EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Seiceálacha cearta ar bhia agus ar bhia ainmhithe a áirithiú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuiltear ag comhlíonadh dlí beatha agus bia agus rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tá sé mar aidhm leis an rialachán a áirithiú go gcloífear le hardchaighdeáin maidir le bia don duine agus bia ainmhithe san Aontas Eorpach (AE). Déantar rialuithe oifigiúla lena sheiceáil go bhfuil na píosaí éagsúla reachtaíochta á gcur chun feidhme go hiomlán.

Leis an rialachán líontar isteach bearnaí atá sa reachtaíocht reatha trí rialuithe oifigiúla a atheagrú ionas go ndéanfar iad sin a chomhtháthú ag gach céim den táirgeadh agus i ngach earnáil. Leagtar amach na freagrachtaí atá ar chigirí náisiúnta agus ar chigirí AE araon. Tá sé mar aidhm leis rioscaí do dhaoine agus d’ainmhithe a chosc, a dhíothú nó a laghdú go dtí leibhéil inghlactha, cleachtais chóra a ráthú i dtrádáil bia agus beatha, agus an pobal a chosaint.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór d’údaráis náisiúnta rialuithe oifigiúla a dhéanamh, go rialta agus gan choinne, bunaithe ar aon rioscaí aitheanta, ar thaifead comhlíontachta úinéir gnó roimhe seo agus ar aon fhaisnéis ina bhféadfadh neamhchomhlíonadh a thabhairt le fios.
  • Is féidir rialuithe a dhéanamh ag aon chéim den táirgeadh, próiseáil nó dáileachán.
  • Ní mór do gach rialtas AE údarás náisiúnta a cheapadh a bheidh freagrach as éifeachtacht agus as neamhspleáchas na rialuithe.
  • Ní mór do rialtais a áirithiú go bhfuil dóthain maoiniúcháin ar fáil chun an fhoireann riachtanach a sholáthar mar aon le hacmhainní eile a bheidh de dhíth.
  • Ní mór pleananna náisiúnta teagmhasacha a bheith i bhfeidhm agus i mbun feidhme i gcás ina dtarlaíonn éigeandáil agus go bhfaightear amach go bhfuil an bia nó an bheatha ina bhagairt thromchúiseach do dhaoine nó d’ainmhithe.
  • Tá sonraí ginearálta i bpleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla maidir le struchtúr agus eagrú na gcóras rialaithe atá i bhfeidhm. Tugtar tuairisc maidir leo sin don Choimisiún gach bliain.
  • Ba cheart go mbeadh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir leis na rialuithe a dhéantar, seachas iad sin atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil, cosúil le hábhar rúnda agus sonraí pearsanta.
  • Tá saotharlanna sonracha ainmnithe chun anailís a dhéanamh ar na samplaí a ghlactar le linn na rialuithe sin.
  • Bíonn feidhm le rialuithe freisin i gcás allmhairithe bia agus beatha isteach in AE.
  • Déanann an Coimisiún Eorpach iniúchtaí ginearálta agus sonracha i dtíortha AE d’fhonn a dheimhniú go bhfuil na pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla á gcur i bhfeidhm.
  • Déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 le haghaidh cistí ó bhuiséad AE chun cabhrú le costais arna dtabhú ag údaráis náisiúnta, tíortha neamh-AE agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a chumhdach. Is ionann €1.891.936.000 agus an tsuim le haghaidh 2014-2020.

Aisghairm

Aisghairfear an Rialachán le Rialachán (AE) 2017/625 (féach an achoimre rialacha AE maidir leis an slabhra agraibhia a fhorfheidhmiú) agus cuirfear an rialachán sin ina ionad ón 14 Nollaig 2019 i leith.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 20 Bealtaine 2004.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuiltear ag comhlíonadh dlí beatha agus bia agus rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe (IO L 165, 30.4.2004, lgh. 1-141). Téacs arna athfhoilsiú mar cheartúchán (IO L 191, 28.5.2004, lgh. 1-52)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 19.06.2015

Top