EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF) (2007–2013)

Chun an bearna idir leibhéil fhorbraíochta i réigiúin éagsúla na hEorpa agus moille na réigiún Eorpach faoi mhíbhuntáiste a laghdú, leagann an Rialachán seo amach na cineálacha gníomhaíochta a d’fhéadfadh a mhaoiniú as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF). Leagann sé amach fosta cúraimí agus raon ERDF i gcomhthéacs na gcuspóirí “Cóineasú”, “Iomaíochas Réigiúnach agus Fostaíocht” agus “Comhar Críche Eorpach” as beartas athchóirithe an chomhtháthaithe don tréimhse 2007–2013.

ACHT

Regulation (EC) No 1080/2006 of the European Parliament and of the Council of 5 July 2006 on the European Regional Development Fund and repealing Regulation (EC) No 1783/1999 [Official Journal L 210 of 31.7.2006] (Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1783/1999) [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha]

ACHOIMRE

Leagann an Rialachán seo amach cúraimí agus raon ERDF. Baineann raon feidhme ERDF leis na cuspóirí “Cóineasú”, “Iomaíochas Réigiúnach agus Fostaíocht” agus “Comhar Críche Eorpach”, mar a shainmhínítear sna forálacha ginearálta ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ar Chiste Sóisialta na hEorpa agus ar an Chiste Comhtháthaithe.

Cuspóir

Is é cuspóir ERDF na héagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú chun an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú. Déantar é seo trí mheán tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus do choigeartú struchtúrtha na ngeilleagar réigiúnach, agus athchóiriú na réigiún tionsclaíoch ag dul i léig san áireamh.

Raon

Díríonn ERDF a chuid gníomhaíochtaí ar roinnt tosaíochtaí téamacha a léiríonn nádúr na gcuspóirí “Cóineasú”, “Iomaíochas Réigiúnach agus Fostaíocht” agus “Comhar Críche Eorpach”. Maoinithe a bhaineann leo seo atá i gceist go háirithe:

  • infheistíocht a chuidíonn le fostaíocht inbhuanaithe a chruthú;
  • infheistíocht i mbonneagar;
  • tacaíocht don fhorbairt réigiúnach agus áitiúil, ina measc cúnamh agus seirbhísí d’fhiontair, go háirithe do na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM);
  • cúnamh teicniúil.

Cóineasú

Maidir leis an chuspóir “Cóineasú”, díríonn ERDF a chúnamh ar fhorbairt eacnamaíoch inbhuanaithe chomhtháthaithe a thacú agus ar fhostaíocht inbhuanaithe a chruthú. Féachann na cláir oibríochta sna Ballstáit le struchtúir eacnamaíocha réigiúnacha a nuachóiriú agus a éagsúlú, sna réimsí seo a leanas, i measc réimsí eile:

  • taighde agus forbairt theicneolaíoch (T&FT), nuálaíocht agus fiontraíocht;
  • sochaí na faisnéise;
  • an comhshaol;
  • seachaint rioscaí;
  • turasóireacht;
  • infheistíocht chultúrtha;
  • infheistíocht san iompar;
  • fuinneamh;
  • infheistíocht ar son an oideachais;
  • infheistíocht i mbonneagar na sláinte agus sa bhonneagar sóisialta;
  • cúnamh díreach don infheistíocht i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM).

Iomaíochas réigiúnach agus fostaíocht

Maidir leis an chuspóir seo, cuirtear na tosaíochtaí i dtrí phríomhghrúpa:

  • nuálaíocht agus geilleagar an eolais, lena n-áirítear cumais réigiúnacha T&FT agus nuálaíochta a fheabhsú, an fhiontraíocht agus cruthú ionstraimí airgeadais nua d’fhiontair;
  • an comhshaol agus seachaint rioscaí, lena n-áirítear talamh éillithe a shlánú, éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh, iompar poiblí uirbeach glan a chur chun cinn agus pleananna a leagan amach chun rioscaí nádúrtha agus teicneolaíochta a chosc agus a bhainistiú;
  • fáil ar sheirbhísí iompair agus teileachumarsáide ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne, go háirithe líonraí tánaisteacha a neartú agus fáil ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC) a spreagadh do FBManna.

Comhar críche Eorpach

Maidir leis an chuspóir seo, dírítear an cúnamh ERDF ar thrí phríomhréimse fosta:

  • gníomhaíochtaí trasteorann eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a fhorbairt trí mheán comhstraitéisí ar son na forbartha inbhuanaithe críche. Is é an rud atá i gceist, mar shampla, fiontraíocht a spreagadh, acmhainní nádúrtha agus cultúrtha a chosaint agus a bhainistiú agus comhar, cumais agus comhúsáid na mbonneagar a fhorbairt;
  • comhar trasnáisiúnta a chur ar bun agus a fhorbairt, comhar déthaobhach idir réigiúin muirí san áireamh. Is iad na tosaíochtaí ná an nuálaíocht, an comhshaol, inrochtaineacht fheabhsaithe agus an fhorbairt inbhuanaithe uirbeach;
  • éifeachtúlacht an bheartais réigiúnaigh a neartú. Líonrú agus malartú taithí idir údaráis réigiúnacha agus áitiúla a chur chun cinn atá i gceist anseo.

Ar éileamh na mBallstát, féadann an Coimisiún rialacha a mholadh do chatagóirí áirithe caiteachais le cur in ionad na rialacha náisiúnta.

Is cúram na mBallstát é údarás bainistíochta amháin, údarás deimhniúcháin amháin agus údarás iniúchóireachta amháin a ainmniú.

Mar a leagadh amach sna forálacha ginearálta, féadann na Ballstáit dul i muinín na hionstraime dlíthiúla comhair, an ghrúpáil Eorpach um chomhar trasteorann, chun cúraimí an údaráis bhainistíochta agus na comhrúnaíochta teicniúla a tharmligean di.

Chun go roghnaítear tionscadal, caithfidh tairbhithe a bheith ann as dhá thír ar a laghad agus iad ag comhghníomhú in dhá cheann ar a laghad de na ceithre réimse seo a leanas: forbairt, cur i bhfeidhm, soláthar foirne agus maoiniú. I gcás an chomhair thrasnáisiúnta, is féidir clár a chur i bhfeidhm i mBallstát amháin ach é a bheith curtha i láthair ag dhá Stát ar a laghad. Maidir le líonraí comhair agus malartú taithí, caithfidh trí thairbhí a bheith ann as trí réigiún ar a laghad in dhá Bhallstát ar a laghad, agus iad ag comhghníomhú sna ceithre réimse thuasluaite.

Caithfidh an fhaisnéis seo a leanas a bheith sa chlár oibriúcháin:

  • anailís ar na fórsaí agus ar na laigí i raon an chomhair;
  • cruthúnas na dtosaíochtaí a roghnaíodh;
  • faisnéis ar na tosaíochtaí agus ar na sainchuspóirí a bhaineann leo;
  • miondealú na réimsí idirghabhálacha de réir catagóire;
  • plean maoinithe;
  • rialacha don chur i bhfeidhm;
  • liosta táscach na bpríomhthionscadal.

Maidir le maoiniú, braitheann sé ar an áit. Is féidir cómhaoiniú a fháil suas le:

  • 20 % do chomhar trasteorann sna limistéir NUTS III taobh le teorainneacha an Aontais;
  • 20 % do chomhar trasnáisiúnta le haghaidh oibríochtaí a bhfuil comhpháirtithe lasmuigh den limistéar atá i gceist iontu;
  • 10 % do chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta le haghaidh caiteachais in áirithe do oibríochtaí a chur i bhfeidhm i limistéar tíortha nach tíortha de chuid an AE iad, ar chuntar go dtéann siad chun tairbhe do réigiúin an Chomhphobail.

Saintréithe na gcríoch

Tugann ERDF aird áirithe ar shaintréithe na gcríoch. Comhtháthaítear na gníomhaíochtaí a bhaineann le ceantair uirbeacha i gcláir oibriúcháin, agus iad bunaithe ar thaithí an tionscnaimh URBAN. Féachann gníomhaíocht ERDF le fadhbanna eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta na gcathracha a réiteach.

Maidir leis an tuath agus le ceantair i dtaobh leis an iascach, caithfidh ERDF a chuid idirghabhálacha a dhíriú ar an éagsúlú eacnamaíoch, go háirithe:

  • na bonneagair chun an inrochtaineacht a fheabhsú;
  • líonraí agus seirbhísí teileachumarsáide faoin tuath;
  • gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua a fhorbairt;
  • na ceangail idir na cathracha agus an tuath a neartú;
  • turasóireacht a fhorbairt agus an tuath a fhorbairt.

Maidir leis na limistéir faoi mhíbhuntáiste nádúrtha, maoiníonn ERDF infheistíochtaí ar son na hinrochtaineachta, na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an oidhreacht chultúrtha, úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní agus spreagadh earnáil na turasóireachta.

Ar deireadh, cuidíonn ERDF le costais bhreise a mhaoiniú a bhaineann le suíomh geografach na réigiún forimeallach in éineacht le:

  • tacaíocht d’iompar lastais agus do thionscnamh seirbhísí iompair;
  • tacaíocht a bhaineann le sriantacht ar stóráil, le cothabháil uirlisí táirgthe agus le heasnamh caipitil dhaonna i margadh áitiúil an tsaothair.

Forálacha deiridh

Ní chuireann an Rialachán seo isteach ar idirghabhálacha a formheasadh sula dtáinig sé i bhfeidhm. Tá na hiarratais a cuireadh isteach faoin Rialachán 1783/99 bailí go fóill, cé gur aisghaireadh an Rialachán sin ón 1ú Eanáir 2007. Tháinig an Rialachán seo i bhfeidhm ón 1ú Eanáir 2007 agus athbhreithneofar é an 31 Nollaig 2013 an seal is moille.

Tagairtí

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006

1.8.2006

IO L 210 de 31.7.2006

Acht leasaitheach

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 397/2009

10.6.2009

IO L 126 de 21.5.2009

Rialachán (CE) Uimh. 437/2010

18.6.2010

IO L 132 de 29.5.2010

ACHTANNA GAOLMHARA

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Council Regulation (EC) No 1083/2006 of 11 July 2006 laying down general provisions on the European Regional Development Fund, the European Social Fund and the Cohesion Fund and repealing Regulation (EC) No 1260/1999 (Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón Chomhairle an 11 Iúil 2006 a bhfuil forálacha ginearálta ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ar Chiste Sóisialta na hEorpa agus ar an Chiste Comhtháthaithe ann, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999)Féach an leagan comhdhlúite (DE) (EN) (FR).

RÉIGIÚIN AGUS LIMISTÉIR INCHÁILITHE

Commission Decision 2006/769/EC of 31 October 2006 drawing up the list of regions and areas eligible for funding from the European Regional Development Fund under the cross-border and transnational strands of the European territorial cooperation objective for the period 2007 to 2013 [Official Journal L 312 of 11.11.2006] (Cinneadh 2006/769/CE ón Choimisiún an 31 Deireadh Fómhair 2006 lena leagtar amach liosta na réigiún agus na limistéar atá incháilithe ar mhaoiniú ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa maidir leis na gnéithe trasteorann agus trasnáisiúnta den chuspóir “Comhar Críche Eorpach” don tréimhse 2007-2013) Féach an leagan comhdhlúite (DE) (EN) (FR).

Commission Decision 2006/597/EC of 4 August 2006 drawing up the list of regions eligible for funding from the Structural Funds on a transitional and specific basis under the Regional competitiveness and employment objective for the period 2007-2013 [Official Journal L 243 of 6.9.2006] (Cinneadh 2006/597/CE ón Choimisiún an 4 Lúnasa 2006 lena leagtar amach liosta na réigiún atá incháilithe ar mhaoiniú sealadach agus sainiúil ó na Cistí Struchtúrtha maidir leis an chuspóir “Iomaíochas Réigiúnach agus Fostaíocht” don tréimhse 2007-2013)

Commission Decision 2006/595/EC of 4 August 2006 drawing up the list of regions eligible for funding from the Structural Funds under the Convergence objective for the period 2007-2013 [Official Journal L 243 of 6.9.2006] (Cinneadh 2006/595/CE ón Choimisiún an 4 Lúnasa 2006 lena leagtar amach liosta na réigiún atá incháilithe ar mhaoiniú ó na Cistí Struchtúrtha maidir leis an chuspóir “Cóineasú” don tréimhse 2007-2013)Féach an leagan comhdhlúite (DE) (EN) (FR).

LEITHDHÁILEADH TÁSCACH DE RÉIR BALLSTÁIT

Commission Decision 2006/609/EC of 4 August 2006 fixing an indicative allocation by Member State of the commitment appropriations for the European territorial cooperation objective for the period 2007-2013 [Official Journal L 247 of 9.9.2006] (Cinneadh 2006/609/CE ón Choimisiún an 4 Lúnasa 2006 lena leagtar amach leithdháileadh táscach na leithreasaí gealltanais de réir Ballstáit maidir leis an chuspóir “Comhar Críche Eorpach” don tréimhse 2007-2013)Féach an leagan comhdhlúite (DE) (EN) (FR).

Cinneadh 2006/594/CE ón Choimisiún an 4 Lúnasa 2006 lena leagtar amach leithdháileadh táscach na leithreasaí gealltanais de réir Ballstáit maidir leis an chuspóir “Cóineasú” don tréimhse 2007-2013 [Iris Oifigiúil L 243 de 6.9.2006]Arna leasú le:Cinneadh 2010/475/AE [Iris Oifigiúil L 232 de 2.9.2010]

Cinneadh 2006/593/CE ón Choimisiún an 4 Lúnasa 2006 lena leagtar amach leithdháileadh táscach na leithreasaí gealltanais de réir Ballstáit maidir leis an chuspóir “Iomaíochas Réigiúnach agus Fostaíocht” don tréimhse 2007-2013 [Iris Oifigiúil L 243 de 6.9.2006]Arna leasú le:Cinneadh 2010/476/AE [Iris Oifigiúil L 232 de 2.9.2010]

TREOIRLÍNTE STRAITÉISEACHA AN CHOMHPHOBAIL

Cinneadh 2006/702/CE ón Choimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2006 a bhaineann le treoirlínte straitéiseacha an Chomhphobail maidir leis an chomhtháthú [Iris Oifigiúil L 291 de 21.10.2006]. Ghlac an Chomhairle le Dréacht-Treoirlínte Straitéiseacha Comhphobail ar son an chomhtháthaithe, an fháis agus na fostaíochta an 6 Deireadh Fómhair 2006. Is creat táscach iad na Treoirlínte Straitéiseacha seo chun beartas an chomhtháthaithe a chur i bhfeidhm agus d’idirghabháil na gCistí sa tréimhse 2007-2013.

Communication from the Commission - Cohesion Policy in Support of Growth and Jobs - Community Strategic Guidelines, 2007-2013 [COM(2005) 299 – Not published in the Official Journal] (Cumarsáid ón Choimisiún an 5 Iúil 2005 “Beartas Comhtháthaithe mar thaca le fás agus le fostaíocht – Treoirlínte Straitéiseacha Comhphobail 2007-2013” [COM(2005) 299 – Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

TÉARNAMH GEILLEAGRACH

Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions - Cohesion Policy: investing in the real economy [COM(2008) 876 final -Not published in the Official Journal] (Cumarsáid ón Choimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún an 16 Nollaig 2008 dar teideal “Beartas an Chomhtháthaithe: infheistiú san fhíorgheilleagar” [COM(2008) 876 críochnaitheach – Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil]) Is é beartas an chomhtháthaithe príomhfhoinse maoinithe ón Chomhphobal atá ag an fhíorgheilleagar. Cuireann an Coimisiún sraith tosaíochtaí i láthar maidir leis na daoine, leis na fiontair, leis an bhonneagar agus an fhuinneamh agus leis an taighde agus an nuálaíocht, chun cur le téarnamh an gheilleagair Eorpaigh agus leis an dul chun cinn sóisialta. Soláthraíonn sé do mhéadú na n-infheistíochtaí poiblí don tréimhse 2007-2013.

Communication from the Commission to the European Council - A European Economic Recovery Plan [COM(2008) 800 final – Not published in the Official Journal] (Cumarsáid ón Choimisiún don Chomhairle Eorpach – Plean Eorpach faoi choinne an Téarnaimh Gheilleagraigh [COM(2008) 800 críochnaitheach – Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

FUINNEAMH - TITHÍOCHT

Rialachán (CE) Uimh. 397/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa i ndáil le hincháilitheacht infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh inathnuaite san earnáil tithíochta Spreagann plean théarnamh an gheilleagair Eorpaigh na bearta ar son éifeachtúlacht fuinnimh na bhfoirgneamh. Tairgeann an Rialachán seo creat ar infheistíochtaí poiblí sa réimse seo. Caithfear pleananna náisiúnta infheistíochta a fhorbairt go náisiúnta nó go réigiúnach nó go háitiúil, de réir mar is fóirsteanaí. Mar gheall ar na maoinithe ó bheartas an chomhtháthaithe beidh tacaíocht ann do na bearta a dhéanann na teaghlaigh is boichte.

Mar sin, maidir leis an chaiteachas ar thithíocht ag baint leis an éifeachtúlacht fuinnimh agus leis an fhuinneamh inathnuaite, leatar ranníocaíocht ERDF go dtí na Ballstáit uilig. Níl an caiteachas eile a bhaineann le tithíocht le fáil ach ag na Stáit a d’aontaigh tar éis an 1 ú Bealtaine 2004. Dá réir sin, leasaítear Airteagal 7 den Rialachán 1080/2006, a rialaíonn incháilitheacht an chaiteachais seo.

Nuashonrú is déanaí: 17.09.2010

Top