa Réimse Taighde ar Fhuinneamh Comhleá

Cinneadh 2007/614/Euratom — tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún, an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Rialtas na Seapáine maidir le Cur chun Feidhme Comhpháirteach Gníomhaíochtaí Cur Chuige níos Leithne sa Réimse Taighde ar Fhuinneamh Comhleá

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Féachtar leis an gcomhaontú idir AE agus an tSeapáin le creat a thabhairt isteach chun “gníomhaíochtaí cur chuige níos leithne” a bhaint amach sa réimse um fhuinneamh comhleá, de thoradh ar thionscadal ITER. Tá an comhaontú, a mhairfidh 10 mbliana ar dtús, ar oscailt do pháirtithe ITER eile. Leanfaidh sé ar aghaidh i ndiaidh 10 mbliana mura gcuirfidh aon cheann de na páirtithe deireadh leis.
  • Tugtar an comhaontú i gcrích leis an gcinneadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom).

PRÍOMHPHOINTÍ

Gníomhaíochtaí

Tagraíonn na gníomhaíochtaí cur chuige níos leithne do 3 thionscadal taighde a forbraíodh sa tSeapáin:

Struchtúr

Cuimsítear iad seo a leanas i struchtúr bainistíochta na ngníomhaíochtaí cur chuige níos leithne sin:

  • an coiste stiúrtha;
  • an rúnaíocht;
  • an coiste (na coistí) tionscadail;
  • an ceannaire (na ceannairí) tionscadail agus an fhoireann (na foirne) tionscadail;
  • na gníomhaireachtaí cur chun feidhme.

Ionstraimí cur chun feidhme

  • Cuimsítear an méid a leanas i bplean an tionscadail (ina gclúdaítear fad an tionscadail), a chuireann an ceannaire tionscadail faoi bhráid an choiste stiúrtha lena fhaomhadh i ndiaidh dul i gcomhairle leis an gcoiste tionscadail tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain:
    • cur síos ar na gníomhaíochtaí ar fad atá beartaithe;
    • sceideal mionsonraithe de phríomhchéimeanna an chur chun feidhme:
    • forléargas ar na ranníocaíochtaí a rinneadh agus ar na cinn a dhéanfar.
  • I ndiaidh dul i gcomhairle leis an gcoiste tionscadail, cuirfidh gach ceannaire tionscadail, tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhar gach bliain, clár oibre don bhliain ina dhiaidh sin faoi bhráid an choiste stiúrtha lena fhaomhadh, ina mbeidh an méid a leanas:
    • pointí an phlean tionscadail chomhfhreagraigh;
    • sonraíochtaí an chláreagraithe maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar (cuspóirí, pleanáil, caiteachas reatha, na ranníocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo ó gach páirtí, etc.).
  • Cuireann gach ceannaire tionscadail tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an choiste stiúrtha lena fhaomhadh (tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain). Cuirtear an doiciméad sin ar aghaidh ansin chuig na páirtithe agus na gníomhaireachtaí cur chun feidhme.
  • Tá gach páirtí i dteideal iniúchadh airgeadais a dhéanamh tráth ar bith le linn an chomhaontaithe sin agus suas le 5 bliana i ndiaidh deireadh a chur leis.

Acmhainní

  • D’fhéadfadh an méid a leanas a bheith i gceist leis na hacmhainní le haghaidh na ngníomhaíochtaí cur chuige níos leithne:
    • ranníocaíochtaí comhchineáil;
    • comhpháirteanna sonracha, trealamh agus ábhair, chomh maith le hearraí agus seirbhísí;
    • na saineolaithe a chuirtear ar fáil do na foirne tionscadail;
    • an pearsanra a chuirtear ar fáil do na comhlachtaí bainistíochta éagsúla;
    • ranníocaíochtaí airgeadais.
  • Is ionann ranníocaíocht AE, a dhéantar go príomha i bhfoirm ranníocaíochtaí comhchineáil, agus thart ar €340 milliún.

I mí an Mhárta 2020, shínigh Euratom agus an tSeapáin dearbhú comhpháirteach ina n–athdhearbhaítear go ndíreofar an cur chuig níos leithne, ó 2020 i leith, ar na saoráidí a cuireadh ar bun cheana a oibriú agus leas a bhaint astu, ar mhaithe leis an dá pháirtí. Agus ITER ag teacht i dtreo a Chéad Phlasma féin agus i dtreo thús a oibrithe, oibreoidh foirne atá ag obair ar an gcur chuige níos leithne níos dlúithe le ITER lena áirithiú go gcuirfear ar aghaidh a rianúil agus is féidir é.

Maoin intleachtúil

  • Leis an gconradh sainítear maoin intleachtúil faoi mar a fhoráiltear in Airteagal 2 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil an 14 Iúil 1967.
  • Tá sé de dhualgas ar na ceannairí tionscadail an coiste stiúrtha a chur ar an eolas faoi mhaoin intleachtúil inchosanta fhéideartha a chruthófar agus an dlínse inar féidir cosaint dá leithéid a fháil a mholadh.
  • Ba cheart do na páirtithe:
    • tacú leis an scaipeadh is leithne faisnéise a bheidh mar thoradh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe;
    • a áirithiú go gcuirfear an fhaisnéis a chruthóidh na foirne tionscadail agus na gníomhaireachtaí cur chun feidhme ar fáil go héasca do gach páirtí lena húsáid i dtaighde agus i bhforbairt an fhuinnimh chomhleá;
    • ceadúnas neamheisiach, neamh-inchúlghairthe, saor ó ríchíosanna a bheith acu i ngach tír chun foilseacháin eolaíocha agus theicniúla a thiocfaidh go díreach as an gcur chun feidhme a aistriú, a atáirgeadh agus a scaipeadh go poiblí.
    • malartú iomchuí agus éasca faisnéise a theastaíonn chun cúraimí na bhfoirne tionscadail a bhaint amach a áirithiú agus a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis ar a mbeidh ’faoi rún’ marcáilte a scaipeadh i gcomhréir leis na rialacha um rúndacht. Bheadh na cearta agus na teidil maidir leis an maoin intleachtúil a chruthódh baill foirne gníomhaireachta cur chun feidhme faoi úinéireacht na gníomhaireachta lena mbaineann.

DÁTA THEACHT I BHFEIDHM

Tá feidhm leis ón 1 Meitheamh 2007.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉID

An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Rialtas na Seapáine maidir le Cur chun Feidhme Comhpháirteach Gníomhaíochtaí Cur Chuige níos Leithne sa Réimse Taighde ar Fhuinneamh Comhleá (IO L 246, 21.9.2007, lgh. 34-46)

Cinneadh 2007/614/Euratom an 30 Eanáir 2007 maidir le tabhairt i gcrích, ag an gCoimisiún, an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus Rialtas na Seapáine maidir le Cur chun Feidhme Comhpháirteach Gníomhaíochtaí Cur Chuige níos Leithne sa Réimse Taighde ar Fhuinneamh Comhleá (IO L 246, 21.9.2007, lgh. 32-33)

Nuashonraithe 12.05.2020

Top