EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sláinteachas bia ainmhithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 — maidir le ceanglais a leagan síos i ndáil le sláinteachas bia ainmhithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Is é an príomhchuspóir leis ardleibhéal cosanta do bheatha an duine chomh maith le cosaint sláinte ainmhithe agus an chomhshaoil a áirithiú.
  • Cinntítear leis an rialachán seo go ndeimhnítear sábháilteacht beatha ag gach céim a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar shábháilteacht bia agus beatha, lena n–áirítear táirgeadh príomhúil*.
  • Tugtar isteach córas dliteanais agus ceanglas leis lena chinntiú go bhfuil beatha ainmhithe sábháilte agus ar ardchaighdeán trína inrianaitheacht ar fud an tslabhra beatha ainmhithe iomláin a áirithiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an rialachán maidir le gníomhaíochtaí oibreoirí gnóthas beatha, ó tháirgeadh príomhúil beatha ainmhithe suas go dtí é a chur ar an margadh agus é sin san áireamh, chomh maith le beatha bia-ainmhithe agus na hallmhairí agus na honnmhairí ó bheatha chuig tíortha neamh-AE agus uathu.

Eisiaimh

Níl an méid seo a leanas sa raon feidhme:

  • táirgeadh príobháideach baile beatha do bhia-ainmhithe a choinnítear le haghaidh tomhaltas príobháideach baile agus d’ainmhithe nach gcoinnítear le haghaidh táirgeadh bia;
  • beathú bia-ainmhithe a choinnítear le haghaidh tomhaltas príobháideach baile;
  • méideanna beaga táirgí príomhúla a sholáthraíonn an táirgeoir go díreach don tomhaltóir deiridh nó do bhunaíochtaí miondíola áitiúla a sholáthraíonn go díreach don tomhaltóir deiridh;
  • beathú ainmhithe nach gcoinnítear le haghaidh táirgeadh bia;
  • méideanna beaga táirgthe phríomhúil bia a sholáthraíonn an táirgeoir go díreach ar an leibhéal áitiúil d’fheirmeacha beaga lena n–úsáid ar na feirmeacha sin;
  • miondíol bia do pheataí.

Príomhghnéithe:

  • Clárú éigeantach gach oibreora gnóthais bheatha ag an údarás inniúil.
  • Faomhadh bunaíochtaí gnóthais bheatha a dhéanann oibríochtaí a bhaineann le substaintí níos íogaire, amhail breiseáin bheatha, réamh-mheascáin* agus ábhair bheatha chumaisc*.
  • Ceanglais éigeantacha a thabhairt isteach maidir le táirgeadh beatha ar leibhéal na feirme.
  • Ceanglais aonfhoirmeacha sláinteachais a chomhlíonfaidh gach gnóthas beatha.
  • Dea-chleachtas sláinteachais a chuirfear i bhfeidhm ar gach leibhéal den táirgeadh talmhaíochta agus in úsáid beatha.
  • Na prionsabail um Anailís Ghuaise agus Phointe Rialúcháin Criticiúil (HACCP)* a thabhairt isteach do na hoibreoirí gnóthais bheatha seachas ar leibhéal an táirgthe talmhaíochta.
  • Forbairt treoracha AE agus náisiúnta maidir le dea-chleachtas sa táirgeadh beatha a spreagadh.

Gnóthais bheatha atá freagrach as táirgeadh príomhúil beatha

Ní mór do na gnóthais sin guaiseacha sábháilteachta beatha a chosc, a dhíothú nó a laghdú le linn tháirgeadh, ullmhú, ghlanadh, phacáistiú, stóráil agus iompar na dtáirgí sin (Iarscríbhinn I). Ní mór dóibh taifid a choinneáil a bhaineann le bearta a cuireadh i bhfeidhm chun guaiseacha éillithe a rialú.

Oibreoirí gnóthais bheatha eile

  • Ní mór do na hoibreoirí sin bearta a ghlacadh chun sábháilteacht na dtáirgí a dhéanann, a iompraíonn nó a úsáideann siad a rathú. Tá na bearta sin sonraithe in Iarscríbhinn II agus baineann siad go príomha le:

    • saoráidí agus trealamh;
    • oiliúint ar bhaill foirne;
    • eagrú agus monatóireacht ag gach céim den táirgeadh;
    • na doiciméid atá le coinneáil ag gach oibreoir.
  • Ní mór dóibh chomh maith prionsabail HACCP a chur i bhfeidhm agus doiciméid a choinneáil ina léirítear go n–urramaíonn siad iad.
  • Ní mór do ghnóthais:

    • bearta ceartaitheacha a dhéanamh nuair a léirítear trí mhonatóireacht nach bhfuil pointe rialacháin criticiúil (féach prionsabail HACCP) faoi smacht;
    • nósanna imeachta inmheánacha a chur i bhfeidhm chun a sheiceáil go bhfuil na bearta a glacadh ag oibriú go héifeachtúil;
    • taifid a choinneáil lena léiriú gur chuir siad na bearta sin i bhfeidhm.

Clárú agus formheas

  • Ní mór do ghnóthais bheatha (lena n–áirítear na cinn atá freagrach as táirgeadh príomhúil beatha) clárú le húdarás inniúil a dtíre faoi seach. Ní mór dóibh faisnéis cothrom le dáta a sholáthar agus a aontú go gcomhoibreoidh siad i gcás rialuithe.
  • I gcás go ceanglaítear le reachtaíocht náisiúnta nó AE é, cinnteoidh oibreoirí gnóthas beatha go mbeidh bunaíochtaí faoina rialú faofa ag an údarás inniúil agus ní fhéadfaidh siad oibriú gan fhormheas. Ní mór do gach tír AE liosta de bhunaíochtaí formheasta a choinneáil. I gcás nach gcomhlíonann bunaíocht na ceanglais lena rialaítear a gníomhaíochtaí a thuilleadh, féadfar an formheas a chur ar fionraí nó a aisghairm ar bhonn sealadach.

Treoracha um dhea-chleachtais

Eisíonn an Coimisiún agus tíortha AE treoracha um dhea-chleachtais san earnáil beatha agus maidir le cur i bhfeidhm prionsabal HACCP. Ní mór iad sin a fhorbairt i gcomhréir leis na prionsabail in Codex Alimentarius agus i gcomhar leis na páirtithe leasmhara go léir. I gcás go n–ullmhaítear treoracha caighdeánacha AE, áirithíonn an Buanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha (ar a dtugtar PAFF chomh maith) go bhfuil ábhar na dtreoracha sin praiticiúil.

Leasuithe

Rinneadh Iarscríbhinn II an rialacháin a leasú faoi dhó (le Rialachán (AE) Uimh. 225/2012 agus Rialachán (AE) 2015/1905) maidir le formheas gnóthas a dhéanann táirgí ó olaí plandúla agus ó shaillte cumaisc agus maidir leis na ceanglais sonracha i ndáil le táirgeadh, stóráil, iompar agus tástáil dé-ocsaine.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2006.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉAMAÍ

Táirgeadh príomhúil: táirgeadh táirgí talmhaíochta, lena n–áirítear fás, buaint, bleán, ainmhithe a thógáil (sula maraítear iad) nó iascaireacht a mbíonn táirgí nach ndéantar oibríocht ar bith eile orthu i ndiaidh a mbuainte, a mbailithe nó a ngabhála seachas ó chóireáil shimplí fhisiciúil mar thoradh go heisiach air.
Réamh-mheascáin: meascáin de bhreiseáin bheatha nó meascáin de bhreiseán bheatha amháin nó níos mó le hábhair bheatha nó uisce a úsáidtear mar iompróirí, nach bhfuil beartaithe chun ainmhithe a bheathú go díreach.
Ábhair bheatha chumaisc: substaintí orgánacha nó neamhorgánacha i meascáin, cé acu a bhfuil breiseáin iontu nó nach bhfuil, le haghaidh ainmhithe a bheathú de bhéal i bhfoirm ábhar beatha iomlán nó ábhar beatha comhlántach.
Prionsabail HACCP: leagtar síos ansin na ceanglais a gcaithfear freastal orthu le linn táirgthe, próiseála agus dáilte d’fhonn sainaithint a dhéanamh, trí anailís ar ghuais, ar phointí criticiúla ar gá iad a choimeád faoi rialú chun sábháilteacht bia a rathú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos ceanglais i dtaca le sláinteachas bia ainmhithe (IO L 35, 8.2.2005, lgh. 1-22)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le forálacha dlíthiúla, córais agus cleachtais reatha sna Ballstáit agus ar leibhéal an Chomhphobail a bhaineann le dliteanas san earnáil bia agus san earnáil beatha agus maidir le córais indéanta le haghaidh ráthaíochtaí airgeadais san earnáil beatha ar leibhéal an Chomhphobail agus i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos ceanglais i ndáil le sláinteachas bia ainmhithe (COM(2007) 469 críochnaitheach, 14.8.2007).

Nuashonraithe 07.09.2017

Top