EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sómatatróipin bhuaibheach — rialacha AE i dtaca le margaíocht agus úsáid

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 1999/879/CE ón gComhairle — sómatatróipin bhuaibheach (BST) a chur ar an margadh agus a thabhairt

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

  • Féachtar leis le rialú a dhéanamh ar an margaíocht agus ar an úsáid a bhaintear as sómatatróipin bhuaibheach, hormón fáis buaibheach a úsáidtear chun feabhas a chur ar thairgeadh bainne, laistigh den Aontas Eorpach (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Leis an gcinneadh cuirtear cosc ar shómatatróipin bhuaibheach a chur ar mhargadh AE chun críche a margaíochta agus a húsáide sa chóireáil ar bha déiríochta ar dhóigh ar bith.
  • Leantar de tháirgeadh nó allmhairiú sómatatróipine buaibhí i dtíortha AE, chun críocha a honnmhairithe chuig tíortha nach tíortha AE iad, a bheith údaraithe.
  • Ina theannta sin, tá sé de cheangal ar ghnóthais a tháirgeann sómatatróipin nó atá údaraithe chun í a mhargú cláir a choinneáil ina sonraítear, in ord croineolaíoch, na méideanna a táirgeadh nó a fuarthas agus na méideanna a díoladh nó a úsáideadh chun críocha seachas iad a chur ar an margadh, chomh maith le hainmneacha na ndaoine ar díoladh na méideanna sin leo nó ar ceannaíodh na méideanna sin uathu.

CÚLRA

  • I gcomhréir le Treoir 2001/82/CE, níl substaint ar bith, seachas iad siúd a thugtar chun críocha teiripeacha nó próifiolacsacha, le tabhairt d’ainmhí ach amháin má tá sé léirithe le staidéir eolaíocha ar leas ainmhithe nó le taithí bhunaithe nach ndéanann sé dochar do shláinte nó do leas an ainmhí.
  • Ní tháirgtear sómatatróipin ach chun feabhas a chur ar tháirgeadh bainne, agus dhearbhaigh Coiste Eolaíoch an Aontais Eorpaigh um Shláinte agus um Leas na nAinmhithe (ar tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia, a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ina ionad) i Márta 1999 gur mhéadaigh an hormón an riosca ionfhabhtuithe agus go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh d’atáirgeadh agus a bheith ina chúis le frithghníomhuithe tromchúiseacha in eallaí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 1999/879/CE ón gComhairle an 17 Nollaig 1999 i dtaca le sómatatróipin bhuaibheach (BST) a chur ar an margadh agus a thabhairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh 90/218/CEE (IO L 331, 23.12.1999, lgh. 71-72)

Nuashonraithe 11.08.2016

Top