EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ainmhithe agus táirgí dobharshaothraithe – rialacha sláinte

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2006/88/CE - ceanglais sláinte le haghaidh ainmhithe agus táirgí dobharshaothraithe

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach inti:

  • ceanglais sláinte ainmhithe maidir le díol, iompórtáil, nó iompar ainmhithe dobharshaothraithe (éisc agus sliogéisc shaothraithe);
  • bearta íosta chun feasacht ghinearálta a mhéadú agus chun galar a chosc;
  • bearta íosta i gcás ráige amhrasta nó bunaithe de ghalar.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir le héisc nó le sliogéisc chun críocha ornáideachais, a ghabhtar san fhiántas nó chun iad a phróiseáil go min éisc, beatha éisc, ola nó táirgí comhchosúla.

Údarú

Ní mór d’údaráis náisiúnta na dtíortha AE a chinntiú go bhfuil gach feirm éisc údaraithe.

Leis an údarú a fháil, ní mór d’fheirmeacha éisc na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • taifid a choinneáil ar na héisc agus ar na sliogéisc ar fad a thugtar chuig an áitreabh agus a chuirtear amach astú;
  • caighdeáin arda sláinteachais a léiriú;
  • scéim faireachais sláinte ainmhithe bunaithe ar riosca a fheidhmiú chun galair agus aon leibhéil mhéadaithe bhásmhaireachta a bhrath.

Ní mór d’údaráis náisiúnta clár feirmeacha éisc údaraithe a choinneáil atá cothrom le dáta agus ar fáil go poiblí.

Galar a chosc

  • Leagtar amach sa reachtaíocht liosta galar agus liosta speiceas atá soghabhálach ina leith.
  • Ní mór bearta chun galair a chosc a bheith i bhfeidhm agus ainmhithe uisceacha á n-iompar.
  • Ní mór d’éisc agus do shliogéisc shaothraithe a bheith sláintiúil. Teastaíonn deimhniú sláinte ainmhithe ina leith nuair a chuirtear ar díol iad.
  • Ní foláir nó go gcomhlíonann éisc agus sliogéisc iompórtáilte ceanglais sláinte ainmhithe AE.
  • Féadfaidh AE cinneadh a dhéanamh na feirmeacha a dtagann siad astu a iniúchadh.

Fógra

  • Is gá d’úinéirí feirmeacha éisc agus do thréidlianna aon mhéadú ar an mbásmhaireacht nó aon amhras i leith galair a thuairisciú láithreach don údarás ábhartha.
  • Ní mór d’údaráis náisiúnta é a chur in iúl do thíortha AE eile agus don Choimisiún Eorpach mar aon leis an Iorua, an Íoslainn, an Eilvéis agus Lichtinstéin, laistigh de 24 uair an chloig tar éis galar a dheimhniú.

Rialú galar

  • Glactar bearta rialaithe má mheastar go bhfuil galar ann, amhail tástálacha saotharlainne a dhéanamh agus an fheirm a chur ar coraintín.
  • Nuair a dheimhnítear galar, déanann na húdaráis na bearta seo a leanas:
    • a dhearbhú go hoifigiúil go bhfuil an fheirm ionfhabhtaithe;
    • limistéar srianta a chur ar bun ina bhfuil criosanna cosanta agus faireachais;
    • cosc a chur ar athstocáil agus ar aistriú na n-iasc agus na sliogiasc.
  • Ní mór do thíortha AE ceanglais shonracha a chomhlíonadh roimh stádas saor ó ghalar a bhaint amach.
  • Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún, in éineacht le hoifigigh náisiúnta, iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh. Féadfaidh na húdaráis náisiúnta bearta níos déine a dhéanamh más mian leo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 14 Nollaig 2006. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 1 Bealtaine 2008.

Déanfar Treoir 2006/88/CE a aisghairm le Rialachán (AE) 2016/429 ón 2 Aibreán 2021.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2006/88/CE ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 maidir le ceanglais sláinte le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe agus táirgí uathu sin, agus maidir le galair áirithe a chosc agus a rialú in ainmhithe uisceacha (IO L 328, 24.11.2006, lgh. 14-56)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha a rinneadh ar Threoir 2006/88/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2008/392/CE ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2008 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2006/88/CE ón gComhairle maidir le leathanach faisnéise ar an Idirlíon chun faisnéis ar ghnólachtaí táirgthe dobharshaothraithe agus ionaid phróiseála údaraithe a chur ar fáil trí mheán leictreonach (IO L 138, 28.5.2008, lgh. 12-20)

Cinneadh 2010/221/AE ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2010 lena bhfaomhtar bearta náisiúnta chun tionchar galar áirithe a theorannú in ainmhithe dobharshaothraithe agus in ainmhithe uisceacha fiáine i gcomhréir le hAirteagal 43 de Threoir 2006/88/CE ón gComhairle (IO L 98, 20.4.2010, lgh. 7-11).

Féach leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 04.05.2020

Top