EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An galar crúb agus béil a chomhrac

ACHOIMRE AR:

Treoir 2003/85/CE ón gComhairle maidir le bearta AE chun galar crúb agus béil a rialú

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

  • Leagtar amach inti íos-rialuithe is ceart a chur i bhfeidhm má tharlaíonn ráig den ghalar crúb agus béil (GCB).
  • Áirítear inti bearta coisctheacha chun feasacht agus ullmhacht a spreagadh i measc na n-údarás ábhartha agus an phobail feirmeoireachta. Féadfaidh tíortha AE gníomh níos déine a dhéanamh más mian leo.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Galar infhógartha is ea an galar crúb agus béil. Ní mór d’úinéirí nó láimhseálaithe ainmhithe agus tréidlianna ráig ar bith a thuairisciú.
  • Nuair a dhéantar cás amhrasta a fhógairt, ní mór do na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a chinntiú:
    • go gcuirtear an fheirm faoi fhaireachas;
    • go ndéantar áireamh de na hainmhithe agus de na táirgí ainmhithe ar fad atá ann;
    • nach féidir le hainmhithe nó daoine ar bith teacht isteach ar an áitreabh nó é a fhágáil;
    • go ndéantar bealaí isteach agus bealaí amach foirgneamh a dhíghalrú;
    • féadfar crios rialaithe sealadach a bhunú, lena gcuirtear cosc ar ghluaiseacht ainmhithe thar limistéar níos leithne;
    • féadfar clár um scriosadh coisctheach, lena mbaineann ciondíothú ainmhithe, a thabhairt isteach.
  • Nuair a dhearbhaítear ráig, ní mór do na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a chinntiú:
    • go maraítear gach ainmhí ionfhabhtaithe láithreach;
    • go gcuirtear nó go ndóitear na conablaigh go léir;
    • go ndéantar gach foirgneamh agus gach feithicil a úsáidtear do na hainmhithe a dhíghalrú, agus, más gá, láithreacha daoine agus oifigí chomh maith;
    • go ndéantar gach táirge a rianú agus a chóireáil, i gcás go bhféadfadh sé gur fhág siad feirm sular tugadh bearta rialaithe isteach;
    • go ndéantar bearta chun cosaint a chur ar fáil ón ngalar d’ainmhithe i saotharlanna, zúnna agus páirceanna fiadhúlra sa chóngaracht;
    • go ndéantar gach ainmhí i seamlais, ag poist cigireachta ar na teorainneacha nó cineál ar bith iompair a mharú láithreach má dhearbhaítear cás;
    • go mbunaítear criosanna cosanta agus faireachais: ní mór ga 3 km ar a laghad a bheith ar an gcéad cheann, agus ga 10 km ar a laghad a bheith ar an dara ceann;
    • go bhfuil bearta speisialta i bhfeidhm sna criosanna sin: go bhfuil cosc ar dhíol táirgí de bhunadh ainmhíoch laistigh de na paraiméadair, mar shampla.
  • Is féidir srianta a chuirtear i bhfeidhm i gcriosanna cosanta a thógáil 15 lá ón ainmhí ionfhabhtaithe deireanach a mharú agus a dhiúscairt. Is é 30 lá an teorainn ama le haghaidh criosanna faireachais.
  • Baineann rialacha speisialta le húsáid, monaraíocht agus díol vacsaíní don ghalar crúb is béil.
  • Déanann na húdaráis náisiúnta dian-rialú ar shaotharlanna ina láimhseáiltear víreas beo GCB. Ainmníonn siad lárionad rialaithe náisiúnta/lárnach amháin.
  • Dréachtaíonn na húdaráis náisiúnta pleananna teagmhasacha a chuirfear i bhfeidhm má tharlaíonn ráig. Féadfadh siad cleachtaí rabhaidh fíor-ama a dhéanamh chomh maith.

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2003/85/CE ón gComhairle le Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021 i leith.

CÚLRA

Tá an galar crúb agus béil an-tógálach. Tarlaíonn sé in ainmhithe clóis agus in ainmhithe crúbscoilte fiáin, amhail ba, ach d’fhéadfadh sé tarlú i speicis áirithe eile chomh maith (e.g. buabhaill agus bíosúin).

Bhuail an eipidéim is déanaí — sa Ríocht Aontaithe (1) in 2001 — os cionn 2 000 feirm. Bhí sí ina cúis le cruatan suntasach i bpobail tuaithe agus le buairt fhorleathan i measc an phobail faoi shábháilteacht mhairteola.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tháinig sí i bhfeidhm an 22 Samhain 2003. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 30 Meitheamh 2004.

CÚLRA

An galar crúb agus béil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMH

Treoir 2003/85/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 maidir le bearta Comhphobail chun galar crúb agus béil a rialú lena n-aisghairtear Treoir 85/511/CEE agus Cinneadh 89/531/CEE agus Cinneadh 91/665/CEE agus lena leasaítear Treoir 92/46/CEE (IO L 306, 22.11.2003, lgh. 1-87)

Rinneadh na leasuithe leanúnacha ar Threoir 2003/85/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 2007/18/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 2006 lena bhformheastar pleananna teagmhasacha chun galar crúb agus béil a rialú de bhun Threoir 2003/85/CE ón gComhairle (IO L 7, 12.1.2007, lgh. 36-37)

Cinneadh 91/666/CEE ón gComhairle an 11 Nollaig 1991 lena mbunaítear cúlchistí Comhphobail de vacsaíní in aghaidh galair crúb is béil (IO L 368, 31.12.1991, lgh. 21-25) Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2001/75/CE ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2001 le haghaidh tástáil sábháilteachta agus cumhachta vacsaíní an ghalair crúb agus béil agus vacsaíní an ghalair ghormtheanga (IO L 26, 27.1.2001, lgh. 38-39)

Cinneadh 2009/486/CE ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2009 maidir le hantaiginí víreas an ghalair crúb agus béil a cheannach (IO L 160, 23.6.2009, lgh. 27-28)

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1-208)

Nuashonraithe 24.05.2016



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top