EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Leas ainmhithe — sicíní a choimeádtar chun críocha táirgeadh feola a chosaint

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2007/43/CE — rialacha íosta chun sicíní a choimeádtar chun críocha tairgeadh feola a chosaint

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Is é is aidhm léi rialacha a thabhairt isteach i leith feabhsuithe ar leas ainmhithe i ngabháltais san Aontas Eorpach (AE) ina gcoimeádtar sicíní chun críocha táirgeadh feola.
  • Ceaptar na rialacha sin chun saobhadh iomaíochta san earnáil a sheachaint.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Tá feidhm ag an treoir maidir le sicíní a choimeádtar chun críocha táirgeadh feola (sicíní grísce), agus stoc a thógáil ar ghabháltais ina bhfuil stoc pórúcháin agus stoc tógála araon.
  • Níl feidhm aige maidir le:
    • gabháltais a bhfuil níos lú ná 500 sicín iontu;
    • gabháltais nach bhfuil iontu ach stoic phórúcháin sicíní;
    • gorlanna*;
    • sicíní fairsinge faoi dhíon agus saor-raoin; agus
    • sicíní a thógtar ar bhealach orgánach.

Rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gach gabháltas

  • Ní mór do thithe éanlaithe ina gcoimeádtar sicíní rochtain leordhóthanach a thabhairt do gach sicín ar:
    • uisce óil;
    • beathú; agus
    • eascair thirim agus bhruscach.
  • Ní mór d’fhoirgnimh soilsiú leordhóthanach le linn na tréimhse soilsithe agus aerú leordhóthanach a bheith iontu.
  • Ní mór cigireacht a dhéanamh ar na sicíní uile a choimeádfar ar na gabháltais dhá uair sa lá ar a laghad.
  • Ní mór cóir leighis a chur ar shicíní atá gortaithe go holc nó in easláinte nó iad a chuileáil láithreach.
  • Cuirtear cosc go ginearálta ar ghnáthaimh mháinliachta a dhéantar chun críocha ar bith seachas cóir leighis. Ní cheadaítear bearradh gob ná coilleadh ach amháin i gcásanna áirithe.
  • Ní mór don úinéir nó don fheighlí taifid a choinneáil maidir le gach teach éanlaithe ar a ngabháltas:
    • líon na sicíní a tugadh isteach agus a bheidh fágtha i ndiaidh na sicíní a bhaint lena ndíol nó lena marú;
    • an láthair inúsáidte;
    • pór nó cineál hibride na sicíní; agus
    • an ráta mortlaíochta.

Dlús stocála*

  • Ní mór do Bhallstáit AE a áirithiú nach mbeidh an dlús uasta stocála i ngabháltas nó i dteach éanlaithe ar ghabháltas níos mó ná 33 kg/m2 ag tráth ar bith.
  • Tá dlús stocála níos airde ná 39 kg/m2 ar a mhéad ceadaithe má chomhlíonann an t úinéir nó an feighlí leis na ceanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn II den treoir (paraiméadair an chomhshaoil). Ní mór don úinéir nó don fheighlí an doiciméadúchán sonrach a sholáthar do na húdaráis inniúla ina mbeidh sonraí teicniúla maidir leis an ngabháltas agus a threalamh.
  • Ní mór do na gabháltais ardluais sin a bheith feistithe le córais aeraithe, téimh agus fuaraithe chun an teocht, an tais agus an tiúchan CO2 agus NH3 cuí a choinneáil.
  • I gcúinsí eisceachtúla, arna sainiú in Iarscríbhinn V, is féidir an dlús stocála a ardú go 42 kg/m2 ar a mhéad.

Oiliúint

  • Ní mór do dhaoine a thugann aire do shicíní deimhniú a bheith acu ina ndearbhaítear go bhfuil cúrsa oiliúna faofa déanta acu nó go bhfuil taithí acu atá coibhéiseach le hoiliúint dá leithéid. Ní mór na gnéithe leasa seo a leanas a bheith cumhdaithe faoi chúrsaí oiliúna:
    • na ceanglais maidir le dlúis stocála do ghabháltais;
    • fiseolaíocht ainmhithe;
    • sicíní a láimhseáil agus cúram éigeandála a riar; agus
    • bithshlándáil choisctheach.
  • Ní mór do na Ballstáit forbairt agus dáileadh treoracha ar dhea-chleachtas bainistíochta a spreagadh.

Cigireachtaí

Ní mór d’údaráis náisiúnta cigireachtaí rialta a dhéanamh ar ghabháltais chun a gcomhlíonadh maidir leis an treoir a chinntiú. Ní mór dóibh tuarascáil a thabhairt don Choimisiún Eorpach gach bliain maidir leis na cigireachtaí a rinneadh agus liosta de na gníomhaíochtaí a rinneadh chun dul i ngleic le fadhbanna leasa ar bith a braitheadh.

Monatóireacht agus gníomhaíocht leantach ag seamlais

Trí mhonatóireacht a dhéanamh ag seamlais áirithítear go ndéanfar taifead ar líon na sicíní grísce a bhíonn marbh ar theacht isteach dóibh. Féadfar comharthaí drochdhálaí leasa a shainaithint le linn cigireachtaí iarbháis. Má nochtar comharthaí dá leithéid, ní mór don ghabháltas agus do na húdaráis inniúla na bearta cuí a dhéanamh.

Tuarascálacha

  • Le blianta beaga anuas, rinneadh raon leathan tréithe meitibileacha agus iompraíochta i sicíní grísce a mhodhnú trí roghnú géiniteach, as a dtagann ceisteanna éagsúla leasa. Áirítear orthu sin fadhbanna coise a chuireann isteach ar ghluaiseacht, siondróm bás tobann agus galair chraicne, amhail deirmitíteas teagmhála. In 2016, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil ina bhféachadh ar thionchar na bparaiméadar géiniteach ar easnaimh a sainaithníodh a mbíonn drochleas sicíní mar thoradh orthu. Baineadh de thátal aisti:
    • tá póraitheoirí ag cur tréithe a bhaineann le sláinte agus leas sicíní san áireamh ina gclár roghnúcháin de réir a chéile; agus
    • déantar foráil sa reachtaíocht reatha i leith córas monatóireachta do tháscairí leasa ainmhithe i ndálaí tráchtála a d’fhéadfaí a úsáid tuilleadh i gcomhthéacs roghnúcháin ghéinitigh.
  • In 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm Threoir 2007/43/CE agus ar a thionchar ar leas sicíní a choimeádtar le haghaidh táirgeadh feola, chomh maith le táscairí leasa a fhorbairt.

Buanchoiste

Cuidíonn an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha leis an gCoimisiún an treoir seo a chur chun feidhme.

Leasú

Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialacha AE don slabhra agraibhia a fhorfheidhmiú (féach achoimre) lena tugadh isteach mionleasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2005. Leis an rialachán leasaitheach tugtar isteach rialuithe oifigiúla sna deighleoga éagsúla go léir den tslabhra soláthair (lena n áirítear leas ainmhithe) faoin mbrat dlíthiúil céanna. Déantar foráil ann chomh maith i leith lárionaid tagartha AE do leas ainmhithe a chur ar bun. Déanfaidh na lárionaid sin staidéar eolaíochta agus teicneolaíochta, seolfaidh siad cúrsaí oiliúna, cuirfidh siad torthaí taighde ar fáil agus cuirfidh siad comhairle eolaíoch agus theicniúil ar fáil do na Ballstáit. Le gníomh cur chun feidhme, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1685 ón gCoimisiún, ainmníodh ionad tagartha AE d’éanlaith chlóis agus d’ainmhithe feirme beaga eile.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 1 Lúnasa 2007 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2010.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Gorlanna. Foirgneamh ina ngortar uibheacha éanlaithe clóis, faoi dhálaí saorga ag baint úsáid as goradáin go minic.
Dlús stocála. Beomheáchan iomlán na sicíní i dteach ag an am céanna in aghaidh mhéadar cearnach na láithreach inúsáidte.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2007/43/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 lena leagtar síos rialacha íosta chun sicíní a choimeádtar chun críocha táirgeadh feola a chosaint (IO L 182, 12.7.2007, lgh. 19-28).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2007/43/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/1685 ón gCoimisiún an 4 Deireadh Fómhair 2019 lena n ainmnítear Lárionad an Aontais Eorpaigh le haghaidh Leas Ainmhithe d’éanlaith chlóis agus d’ainmhithe feirme beaga eile (IO L 258, 9.10.2019, lgh. 11-12).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2007/43/CE agus a tionchar ar leas sicíní a choimeádtar le haghaidh táirgeadh feola, chomh maith le táscairí leasa a fhorbairt (COM(2018) 181 final, 13.4.2018).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le tionchar an roghnúcháin ghéinitigh ar leas sicíní a choimeádtar chun críocha táirgeadh feola (COM(2016) 182 final, 7.4.2016).

Nuashonraithe 09.11.2021

Top